Réiteach simplí

Níl de ghus ag rialtas na Breataine ach ráitis agus polasaithe uisciúla a chur os ard

Tá réiteach simplí ag rialtas na hAraibe Sádaistí ar theifigh eacnamaíochta nach bhfuil aon rud eile le déanamh acu seachas teacht ag lorg oibre mar shúmairí ina ríocht féin.

Iad a lámhach.

Níl de ghus ag rialtas na Breataine ach ráitis agus polasaithe uisciúla a chur os ard. ‘Stoptar na báid!’ Tá oiread seans acu na báid a stopadh is a bhí ag an rí Cnut féin tonntracha na farraige a stuanú, bíodh gur samhail ba ea é ar an méid nach bhféadfadh sé a dhéanamh.

Cnut gach rialtas Eorpach a cheapann gur féidir leo tonn dhaonna na hAfraice agus na hÁise i ngar duinn a chur faoi smacht lena gcuid maidí beaga deasa ag iarraidh iomramh na longa a chur siar agus a gcuid dlíthe cearta daonna, mar dhea, a chur i bhfeidhm ar na milliúin atá ag teacht.

READ MORE

Níl fasc acu.

Tá an deisceart ag teacht chun an tuaiscirt agus ní féidir le garda cósta, ná le sreang dheilgneach, ná le ballaí coincréite, ná le madraí con, ná le heitleáin os ár gcionn, ná le mianaigh faoin talamh, ná leis an LÉ Yeats nó Beckett, ná le reachtaíocht dheas de chuid na Naisiún Aontaithe, ná le conraí uile Cearta Daonna dar síníodh riamh, ná le corpáin ar snámh ar an meán mhuir mar a bheadh éisc ar loch marbh, ná campaí báis agus céasta ina ribíní dúndaingne ar fud na hEorpa, ná le buama adamhach féin an ghluaiseacht seo a stop.

Ar a laghad ar bith, níl aon siar ná aniar ann maidir leis an Araib Shádaisteach de.

Déantar iad a lámhach!

Tá rud éigin glan agus gan a bheith idir eatarthu ag baint leis an réiteach sin. Chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit gach gluaiseacht mhachnaimh dá raibh riamh ann a raibh caiticeasma díreach neamhchas aige le fadhb a chur chun suain. Múchtar a bhfuil ainrialta agus dosmachtaithe. Lasmuigh den aon teoiric amháin níl aon slánú. Is í an t-aon deacracht amháin ná nach n-oibreoidh sé.

Is cinnte go mbeidh feidhm ag polasaí na hAraibe Sádaistí ar na daoine a lámhachadh. Níl aon tseans go mbeidh obair á lorg acu feasta mar dhaoir thógálaithe nó mar scibhithe glanta urlár. Mar tá siad marbh, agus buíochas os íseal gach dreama a thugann tacaíocht don Araib Shádaisteach ag dul dóibh. Rialtas neodrach na hÉireann lena gcaolchúis Íosánach ina measc.

Ní móide go nglaofar ambasadóir na hAraibe Sádaistí isteach abhus agus go dtosnófar ag screadach suas lena phus go bhfuil sé barbartha teifigh agus dídeanaithe na hAetóipe agus na Somáile a lámhach nuair a ghabhann siad port ar a dtalamh naofa.

Is thairis an gcaolas sin thar Chorn na hAfraice a ghabh an cine daonna i dtosach ar a slí dóibh amach as ár n-ilchríoch dhúchais, na deicheanna fada de mhílte bliain ó shin. Murach an ghluaiseacht sin, bheimis ar fad inár nAfracaigh fós. Is dócha gur mhaith an rud é nach raibh gardaí cósta na hAraibe Sádaistí ann ag an am nó bheimis ag súil le lánbhéal lócaistí don lón laethúil agus dorn gainimh mar shóláist ag an deireadh seachtaine.

Ní thaobhódh aon duine sibhialta abhus, gan amhras, le teifigh a lámhach. Is fearr ligean dóibh bás a fháil ar an bhfarraige áit nach bhfeictear iad mura dtagann na corpáin isteach ar an trá. Nó iad a fhágáil faoi thrócaire na ngardaí príosún agus na torquemadas atá i gceannas orthu i dtíortha a dtugaimid airgead mór dóibh gan ligean don daoscar laisteas teacht inár ngaobhar.

Maidhm imeachta dhaonna atá sa ghluaiseacht aneas chugainn ar nós gluaiseachtaí eile ár gcine riamh anall a líon an domhan mar atá. Ní féidir a stop. Dínne iad. Beifear abhus. Gabhtar leis! Níl aon dul as.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar