Idir lúibíní

CROBHINGNE: NÍL ACH an trí chéad daichead is a naoi laethanta siopadóireachta fágtha feasta don Nollaig

CROBHINGNE:NÍL ACH an trí chéad daichead is a naoi laethanta siopadóireachta fágtha feasta don Nollaig. Tá chomh maith an deis a thapú fad a mhaireann an t-airgead, mar is beag rud eile a dhéantar ó cheann ceann na bliana, arsa Alan Titley

Roimh an Nollaig bhíothas ag siopadóireacht ar nós is go gceapfá go mbeadh na siopaí ar fad dúnta ar feadh seachtaine, nó go mbeadh na hIosraelaigh ar tí ionradh a dhéanamh ar an tír.

Bíodh sin mar atá, is geall le faoiseamh ó chora crua an tsaoil an tamall sin a chaithimid le curaí eile ar fad. An tamall a chaithimid inár bhfaonluí ar tholg ag féachaint ar an mbosca sa chúinne, agus an bosca sa chúinne ag féachaint ar ais orainne sa séasúr seo a d'imigh tharainn idir dhá thubaist, an tamall seo idir lúibíní.

Slogann an saol laethúil an aimsir láithreach, ach le linn biaiste na teilifíse ar tholg músclaítear an neamh-am sin ina bhfeictear an saol trí dhornán scannán a chonaiceamar fadó, agus a fheicfimid go brách.

READ MORE

Tá's againn ar fad cad iad, agus bíodh go bhfuil siad feicthe cheana, táimid faoi gheasa iad a fheiscint arís. An Wizard of Oz, gan amhras, ar samhail é de mhianta an duine, agus ar fabhailscéal polaitiúil é san am céanna.

An draoi é féin, eacnamaí gan amhras, ach gan freagra ar bith aige. An Cuaille Préachán nach raibh aon mheabhair aige, ní foláir George W. Bush a cheangal leis siúd (is ea, níl ach tamall gairid le dul!); An Fear Stáin gan chroí mar leasUachtarán aige.

Agus d'imigh Bitseach Bhinbeach an Iarthair tamall de bhlianta ó shin, bíodh is go bhfuil a drochiarmhairt fós ina diaidh. Ba dhóigh leat gur faoiseamh a bheadh ann bheith id chónaí in Munchkinland, ach is róbhaolach mar bhall é agus an dream sin timpeall.

Bhí éileamh chomh mór sin ar Willie Wonka and the Chocolate Factory gur ghá é a dhéanamh arís faoi theideal ábhairín éagsúil. In áit Gene Wilder a bheith ag pramsáil timpeall mar a bheadh leipreachán ag leanúint foireann na hÉireann, faighimid Johnny Depp gan phaiste súile agus é chomh milis leis an monarcha féin. Is ann atá an milseán 'the everlasting gobstopper', earra nár mhiste a cheannach do Leo Varadkar d'fhonn corc a chur ann anois is arís.

Cé go bhfuil The Great Escape bunaithe ar eachtra a tharla, is beag príosúnach a d'éalaigh as géibheann ar bith i rith an dara domhanchogaidh. Is é Steve McQueen ar a rothar is faide a fhanann inár gcuimhne, ach úsáidtear an nath céanna i leith Bin Laden ag scuabadh leis i dtreo na pluaise in Tora Bora, agus Bertie Ahern ag éirí as go díreach agus an teach ag titim anuas orainn.

Is dócha go mbíonn orainn The Sound of Musak a fhulaingt go bliantúil le tabhairt le fios dúinn go mbaineann an Chríostaíocht le pian agus le sciúirse chomh maith leis an dea-scéala.

Is é an t-aon scannán é, go bhfios domsa, go mbíonn tú ag súil go mbeidh an bua ag na Nazis ann. Nuair atá an teaghlach Van Crapp ag éalú agus i bhfolach laistiar de ráillí an chlochair, is amhlaidh go mbíonn fonn ort - "Tá siad ansin!" - a liú os ard.

B'fhiú triail a bhaint as sa phictiúrlann, agus bí deimhnitheach de go bhfaighfeá bualaladh bos agus cuireadh ó stróinséir. Nuair a d'fhág Julie Andrews na mná rialta chun dul amach sa saol, bhí scuaine lasmuigh de na fallaí ag iarraidh fáil isteach.

Tá E.T. i bhfad níos deise ná aon duine sa scannán cheana, toisc is dócha go dtagann sé ó phláinéad eile. Scannán é a thaitneann go mór le páistí, ach tugtar faoi deara nach mbíonn déagóirí chomh tugtha sin dó.

Sin toisc go bhfuil fonn ar E.T. fónáil abhaile, de dhealramh. Fairis sin, cuireann sé i gcuimhne dóibh an buachaill nó an cailín deiridh a raibh siad mór leis/léi, agus nach bhfuil níos mó.

Agus nuair nach mbíonn na scannáin ag féachaint ort tá seans ann go mbeidh tú ag méarnáil ar na leabhair a fuair tú don Nollaig: na cinn mhóra nach léifidh tú go deo, agus na cinn bheaga a chuirfidh tú id phóca ar eagla scuaine; leabhair na gcairde ionas go mbeidh tú in ann dea-fhocal éigin a rá ina dtaobh, agus leabhair na naimhde ar eagla go dtiocfadh an tonn taoscach ort gan choinne; leabhair na Nollag seo caite chun iad a mheabhrú duit, agus leabhair an tSamhraidh, mar b'fhéidir go gcrochfá leat fós iad i mbliana.

Is mór é an solas seo idir dhá dhoircheacht. Mar lasmuigh ansin tá siad go léir ag feitheamh. Na heacnamaithe chun tú a ghearrú, na polaiteoirí chun tú a chúlú, na nuachtáin chun tú a mhaslú, na bainc chun tú a bhancú, an eoraip chun tú a dhiúltú...