Toilteanas cumhachtaí nua a úsáid ar ‘an chéad scrúdú litmis’

Beidh faomhadh polaitiúil i gcónaí de dhíth ar fheidhmiú an bhille nua féiniúlachta agus teanga

FOCLÓIR: Feidhm phraiticiúil - practical function; toilteanas - willingness; faomhadh - acceptance; cumhachtaí breise - additional powers; ríméad - joyous pride; amhras - doubt; fadbhunaithe - long established; deasghnáth - rite.

“Ní fiú píosa reachtaíochta a bheith agat mura mbíonn feidhm phraiticiúil leis agus an chéad dóigh le feidhm phraiticiúil a thabhairt don reachtaíocht seo ná Coimisinéir a cheapadh. Sin é an chéad mhór dhúshlán a fheiceann muid.”

Sin a dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí an eagrais fheachtasaíochta An Dream Dearg, agus é ag tagairt don Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a raibh a chéad léamh aige i dTeach na dTiarnaí i Londain an tseachtain seo caite.

Tá sé i gceist go mbunófar Oifig Chultúir agus Féiniúlachta faoin reachtaíocht nua agus go gceapfar beirt Choimisinéir Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais.

READ MORE

Dúirt Ó Tiarnaigh go mbeadh ar Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis úsáid a bhaint as cumhachtaí breise atá ceadaithe dó sa reachtaíocht nua agus Coimisinéir Teanga a cheapadh é féin, seachas an beart a fhágáil faoin Chéad Aire agus Leas Chéad Aire.

“Inniu tá muid ag rá go soiléir gurb é an chéad scrúdú litmis ar an Státrúnaí agus ar rialtas na Breataine ná an bhfuil siad toilteanach na cumhachtaí breise atá acu an reachtaíocht seo a fheidhmiú,” a dúirt sé le Tuarascáil.

Cé go nglactar leis go bhfuil an reachtaíocht teanga seo níos laige ná mar a bhíothas ag súil leis, chuir a fhoilsiú ríméad ar ghluaiseacht chearta na Gaeilge.

Lá “siombalach agus stairiúil” a bhí ann, a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt sé go bhfuil dúshlán mór ann maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus go raibh amhras air go mbeadh an DUP sásta comhoibriú fiú dá bhfillfeadh feidhmeannas Stormont ar an obair.

“Beidh faomhadh polaitiúil i gcónaí de dhíth ar fheidhmiú an bhille agus sin an áit a mbeidh na deacrachtaí,” a dúirt sé.

“Tá an reachtaíocht seo fréamhaithe in oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire. Tá a fhios againn an dóigh a bhfeidhmíonn an oifig sin agus gur gá don dá aire aontú ar rud sula dtarlaíonn sé.”

“Tá ‘veto’ ag an dá aire ar a chéile,” a dúirt sé.

Thug Ó Tiarnaigh le fios gur cheart don Státrúnaí na cumhachtaí nua a úsáid “ón chéad lá.”

“An rud a bheidh muidne ag rá leis an Státrúnaí ná ‘níl na h-airí ann!’ Agus, fiú [dá mbeadh] siad ann, ní dhéanfadh an DUP é seo.”

Dá ndéanfadh an Státrúnaí an beart d’fhéadfaí dul chun cinn a dhéanamh go tapa ó thaobh cur i bhfeidhm an achta.

“Tá an bun-infrastruchtúr uilig réidh. Mar a deir Boris tá sé ‘oven-ready’”

Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil sé ag súil go gceapfar an Coimisinéir Teanga “taobh istigh d’amscála réasúnta.”

“Nuair a fógraíodh go raibh an reachtaíocht le bheith i bhfeidhm faoi Dheireadh Fómhair (na bliana seo caite) bhí an ceapachán le bheith déanta taobh istigh de chúpla mí,” a dúirt sé.

Luaitear cás na Breataine Bige go minic i gcomhthéacs reachtaíocht teanga. Is ar mhúnla fadbhunaithe chearta teanga na tíre sin a bhíonn aird go minic mar go nglactar leis gur eiseamláir é den dea-chleachtas.

“Tá stádas na teanga i bhfad níos láidre sa Bhreatain Bheag mar go mbaisteann sé cearta ar dhaoine. Tá na cearta s’againne teoranta, cibé rud a chinneann an Coimisinéir Teanga,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“Bheadh cearta i bhfad níos uileghabhálaí ag cainteoirí Breatnaise.”

É sin ráite, creideann Ó Tiarnaigh go mbeidh an Coimisinéir Teanga nua in ann dul chun cinn a dhéanamh.

“Cé go bhfuil muid 50 bliain ar chúl lucht na Breataine Bige, tá buntáiste againn sa mhéid agus gur féidir linn foghlaim ó na ceachtanna atá foghlamtha acu sa tréimhse sin.

“Tá an-deis againn rud iontach luachmhar agus éifeachtach a dhéanamh,” a dúirt sé.

“Ba mhaith linn go mbeadh aird agus acmhainní á ndíriú ar na seirbhísí is luachmhaire atá de dhíth ar an phobal, go mbeadh siad á ndíriú ar chúrsaí oideachais, pobail, óige agus teaghlaigh.”

“Bí cinnte de go mbeidh muid ag amharc thart go mbeidh muid ag plé leis an gCoimisinéir. Beidh tuairiscí ann gach bliain agus théis cúig bliana beidh deis againn athbhreithniú a dhéanamh ar an rud ar fad.

“Beidh fadhbanna leis, tá a fhios againn go mbeidh deacrachtaí againn leis. Tríd an reachtaíocht seo a scrúdú déanfaidh muid na fadhbanna sin a nochtadh agus rachaidh muid ar ais chuig na páirtithe le réiteach a fháil,” a dúirt sé.

An Lá Dearg

Ba léir ón slua a shiúil ar ‘An Lá Dearg’ i mBéal Feirste le gairid go bhfuil borradh ar leith faoi ghluaiseacht Ghaeilge an tuaiscirt.

An bhfuil sé i gceist múnla an Dream Dearg a scaipeadh ó dheas?

“Tá muid cinnte de go bhfuil an chéad glúin eile anois spreagtha agus ullmhaithe agus eagraithe go leor,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“An rud a d’fhoghlaim mé ar an Satharn - tá muinín an phobail seo dochreidte ard agus níl aon dúshlán dar liom nach féidir linn a shárú leis an múnla atá againn faoi láthair.”

“Aon duine a bhí anseo ar an Satharn, is ball den Dream Dearg iad. Aon duine a shiúlann nó a sheasann do chearta teanga is ball den Dream Dearg iad,” a dúirt sé.

“Déanann muid iarracht daoine a tharraingt le chéile, spásanna a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo dúshlán a thabhairt don Stáit, bíodh sé thuaidh nó theas. Agus, áit a bhfuil éileamh, beidh an Dream Dearg ann.

“Braitheann sé ar dhaoine agus braitheann sé ar thoil agus ar fhuinneamh.

“Ón méid a chonaic mise Dé Sathairn, an líon busanna a tháinig ó achan cearn den tír, níl mise in amhras ach go bhfuil fuinneamh agus ocras cuí ann i measc an phobail.

“Agus áit a mbeidh leatrom á dhéanamh agus áit ar bith a mbeidh imeallú á dhéanamh ar an teanga seasfaidh an Dream Dearg an fód.”

Múinteoirí ag teastáil!

Nuair a théann an aimsir chun soininne ní fada uainn deireadh na scoilbhliana agus tús shéasúir na gcoláistí Samhraidh Ghaeilge.

Ón Meitheamh ar aghaidh tuirlingíonn na mílte scoláire ar cheantair Ghaeltachta chun cur fúthu faoi chúram na gcoláistí ar feadh roinnt seachtainí.

Cineál deasghnáth é tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus mar aitheantas ar seo, tá An Post tar éis dhá stampa a eisiúint mar cheiliúradh ar na coláistí samhraidh.

Ach ní ar fhoghlaim na Gaeilge i ranganna foirmeálta go sonrach a bhíonn aird na scoláirí. Is tríd an tsiamsaíocht agus an spraoi is mó a dhéantar an dul chun cinn ó thaobh na foghlama de agus is éifeachtaí agus is torthúla iad na cúrsaí dá bharr. Idir chéilithe, ghabháil fhoinn, chluichí, spóirt agus cheolchoirmeacha, ní ionadh ar bith é go mbaineann an oiread sin scoláirí barr tairbhe as.

Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite tá múinteoirí gann faoi láthair. Tá Gael Linn ag iarraidh ochtar a fhostú chun tabhairt faoin obair ar leith seo ó lár mhí Bhealtaine go tús mí Iúil (17.06.22 - 02.07.22).

Má mheasann tú go mbeadh sé ar do chumas bheith rannpháirteach san obair thábhachtach seo le Gael Linn sa Ghaeltacht seol litir iarratais láithreach chuig: meghanegael-linn.ie.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.