Do ghuth a aimsiú

Tá idir ábhar spreagúil agus ábhar tromchúiseach i leabhar úrnua Mháire Zepf

Máire Zepf: spreagtha go mór ag paisean agus fuinneamh na ndaoine óga a ghlac páirt i ngluaiseacht chearta teanga Bhéal Feirste.  Grianghraf: Julien Behal
Máire Zepf: spreagtha go mór ag paisean agus fuinneamh na ndaoine óga a ghlac páirt i ngluaiseacht chearta teanga Bhéal Feirste. Grianghraf: Julien Behal

Is údar aitheanta í Máire Zepf a bhfuil ocht leabhar déag foilsithe aici go nuige seo. Tá an iliomad gradam bainte amach aici, ina measc gradam Leabhar na Bliana 2020 (KPMG Leabhair Pháistí Éireann) as a húrscéal véarsaíochta Nóinín.

Tá idir phictiúrleabhair do léitheoirí óga agus úrscéalta véarsaíochta do dhéagóirí ar a liosta saothair. Ach is i bhfearann eile agus ar ábhar tromchúiseach a dhíríonn Zepf ina saothar nua, Dearg, scéal a bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh mar chúlra leis.

Is cailín cúthalach í Fionn atá doirte dá cairde, don Ghaeilge agus do chearta an duine. Cuireann sí féin agus a cairde suim sa ghluaiseacht cearta teanga i mBéal Feirste ach tarlaíonn eachtra thubaisteach di, rud a fhágann go gcaithfidh sí labhairt amach.

Chuir Tuarascáil roinnt ceisteanna ar Zepf faoina leabhar nua, faoi na téamaí tromchúiseacha atá ann agus faoin gcur chuige cruthaitheach atá aici.

Céard a spreag thú leis an leabhar seo a scríobh?

Thug dhá rud dhifriúla inspioráid dom don leabhar seo – ceann acu ina rud iontach, agus an ceann eile atá uafásach. Bhí mé spreagtha go mór ag paisean agus fuinneamh na ndaoine óga a bhí páirteach sa Dream Dearg agus i ngluaiseacht chearta teanga Bhéal Feirste. Bhí siad ag ceangal fadhbanna a bpobal féin le troideanna eile ar fud an domhain maidir le cine, inscne, bochtanas agus go leor eile. Ar dhóigh, tá an leabhar mar a bheadh litir ghrá ann chucu sin. Agus ansin an rud uafásach. Bhí fearg orm faoi Harvey Weinstein agus faoin normalú a bhí déanta ar ionsaithe gnéis sa ghnáthshaol. Tháinig an dá rud sin le chéile i m’intinn mar splanc scéalaíochta.

Cé air a bhfuil sé dírithe?

Tá an leabhar dírithe go príomha ar dhéagóirí, 15 bliana d’aois agus os a chionn. Sin ráite, tá nós ag go leor daoine níos sine ná sin leabhair YA (aosaigh óga) a léamh na laethanta seo, mar gheall ar na hábhair agus le stíleanna spleodracha atá iontu.

Tá an tsamhlaíocht cosúil le matán – éiríonn sí níos láidre nuair a bhaintear úsáid aisti.

An bhfuil sé bunaithe ar dhuine/dhaoine ar leith?

Tá agus níl. Tá an scéal bunaithe ar na fíorimeachtaí a tharla in 2016-17 i measc Ghaeil óga Bhéal Feirste nuair a tháinig an Dream Dearg ar an tsaol. ACH – agus tá sé seo fíorthábhachtach – chum mé carachtair an scéil iomlán as an nua. Tá fíoráiteanna agus fíorimeachtaí sa leabhar, ach níl fíordhaoine ar bith léirithe agam.

Cén teachtaireacht is mó ba mhaith leat a thabhairt leis an leabhar?

Tá an leabhar seo faoin tábhacht a bhaineann le do ghuth féin a aimsiú agus faoin mhisneach atá de dhíth chun bheith dílis ní hamháin do do phobal ach duit féin. Tá stoirmeacha smaointe ag réabadh thart orainn sa tsaol i láthair na huaire, agus caithfidh muid seasamh go daingean ar son ár gcuid luachanna agus ár gcearta.

An dúshlán ar leith é scéal a scríobh atá suite i do phobal féin?

Mhothaigh mé dualgas láidir scéal na ndaoine óga seo a insint mar is ceart – le meas, tuiscint agus inchreidteacht. Luigh an fhreagracht sin go trom orm ag an tús, go dtí gur thug mé cead dom féin spiorad na ndaoine óga a thaispeáint seachas cloí le gach mionfhíric. Tá súil agam gur éirigh liom sa deireadh é a scríobh ar bhealach a thaitneoidh le léitheoirí i bhfad ó Bhéal Feirste, chomh maith le mo phobal féin.

An raibh míbhuntáiste/buntáiste leis sin sa phróiseas cruthaitheach?

Bhí amanna ann gur tháinig an stair agus an scéalaíocht i gcoimhlint le chéile. Ach ag deireadh an lae, bhí ar an scéal an lámh in uachtar a fháil.

Cén chuid den leabhar a bhí ar an chuid ba dheacra le scríobh?

Tarlaíonn ionsaí tubaisteach d’Fhionn, príomhcharachtar an scéil – rud a d’fhág tráma uirthi. Bhí sé millteanach deacair na focail a aimsiú chun sin a chur ar an leathanach. Is cuimhin liom a bheith scriosta go fisiciúil ag deireadh na laethanta scríbhneoireachta sin, amhail is gur buaileadh mé.

Ar fhoghlaim tú aon rud agus tú i mbun scríbhneoireachta?

Bíonn go leor le teagasc ag gach leabhar dá húdar! An uair seo, bhí babhtaí fada eagarthóireachta i gceist agus mé ag cur cruth ceart ar na fíorimeachtaí. D’fhoghlaim mé go raibh orm gach fíorimeacht an scéil a bhogadh chun cinn. Bhí m’eagarthóir, Róisín Adams, ina cuidiú iontach dom maidir leis sin.

Baineann tú úsáid as foirm nó stíl scríbhneoireachta ar leith i do chuid saothar, an bhféadfá cur síos a dhéanamh uirthi agus an fáth a mbaineann tú úsáid aisti?

Is úrscéal véarsaíochta é an leabhar seo – is é sin le rá go bhfuil sé scríofa i bhfoirm saorvéarsaíochta, leath bealaigh idir filíocht agus prós. Bíonn sé gonta, beacht mar stíl – tapa le léamh agus fíorchumhachtach. Níl focal ar bith ann nach bhfuil de dhíth.

Cén sórt cur chuige scríbhneoireachta a úsáideann tú?

Níl foirmle de chineál ar bith agam. I bhfírinne, bíonn sé deacair am a fháil don scríbhneoireacht i measc thranglam an lae – idir obair agus pháistí – ach beirim ar cibé grabhróga beaga ama is féidir liom a fháil. Chaith mé cúpla tréimhse ar shiúl ón bhaile ag scríobh an leabhair seo sa bhealach is go dtiocfaidh liom stopadh den lámhchleasaíocht agus díriú ar an obair.

Nuair a chuireann tú peann le pár, an mbíonn fís agat faoi mar a chríochnóidh an scéal?

Bíonn creatlach an scéil forbartha go maith agam sula gcuirim peann le páipéar. Is pleanálaí mé de réir pearsantachta cibé, agus bheinn faoi strus mura mbeadh an deireadh ar eolas agam! Sin ráite, cuireann na carachtair iontas orm in amanna agus muid ag dul ar an turas seo le chéile.

Cén uair ar thuig tú i dtosach gur mhaith leat bheith i do scríbhneoir?

Is nuair a bhí mé sa bhaile mar mhamaí lánaimseartha a d’fhás an síol áirithe seo ionam. Bhí dúshlán intleachtúil de dhíth orm go géar, agus nuair a d’iarr eagarthóir na hirise An tUltach orm colún rialta a scríobh, thapaigh mé an deis.

An dóigh leat go bhfuil nós na léitheoireachta ag titim i léig, agus cén fáth?

Gan amhras, tá titim shuntasach le feiceáil maidir le léitheoireacht ar mhaithe leis an phléisiúr. Is athrú tubaisteach é seo, mar go bhfuil a fhios againn go gcuireann an scíth-léitheoireacht go mór leis an tsláinte, i measc gach aoisghrúpa. Tá an saol digiteach ag plódú isteach ar gach gné dár saol is tá smacht caillte againn ar an am saor atá againn.

An mbeadh comhairle agat do scríbhneoirí óga?

Bí ag scríobh! Tá an tsamhlaíocht cosúil le matán – éiríonn sí níos láidre nuair a bhaintear úsáid aisti. Bíodh leabhar nótaí agat nach léifidh duine ar bith ach tú féin – ar an bhealach sin is féidir a bheith saor ó bhuaireamh faoi mheancóga nó smaointe amaideacha.

An bhfuil aon rud eile ar na bacáin agat?

Tá aistriúchán go Béarla ar m’úrscéal Nóinín ag teacht amach i mí Dheireadh Fómhar faoin teideal He Loves Me (Not). Agus tá an dara sraith den chlár beochana Lí Ban atá scríofa agam le craoladh ar TG4.

Beidh DEARG ar fáil ón 11 Meán Fómhair i siopaí maithe leabhar fud fad na tíre agus ar líne ag futafata.ie. RRP €13.99

Foclóir:

cúthalach - shy, timid; inchreidteacht - believability, credibility; gonta - concise; tromchúiseach - serious; grave; grabhróga - crumbs, scraps; creatlach - framework, skeleton, outline; lámhchleasaíocht - juggling; meancóg - mistake, error

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is Irish Language Editor at The Irish Times