Idirlion Cholm Cille

Tá trí chúis cheiliúrtha ag Iomairt Cholm Cille an tseachtain seo

Tá trí chúis cheiliúrtha ag Iomairt Cholm Cille an tseachtain seo. Tá siad ag ceiliúradh cúig bliana ar an saol; sheol an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív suíomh nua Idirlín dá gcuid - www.colmcille.net - inné agus bronnadh cóip de Leabhar Mòr na Gàidhlig air.

Rinne an Iomairt maoiniú ar an leabhar, duanaire ealaíne comhaimseartha a bhfuil saothar 200 file, dearcealaíontóir agus peannadóir ann. Is le deireanas in Albain a seoladh é.

Bunaíodh an t-eagras féin leis na nascanna teanga, ceoil agus cultúir idir Éirinn agus Albain a athnuachan agus a neartú. Tá 150 tionscal maoinithe acu.

Dúirt príomhfheidhmeannach nuacheaptha an eagrais, Diarmaid Breathnach: "Cuireann an cultúr beo bríomhar Gaelach go mór le hilghnéitheacht chultúr na hAlban agus na hÉireann thuaidh agus theas. Tá níos mó cosúlachtaí ná difríochtaí eadrainn agus tá ár gcultúr mar chuid lárnach d'oidhreacht chomónta na hEorpa, oidhreacht atá againn uilig."

READ MORE

Dúirt Oifigeach Tionscadal an eagrais, Michelle Ní Chróinín nár "foinse eolais amhaín í an suíomh Idirlín ach ardán díospóireachta ar gach aon ábhar a bhaineann leis an gcultúr Gaelach, cúrsaí teanga agus cúrsaí socheacnamaíochta i bPoblacht/Tuaisceart na hÉireann agus in Albain.

"Is féidir le daoine ó chultúir éagsúla teacht le chéile ar an tsuíomh chun ábhair chomónta imní/spéise a phlé agus comhoibriú le chéile don todhchaí."