Agus sna laethanta sin tháinig an saighdiúir abhaile tar éis obair an lae. Bhí tuirse éigin air, cé nárbh é an lá ba throime oibre é go baileach. Obair chasúir agus beagán fuipeála, fara smacht éigin a choimeád ar an daoscarshlua.
Bhí a bhean, Flavia, réidh ullamh ag an doras roimhe. Phóg go dil é agus bhí mornán breá fíona aici faoina chomhair. Phóg eisean ise mar an gcéanna agus thug barróg bhreá theann do Romulus agus Tatian, a mhac agus a iníon a raibh sé thar a bheith ceanúil orthu.
‘Cén saghas lae a bhí agat, a stór?’ ar sise leis, ag tógaint a chlaímh uaidh agus á chrochadh le hais an dorais.
‘Níor ghearánta é,’ ar seisean, ‘ach b’fhéidir dom dul an cnoc suas níos luaithe. Obair dhuainéiseach go leor sna héadaí troma seo. Agus a bhfuil de bhrothall ann.’
READ MORE
‘Is fíor duit. Ach tháinig doircheacht anuas ar feadh tamaill anseo agus mheasas go raibh an talamh le scoilteadh.’
‘Bíonn laethanta mar sin againn ó am go chéile. Ní sa Róimh atáimid anois, tá’s agat.’
‘Bhí eagla orm, ach tuigim go bhfuilim slán anseo leatsa faoi choimirce an dlí.’
‘Ná bac sin,’ ar seisean, ‘féach a bhfuaireas daoibh. Tar anseo, Tatian, suigh in airde ar mo ghlúin.’
Agus thug amach beartán beag ina raibh bréagán fillte ann.
‘Och tá sé go hálainn,’ ar sise, ‘bhí seo á santú agam le fada.’
‘Bhíos á shnoí as a raibh fágtha den adhmad fad is a bhíomar ag feitheamh leis an deireadh. Tá an-chosúil leis an bhfíorchrois, nach bhfuil?’
‘Agus cad tá agat domsa?’ d’fhiafraigh Romulus, ach ní go mífhoighneach.
‘Bhíos chun é seo a choimeád duit mar bhronntanas, féirín don fhéile, don Saturnalia ag deireadh na bliana. Ach tá sin tamall romhainn. B’fhearr é a bheith agat anois.’
Chuir an buachaill a lámh amach, agus leath a shúile air nuair a cuireadh i gclár a dhearnan é. ‘An ceann dáiríre é, a Dhaid, ceann dáiríre, ní bréagán?’
‘Is ea, go cinnte, bhí cúpla tairne le spáráil againn, ar eagla na heagla. Ach ná habair le héinne...’
D’imigh an buachaill amach láithreach le casúr agus le smután adhmaid.
‘Agus féach, a thaisce,’ ar seisean le Flavia, a bhean chaoin. ‘Dún do shúile.’ Chuir sé isteach i gcroí a boise é.
‘Óóóóóó,’ ar sise, nuair a chonaic sí cad a bhí ann, ‘nach é atá go hálainn? Ní bheimid bocht choíche.’ Agus chaith sé a dhá láimh timpeall ar a mhuineál agus phóg go diachrach ar na beola é. ‘Ach, cá bhfuair tú é?’
‘Ara, bhí gealt éigin, duine den lucht ceannairce a chuaigh as a mheabhair agus chaith lán laidhre de phíosaí airgid isteach sa teampall. Tríocha éigin a dúradh. Bhailigh an eaglais an chuid is mó díobh. Ach tugadh domsa an ceann seo mar dhíol fiach. Airgead amú. Ní gá a thuilleadh a rá.’
‘Ní gá duit aon rud a mhíniú, a thaisce,’ ar sise, ag muirniú an bhoinn go dúilmhear, ‘tuigimid go maith an obair mhór a dhéanann an saighdiúir d’fhonn sinn a chosaint ar na barbaraigh agus ar na reibiliúnaigh atá in aghaidh an impire. Ach cérbh iad inniu, murab ionann agus inné?’
‘Dar Iúpatar, ní fiú trácht orthu. Triúr bithiúnach nó meirleach. Duine a chaith clocha leis an arm. An dara duine a mhaígh gur ghoid sé bulóg aráin mar bhí ocras air. Duine eile a ndúradh ina thaobh gur saghas rí ba ea é. Thugamar sciúrsadh maith dó siúd. Thugas deoch fínéagair dó ar son spraoi. Tuigtear go maith anois nach foláir don impireacht na Palaistínigh a chloí i gcónaí, agus go brách. Níl iontu ach salachar. Is cuma le cách an domhain ina dtaobh.’













