An fear ar ball

Crobhingne: Tháinig sé. Thug roinnt léachtaí uaidh. Cúpla agallamh. Agus d'imigh sé arís

Crobhingne: Tháinig sé. Thug roinnt léachtaí uaidh. Cúpla agallamh. Agus d'imigh sé arís. Níorbh é an méid adúirt sé ba chuid suntais dúinn, ach go raibh sé anseo.

Nár thaibhse amuigh ansin é ag caint ar son anam an duine.

Níorbh é go raibh sé le haon rud nua a rá nach ndúirt sé roimhe seo. Ar nós John Hume tá an chaint shíoraí shingilte inaistrithe amháin aige. Tá an saol chomh tiubh sin anois nach mór an rud is soiléire amuigh a dhingeadh abhaile isteach go n-éirítear bréan bailithe de.

Déarfadh múinteoir maith ar bith leat go gcaithfí an ceacht céanna a theagasc de shíor. Pé ponc atá agat le cur siar sa bhráid ní foláir é a dhéanamh ina thús, ina lár agus ina dheireadh. Agus ina thosach, ina chroí istigh agus i dtóin na hoíche siar i ndeireadh an lae. Agus ar ais arís le bróga móra tairní.

READ MORE

Bhí agus tá agus bíonn ponc an-simplí amháin le cur os ard ag Noam Chomsky. Is iad Stáit Aontaithe Meiriceá an chumhacht is láidre ar domhan. Cumhacht impiriúlach iad ar nós mar a bhí na Rómhánaigh rompu, na Spáinnigh ar a seal, an Bhreatain ar mhí-ábharaí na ndaoine a raibh siad os a gcionn.

Níl ina gcuid bladair faoi chearta daonna ach ceo agus screamh agus bláthanna sa bhfuinneoig. Cuma leo faoi phianpháis agus daoine ar a gcrochadh agus crobhingne á dtarraingt agus bréaglámhach le falla, agus lámhach lándáiríre le falla agus faoi gach cleas a bhaineann focail gan bhrí as daoine nach bhfeadair faoi ábhar ar chuma leo ina thaobh.

Sa neart sin dóibh is féidir leo a rogha rud a dhéanamh agus géillfidh géillseanaigh an tsaoil dóibh. Caithfidh an ceart don neart a stríocadh, agus caithfear an daonnacht gach lae a leonadh. Is é a pheaca marfach ná go n-áiríonn sé gach olc amach go dtí an sonra is faide siar.

Luann sé alt agus uair agus log agus am agus foinse agus tagairt go dtí an chamóg is uaigní amuigh. Dodhéanta nach mór is ea a chuid taighde a lochtú, mar is taighde ar na foinsí poiblí is mó a chleachtann sé. Ní gá spiairí ná scornacha domhaine fada ná lucht braite faoi rún a bheith agat d'fhonn an fhírinne a nochtadh.

Tá fírinne an tsaoil phoiblí le fáil ar fud na meán ach intinn oscailte a bheith agat. Pócaí beaga saoirse, tiocfaidh tú orthu idir na siúntacha. Tá an fhírinne le fáil, leis, ach samhlaíocht a bheith agat. Dá mbeadh saighdiúirí eachtrannacha ag siúl do chuid sráideanna, dod bhualadh ar maidin, dod leadradh um nóin, dod éigniú istoíche, cad ba dhóigh leat a dhéanfá mar fhreagra deas sibhialta réasúnta inphléite orthu?

Dúnphoirt, longphoirt, aerphoirt, amhasphoirt, páisphoirt, tá ag na Poncánaigh phocúla i mbreis agus leathchuid de na stáit neamhspleácha ar fud an domhain. Ní cumadh ná ceapadh ná camadh é seo. Tá áisphort againne dóibh sa tSionainn agus is cuma linn. Bí lándeimhnitheach de, fad is atá seo á léamh agat, go bhfuil duine bocht éigin a chuaigh trí Aerfort na Sionainne á chur ar bior, á thumadh i ndabhach bréantais, á ríogadh le sreanga leictreacha, á fhadú ar raca, á chrochadh ar fháinní iarainn, á chéasadh ar chrois.

Tá Chomsky i bhfad ródheas leis an fhírinne a nochtadh chomh lom sin. Cuid dá bhua is ea nach n-ardaíonn sé a ghlór mar chách. Stíl chiúin bhán mhílítheach a chuireann a chuid buamaí ar an gclár. An t-athrá, agus an t-athlua, agus an athaithris agus an tsíorfhianaise dhobhréagnaithe is ea a lón cogaidh. Ní thagann an reitric idir é féin agus a chuid áitimh. Ligeann sé don fhianaise an scéal a sheoladh, is leor leis go ndamnódh a gcuid focal as a mbéal féin iad.

Ina choinne sin, sa tsaol a mairimid ann, nuair is iad lucht na heite deise is airde glam, is gile airgid, is mó cumhachta, is lú fírinne, is sleamhaine argóna, is mímhacánta áitimh, is slíoctha frása, is gránna fealsúnachta, is baolaí don bheatha, tá géarghá leo siúd ar mian leo scrúdú na fírinne ar son cearta an duine a chur chun cinn, níor mhiste dóibh cuid bheag den arm cogaidh céanna a tharraingt chucu féin.

Ar nós an Híodra, dá mbainfí an cloigeann de Mharcas Steineach, abair, bheadh Krautchasúr éigin le teacht ina áit, agus dá ndíbreofaí an Krautchasúr bheadh Caoimhín Myers eile ag fuireachas lena sheans.

Dá gcuirfí corc in Chomsky ní fios an mbeadh aon duine eile ábalta ar sheasamh ina bhróga isteach go síothóilte compordach?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar