Cogadh na giniuna

Beocheist: Nuair a dhúisigh comhfhreagraí Independent na Breataine David McKittrick giorria contúirteach an daonáirimh sa Tuaisceart…

Beocheist: Nuair a dhúisigh comhfhreagraí Independent na Breataine David McKittrick giorria contúirteach an daonáirimh sa Tuaisceart, chuaigh na príomhpháirtithe ó thuaidh ag rith ina dhiaidh mar a bheadh conairt iontu. A Protestant minority in the North does not necessarily mean a majority in favour of unity, writes Seán Ó hÉalaí

Ní dócha, áfach, gur róbhuíoch a bhí maindiríní Oifig Thuaisceart Éireann don tuairisceoir. I ndeireadh na dála, is fearr uaireanta gan rudaí áirithe a lua. Ritheann an eachtra sin as Fawlty Towers liom a raibh an abairt: "In ainm Dé, ná luaigh an cogadh" mar bhunús leis an ngreann inti.

Níor chuir comhfhreagraí an Independent oiread is fiacal bréige ann, áfach. Faoi chinnlíne mhór, dúradh linn go raibh "Protastúnaigh ar tí a dtromlach a chailliúint sa Tuaisceart".

Bhí siad ann a raibh buairt orthu go scanródh a leithéid an pobal Protastúnach nó go spreagfadh sé paraimílitigh dhílseacha chun uafás nua éigin a dhéanamh. Ach ba chóir dúinn bheith buíoch dó as an díospóireacht a spreag sé mar, má tá cnámh uillinne le fáil i gComhaontú Aoine an Chéasta, tá sé le fáil sa ngné seo de.

READ MORE

Bhí McKittrick ag tuairisciú faoi mheastúcháin atá déanta ag eolaithe ar an bpríomhathrú a thiocfaidh as an daonáireamh is déanaí sa Tuaisceart. (Beidh a thorthaí ar fáil roimh dheireadh na bliana.) Bhí difríocht bheag sna figiúirí a bhí acu ach d'aontaigh siad go raibh seans an-mhaith ann go raibh 45 faoin gcéad nó níos mó sroiste ag an bpobal Caitliceach, 50 faoin gcéad nó níos lú ag na Protastúnaigh agus go bhféadfadh 4-5 faoin gcéad bheith ag dreamanna eile.

Ach ba é an fíor-dhrochscéal a bhí le baint ag Protastúnaigh as na figiúirí go raibh tromlach glan de dhaltaí scoile ag na Caitlicigh - 173,000 i gcomparáid le 146,000 ag na Protastúnaigh agus 22,000 ag daoine nach iad.

Ní gá a rá gur aithin daoine áirithe é mar thairngireacht chinnte go raibh athaontú na tíre ar leac an dorais. Labhair ardbhall amháin de chuid Shinn Féin faoin loighic dhoshéanta a bhí ag díriú i dtreo Éireann athaontaithe - agus cé a thógfadh ar Shinn Féin é mar nach bhfuil sé fógartha acu go bhfuil an aidhm sin le baint amach acu anois trén bpolaitíocht seachas trén bhforéigean.

Bhí a n-uachtarán, Gerry Adams, ag labhairt i Meiriceá ag an am faoin ngéarghá a bhí ann le cead na n-aontachtaithe a fháil dá mbeadh athaontú i gceist. Chaithfí an cheist a chur: cá mhéad acu?

B'fhéidir gurb é an tost a tháinig ar na haontachtaithe a thug an freagra. Ní dheachaigh siad ar buille agus diabhal eagla a thaispeáin siad.

Fiú Gregory Campbell ón DUP, ghlac sé leis na figiúirí go réidh socair agus é ag baint sólás éigin as ráta íseal breithe na gCaitliceach faoi láthair.

Ar ndóigh, tá deireadh leis an dearcadh simplí a bhíodh coitianta nár ghá ach céatadán beag de na haontachtaithe a mhealladh i bhfábhar athaontú na tíre agus reifreann a reáchtáil chun an aidhm náisiúnta a bhaint amach.

I bpobalbhreith a d'fhoilsigh an Belfast Telegraph i mí Feabhra na bliana 2000, d'admhaigh 36 faoin gcéad de Phrotastúnaigh gur chreid siad go mbeadh an t-oileán athaontaithe taobh istigh de 20 bliain. Bhí 87 faoin gcéad díobh, áfach, ar son fanacht faoi riail na Breataine.

An figiúr ba spéisiúla sa bpobalbhreith sin, bhain sé le dearcadh na gCaitliceach. Dúirt 48 faoin gcéad díobh gur chóir go mbeadh an Tuaisceart aontaithe leis an gcuid eile den oileán.

Dúirt 16 faoin gcéad díobh gur theastaigh uathu fanacht faoi riail na Breataine agus dúirt 18 faoin gcéad gur mhaith leo go mbunófaí stát neamhspleách.

Cén chiall, meas tú, atá leis an 18 faoin gcéad sin atá ag iarraidh neamhspleáchais? D'fhéadfadh sé nach raibh fonn ar na daoine a ceistíodh freagra díreach ar thaobh amháin nó ar thaobh eile.

B'fhéidir go bhfuil siad idir dhá chomhairle agus gur chomhghéilleadh é an stát neamhspleách seo.

Ach tá léamh amháin ar an rogha seo atá doshéanta - tá amhras éigin orthu faoi athaontú na tíre, níl siad go hiomlán ar a shon.

Agus má chuireann tú an 18 faoin gcéad sin atá amhrasach leis an 16 faoin gcéad atá cinnte in aghaidh athaontaithe, tá beagnach trian den bpobal Caitliceach atá le mealladh fós i dtreo rogha na Poblachta athaontaithe.

Má chuireann tú leis sin an dualgas a bheadh ar an dá rialtas an cheist a chur i reifreann sa deisceart chomh maith agus an toradh a d'fhéadfadh bheith air sin, ní haon iontas é nach raibh na haontachtaithe róbhuartha faoi thairngireacht McKittrick.