‘Tosaigh comhrá le strainséir!’

Tá clár nua meantóireachta seolta ag an Endangered Languages Project (ELP)

Foclóir: Mionlaithe – minoritised; meantóireacht – mentoring; athghabháil – recovery; éagsúlacht teangacha - linguistic diversity; teangacha dúchasacha – indigenous languages; buaine – permanence; tuismitheoirí – parents; dúnáras – reticence.

Chun pobal láidir teanga a bhunú agus a bhuanú is gá gréasáin shóisialta a chruthú ina mbeadh labhairt na teanga ina gnáthnós. Ar an mbealach sin d’ardófaí stádas na teanga agus chuirfí ar aghaidh í ó ghlúin go glúin ar bhealach nádúrtha.

Ach céard a tharlaíonn nuair nach mbíonn gréasáin shóisialta ann a thugann deiseanna do dhaoine teanga atá mionlaithe a labhairt?

Is chun aghaidh a thabhairt ar an gceist sin atá clár nua meantóireachta seolta ag an Endangered Languages Project (an Tionscnamh le haghaidh Teangacha i mBaol) .

READ MORE

Áisíneacht oideachais, eolaíochta agus teicneolaíochta idirnáisiúnta atá san ELP a chuireann tacaíocht agus saineolas ar fáil do dhaoine agus eagrais atá i mbun athbheochan agus athghabháil teanga.

Tá an ELP faoi stiúir ionadaithe ó eagrais agus ollscoileanna éagsúla, lena n-áirítear an First Peoples’ Cultural Council (Ceanada) agus an University of Hawai’i Manoa.

Labhair Tuarascáil le Alexandra Philbin atá ina meantóir athbheochana teanga leis an ELP.

Is as Domhnach Bat i dtuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath di ach tá cónaí uirthi in Valencia faoi láthair.

“An sprioc atá ag an ELP ná tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine atá ag obair chun teangacha dúchasacha agus teangacha mionlaithe a chur chun cinn,” a dúirt sí.

“Tá sé tábhachtach éagsúlacht teangacha a chaomhnú. Tá eolas iontu ar stair agus ar thaithí na bpobal agus nuair a chailleann muid teanga nó nuair a mhúchtar teanga cailleann muid an t-eolas agus na heispéiris sin.”

Tá thart ar 7,000 teanga in úsáid ar fud na cruinne agus tá thart ar 6,700 i mbaol. Thug Unesco rabhadh anuraidh go bhféadfadh 3,000 acu a bheith imithe ar fad roimh dheireadh an chéid – sin teanga amháin sa choicís ar an meán.

“Tá sé ar siúl ar fud an domhain,” a dúirt Philbin.

Is fearr léi an téarma “múchadh teanga” a úsáid seachas “bás teanga,” mar nach gá go mbeadh buaine ag baint leis an múchadh teanga.

“Tá muid ag iarraidh an dóchas a choinneáil go mbeidh pobail in ann an teanga a fháil ar ais,” a mhínigh sí.

Tá “comhthéacs difriúil” ag gach teanga agus creideann Philbin go bhfuil go leor le foghlaim óna chéile.

“Is minic nach dtuigeann daoine go bhfuil pobail ar fud an domhain atá ag obair nó ag plé leis na dúshláin chéanna,” a dúirt sí.

Táthar ag súil, mar chuid den scéim, go roinnfear smaointe agus eolas ó thíortha éagsúla ar bhealaí nuálacha chun teangacha atá mionlaithe a chur chun cinn.

“Tá meantóir amháin as Meicsiceo, tá duine eile as Camarún agus tá meantóir eile as an Tibéid,” a dúirt sí.

Ach cé air go díreach a bhfuil an scéim seo dírithe?

“Gach duine atá ag obair chun a theanga a chur chun cinn,” a dúirt sí.

“Ach go háirithe daoine a bhfuil ceisteanna acu, nó atá ag iarraidh tacaíocht a fháil nó comhrá a bheith acu le daoine eile faoin obair atá á déanamh acu.”

“Go dtí seo tá daoine tar éis dul i dteagmháil linn ón Afraic, ón Áise, ó Mheiriceá Theas, agus ón Eoraip chomh maith.”

“Tá muid ag iarraidh bualadh le daoine atá ag obair sa réimse seo [ach] ní gá gur saineolaithe a bheadh i gceist in aon chor,” a dúirt sí.

“Bheadh fáilte roimh eagrais, roimh mhúinteoirí agus roimh thuismitheoirí labhairt linn. Aon duine atá ag obair leis [chun teangacha a chur chun cinn.].”

“Tá muid ann chun labhairt leo faoi na smaointe atá acu. Sin é an rud is tábhachtaí - tacú leo na smaointe sin a fhorbairt. Tá muid ann chun tacú leis an bpróiseas sin bunaithe ar ár dtaithí féin ó bheith ag obair le teangacha atá mionlaithe.”

Noirm theanga

Próiseas leanúnach is ea an mionlú teanga agus bíonn noirm theanga ag a lár. Séard is noirm theanga ann go simplí ná gnásanna nó rialacha neamhscríofa a shocraíonn cén uair agus cé leis a labhraítear teanga áirithe.

Bíonn a lán gnéithe sa phróiseas mionlaithe teanga ach is iad na noirm theanga is mó a chuireann bac ar dhaoine teanga a labhairt go hoscailte.

Tá gréasáin neamhfhoirmiúla shóisialta tábhachtach mar sin, ó thaobh noirm theanga nua a chruthú, a chothú agus a chleachtadh.

Rinne Philbin taighde ar chainteoirí teangacha mionlaithe i mBaile Átha Cliath agus Valencia agus thug sí éagsúlachtaí faoi deara sa chleachtas teanga.

Chun dul i ngleic leis na noirm shóisialta a chuireann srian le húsáid teanga, creideann sí go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine go bhfuil siad mar chuid de mhórphobal teanga.

“Bím ag labhairt le daoine sa bhaile agus uaireanta nuair a deirim leo go bhfuil an-chuid cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath, [agus] go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ann ó thaobh uimhreacha de [ná in aon áit eile sa tír], bíonn ionadh orthu.”

Ní gá gur easpa eolais ar an teanga amháin is cúis le teirce na gcomhthéacsanna sóisialta inar féidir an Ghaeilge a labhairt dar léi.

“Ní thuigeann siad go bhfuil an nasc [pobail] sin ann. Níl muinín acu as an bhféiniúlacht atá acu ó thaobh na teanga de.”

Is minic go mbíonn drogall nó cúthail ar dhaoine Gaeilge a labhairt go hoscailte nó go poiblí in Éirinn ach dar le Philbin, tá bealaí maithe ann chun dul i ngleic leis an dúnáras sin: deiseanna nua a chruthú.

“Bhain mé mo bhunchéim agus mo mháistreacht amach in Éirinn agus níor cheap mé go raibh mórán tacaíochta ansin don teanga taobh amuigh de Roinn na Gaeilge san ollscoil,” a dúirt sí.

“Táimse i mo chónaí in Valencia agus tá Catalóinis ag an-chuid daoine anseo. Tá an-chuid foghlamtha agam ó bheith anseo.”

“Anseo, in Ollscoil Valencia, bíonn an-chuid feachtas acu chun an teanga a chur chun cinn,” a dúirt sí.

“Mar shampla, moltar do dhaoine anseo comhrá a thosú le strainséir sa Chatalóinis.”

“Níor rith sé sin liom nuair a bhí mé i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna mé é sin nuair a bhí mé i mo chónaí ann, ach anois ní thuigim cén fáth nach ndearna mé é,” a dúirt sí.

“Bhí na rialacha sin a chuir cosc ar labhairt na teanga chomh láidir i m’aigne nach raibh mé in ann éalú uathu.”

“Anois toisc go bhfuilim ag labhairt le daoine ó phobail eile tá mé in ann an cheist a fheiceáil ar bhealach éagsúil.”

Tá dóthain eolais ar an nGaeilge ag an ngnáthdhuine chun í a úsáid, fiú amháin ar bhonn an-teoranta ach is minic nach féidir leo tabhairt faoi í a labhairt, fiú má bhíonn an fonn sin orthu.

Ach mar a léiríonn an cur chuige in Valencia, is féidir gnásanna agus nósanna teanga athrú.

“Mar a chonaic muid le gairid le Paul Mescal agus Brendan Gleeson mar shampla – tá an-chuid daoine ann agus ní bheadh a fhios agat go bhfuil Gaeilge acu!

“Is minic go gceapfá nach bhfuil tuiscint acu ar an teanga ach ansin, nuair a bhíonn an deis sin acu í a labhairt, faigheann tú amach go bhfuil i bhfad níos mó acu [ná mar a shíl tú].

“Is dócha nach mbíonn daoine ag súil go mbeadh Gaeilge ag daoine eile, agus ní chaithfidh sé a bheith mar sin,” a dúirt sí.

Chun breis eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le Alexandra anseo: endangeredlanguagesproject.as.me/gaeilge

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.