Íobairt fola leanúnach an chogaidh

 

CROBHINGNE:AR AN lá seo cruinn díreach sa bhliain 1918 tháinig deireadh leis an gcéad domhanchogadh. Bhí daoine fós á gcur chun báis suas go dtí buille an tsosa ar uair an haon déag a chlog. Ba ghairid ina dhiaidh sin gur cuireadh tús le nós an phoipín a chaitheamh mar chuimhneamh ar na daoine a maraíodh sa chogadh sin.

Gabh mo leithscéal, níl sin ceart ar fad. Ba ghairid ina dhiaidh sin a tosnaíodh ar nós an phoipín a chaitheamh mar chuimhneamh ar na daoine a maraíodh sa chogadh sin ar son na Breataine Móire, agus an Rí, agus na hImpireachta.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin a tosnaíodh ar an mbláithín fola a úsáid mar shuaitheantas do na daoine go léir a maraíodh sna cogaí go léir sna críocha go léir ar fud an domhain go léir a fuair bás ar son na Breataine, agus an Rí, agus na Banríona, agus na hImpireachta, agus na Sibhialtachta, agus na Críostaíochta agus Ár Slí Bheatha.

Níor chuimsigh sé, áfach, Gustav Klein, buachaill 16 bliana d’aois a ghlac piléar sa droim ag an Somme; ná Kurt Schafer a maraíodh tar éis a ghéillte; ná Heinrich Richter a coinscríobhadh in aghaidh a thola; ná Warner Krause arbh éigean go raibh meabhair linbh aige; ná Ludwig Lehmann, aon mhac baintrí, ná Kaspar Schulze ar an gcéad lá dó sa chath; ná Frieda Klein a bhí ina banaltra ag tindeáil ar a raibh leointe nuair a dhein sliogán í a réabadh ina dhá leath; ná dhá mhilliún éigin eile...

Ná ní chuimsíonn sé Saleh Jalim Almahdi ar gásaíodh é san Iaráic (voil, an Mheaspatáim ag an am) nuair a scaoileadh nimh anuas ón aer ar a shráidbhaile sa bhliain 1920; ná Farrah Faiza a bhí ag súgradh lena deartháir óg lasmuigh dá teach san ionradh céanna; ná Bakr Halabi a bhí ag gabháil do ghníomh “a ceapadh gan a bheith oiriúnach”; ná Kalila Baba a cheap gurbh éan mór álainn ba ea an t-eitleán nuair nár cheap an t-eitleán gur chailín beag neamhurchóideach í féin; ná Fu’ad Bahar a bhí i mbun a chuid gabhar ar an sliabh; ná na mílte eile mar iad...

Ná ní chuimsíonn sé Dedan Kimathi a crochadh sa Chéinia nuair a d’éirigh an Mau-Mau amach in aghaidh an leatroim; ná, Jomo Kihar ach oiread, a crochadh an lá ina dhiaidh sin; ná Joseph Kikuru a crochadh chun ceacht a mhúineadh dóibh; ná Ngumo Odinga a crochadh mar nár fhoghlaim sé an ceacht; ná Wangari Kiriri a fuair bás sa sluachampa géibhinn; ná Nyokabi Njeri a fuair bás den ocras mar go raibh a tuismitheoirí sa sluachampa géibhinn; ná Baba Mukuru mar chuaigh bior aníos amú ina chorp sa sluachampa géibhinn; ná na mílte eile gan áireamh...

Ná ní chuimsíonn sé ach oiread Sandra Li Leen Foo a raibh sé de mhí-ádh uirthi gur ceapadh go raibh cairde Cumannacha aici san Mháláisia i dtús na 1950í den aois seo caite; ná Abdul Haqq Osman a lámhachadh trí bhotún mar bhí sé cosúil le duine eile a raibh amhras air; ná Ah-pei bint Suleiman a bhí ag cosaint a mic; ná Latifa Abdullah a sheas ar mhianach agus í ag dul go dtí an tobar; ná Ghafar Barahi nuair a dódh a scoil go talamh; ná an 24 daoránach i mbaile Batang Kali ar déanadh tósta díobh ar an 12ú Nollaig i mBliain sin ár dTiarna 1948; ná na mílte eile gan lua...

Ná ní chuimsíonn sé Mordechai Braunwald a tháinig slán ó Dachau agus a shíl go bhféadfadh sé saol nua a bhunú dó féin in Iosrael; ná Melina Papas a cheap go bhféadfadh sí a cuid siopadóireachta a dhéanamh in Famagusta sa Chipir; ná Mohamed Kamal ar chuaigh piléar trína ucht agus teach á thógáil aige in Aden; ná Adolfo Gambaro a bhí ina chócaire ar an mBelgrano nuair a cuireadh to tóin poill é sa bhliain 1982; ná Andrés Rojas a d’fhág a phutóga ar Goose Green; ná na mílte eile sna cogaí beaga atá ligthe i ndíchuimhne...

Ná ní chuimsíonn sé Zainab al-Rashib a fuair bás san shockanawe nuair a thit a tigh anuas uirthi in Bagdad; ná Salim Alasadi a bhí ina sheasamh in aice le sprioc dhleathach chéad oíche sin an shockanawe; ná Baha Mousa, doirseoir óstáin, nár tháinig slán sleamhain óna chuid ceistiúcháin in Basra; ná Rukia Hadid a bhí rólag le Fallujah a fhágáil sa bhliain 2004; ná Ahmed Jaber a báthadh in Basra nuair a bhí “ceacht á mhúineadh dó”; ná Hafizullah Najibullah a bhí ag obair ar a tharracóir in Helmand san Afganastáin anuraidh nuair a scaoileadh é; ná Wassef Sayyid a bhí ag rince ar bhainis; ná Nadia Fazel a bhí ina codladh go sámh...

Is ea, is cuí agus is ceart dúinn cuimhneamh ar an íobairt fola.