Bliain na hainnise

CROBHINGNE: BEANNÓFAR SOIR uainn í, bliain na hainnise

CROBHINGNE:BEANNÓFAR SOIR uainn í, bliain na hainnise. Ach bliain, leis, inar nochtadh don dall féin cumraíocht agus cruth na buile a bhí lastuas dínn ó thús na haoise anall. Ina choinne sin, sairsingítear orainn féachaint romhainn agus sinn ag dul ar aghaidh san dul ar aghaidh nach bhfuil dul as ná dul suas uaidh. Féach tamall ar an taobh geal den scéal.

Tá nós ag na hAmaisigh i Meiriceá Thuaidh a gcuid ógánach a scaoileadh le haer an tsaoil nuair a shroichid timpeall ar 17 mbliana d’aois. Tá an focal breá rumspringa acu air seo arb é an bhrí atá leis, deireann mo chuid spiairí teanga liom, ná a bheith “ag léim timpeall”. Gabhann siad amach ar an drabhlás ar feadh tamaill ag comáint gluaisteán, ag éisteacht le popcheol, ag ól dí níos láidre na bainne na mbó Toisc gur geit chomh mór sin dóibh saol ragairneach agus saol rabairneach na ngnáthdhaoine lasmuigh dá gcomhthalán féin ní hiontas go bhfilleann a bhformhór ar an teallach inar tógadh iad.

Sin mar atáimidne. Tógadh leis an ainnise sinn, agus leis an uafás, agus an bhochtaineacht, agus an beag de mhaith, agus an chaolchuid, agus lom an tsaoil, agus an truachántacht, agus ba gheall le magh meall dúinn an trá fholamh. Níor shásta riamh sinn ná nuair a bhíomar ar an trá fholamh agus in umar na haimiléise. Is ag filleadh ar ár ndúchas atáimid agus is fearrde sinn dá réir. Níor oir an saibhreas ná an mhaoin ná an rachmas riamh dúinn go fiú is dá bhfaighimis Éire air, rud a fuair fara árasáin sa Bhulgáir agus trí shaoire bhliantúla in Florida agus scata deirí seachtaine siopadóireachta in Nua-Eabhrac. Ba dheoranta dúinn an gustal seo agus rath agus speilp an tsaoil. Bhí ár rumspringa againn, agus anois táimid ar ais ar dhroim na duairce seachas a bheith ar muin na muice.

An chuid is táscúla de litríocht na Gaeilge agus na hÉireann baineann sí leis an ainnise chéanna. Riders to the Sea arbh fhearr go mbáifí iad go léir sa chéad chúig nóiméad ionas nár ghá dúinn a thuilleadh den chaointeachán a fhulaingt; Angela’s Ashes ar gátar duit scáth fearthainne a bheith agat á léamh; Caoineadh Airt na hÉireann a bhfuil Caoineadh Airt Uí Laoghaire go mearbhallach ag scoláirí air; Peig a chaith cúpla céad bliain ar an saol seo agus nár bhain taitneamh as oiread is lá amhain díobh; Cré na Cille a bhfuil gach duine marbh ann agus ar samhail é ar shaol fírinneach na tíre; drámaí Mhartin McDonagh nach slán do dhuine iontu muran cláiríneach nó craiplitheach nó mairtíreach nó míthapaíoch éigin é...

READ MORE

Is é an t-aon ní atá i ndán dúinn feasta ná taitneamh a bhaint as an ainnise. Tá na treoirleabhair go léir againn. Úrscéalta Mháire, filíocht Phatrick Kavanagh, bailéid áitiúla gach paróiste, an deoir sa tsúil, an tseamróg sa phróca, tuarascáil an bhinse fiosruithe um rud éigin, plean chúig mbliana an Rialtais, “There’s a house in old Tír Chonaill”, “Is cuimhin liom an ainnise/ is a bheith thíos go deo/ Mo ghreidhn í an bhochtaineacht/ nach leigheasfaidh na leoin!”

Ar chúis éigin ba cheart dúinn a bheith sásta anois. Táimid ar ais ar an talamh slán. Aithnímid poll tí liabáin thíos fúinn agus feicimid sinn féin ann. Chonaiceamar Murchadh agus thugamar póg dó. Sheolamar ar an matalong ach níor oir na figiúir dúinn. Bhaineamar an craiceann den chat, ach ní róbhuíoch a bhí an cat.

Déantar an ainnise a cheiliúradh feasta! In ionad Chomórtas na mBailte Slachtmhara, bíodh Comórtas an Bhaile is Gránna sa Tír – agus smaoinigh ar an iomaíocht! In áit entrepreneur na bliana, bíodh Banc na Bliana is Mó a Loic againn. Agus mar mhalairt ar ghaiscí spóirt a chomóradh déantar gairdeachas leis na daoine nár bhuaigh faic agus nach mbuafaidh pioc go deo déanach: iománaithe Chill Mhantáin, peileadóirí Chaill Chainnigh, foireann rugbaí Acla, snámhaithe mhachaire méith na Mumhan, lucht haca Chathair Saidhbhín – agus ar an teilifís bíodh The ZZZ factor, The Gnats Den, The Apprentass, agus The Painol.

Filltear ar an teilifís dhubh agus bhán, mar is ar éigean gur féidir an ceann dubh amháin a shonrú. Tarraingítear uisce ón tobar, mar is sláintiúla a bheidh ná na buidéil phlaisteacha, gan beann ar na míoltóga ag snámh ina lár.

Bímis sásta lenár gcuid “buanna morálta”, déanaimis gairdeachas leis an leipreachán, bíodh an ceol agus an chraic agus timpeall an driosúir againn, mar ní bheidh mórán eile againn go ceann i bhfad. Athbhliain faoi mhaise!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar