Focal parlaiminte

Seolfar Foclóir Parlaiminte, a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge roimh an Nollaig, in Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, …

Seolfar Foclóir Parlaiminte, a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge roimh an Nollaig, in Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, seachtain ón lá amárach ag meán lae.

Ceann Comhairle na Dála, Séamas Patterson, a bheidh i gceannas ar an ócáid agus beidh Máire Ní Chochláin, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán i láthair.

Foclóir é atá dírithe ar ionadaithe tofa an phobail sa dá dhlínse in Éirinn chun cuidiú leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Cé go bhfuil dhá eagrán den fhoclóir ann níl de dhifríocht eatarthu ach an clúdach. Clúdach gorm nó corcra atá ar an eagrán don Tuaisceart. Clúdach glas atá ar an eagrán don stát ó dheas.