Ré nua don Ghaeilge ab ea 2025

Is iomaí litir faoin teanga a seoladh chuig an nuachtán seo i mbliana

Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann, i Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath, i mí na Samhna. Grianghraph: Dara Mac Dónaill.
Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann, i Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath, i mí na Samhna. Grianghraph: Dara Mac Dónaill.

Seo an t-am den bhliain a mbreathnaíonn muid siar ar imeachtaí na bliana, an claonadh a bhí ar chúrsaí agus treocht na tréimhse.

Rud a bhí suntasach i mbliana ná an tsuim a bhí le feiscint sa Ghaeilge, ag eascairt as toghchán na huachtaránachta go háirithe. Níl leathanach litreacha as Gaeilge ag an nuachtán seo ach bhí teacht mar sin féin ar roinnt mhaith litreacha faoin nGaeilge agus tuairimí éagsúla á nochtadh iontu.

Ar cheann spéisiúil díobh siúd, bhí litir ar an 21 Deireadh Fómhair a mhaígh gurb é an Béarla fíortheanga na tíre agus, cé go bhféadfaí glacadh leis go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ag maireachtáil taobh le taobh, gur teanga ‘ar an taobh istigh’ dúinn an Ghaeilge, agus muid ag labhairt linn féin.

D’fhéadfaí a bheith maslaithe lena leithéid de dhearcadh ar an nGaeilge, gur cheart do lucht labhartha na Gaeilge an teanga a choinneáil acu féin agus gan cur as d’éinne eile. Ach tá bealach eile le breathnú ar theanga a labhrann muid linn féin, bealach níos doimhne.

Is cuimhin liom bliain amháin agus mé i mo mholtóir ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, aitheantas Gaillimh le Gaeilge ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil tré Ghaeilge - thug EmployAbility Galway an Gradam leo.

Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orainn mar mholtóirí go raibh seirbhís ar fáil tré Ghaeilge do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag cuardach fostaíochta. B’fhiú go mór an tseirbhís seo do dhuine amháin fiú ná comharthaí, fógraí, agus polasaithe do mhórán. Is iontach an difríocht a dhéanann sé do dhaoine go mbíonn seirbhís agus cúnamh ar fáil ina dteanga féin in am an ghátair.

Tá a fhios againn uilig conas mar a chuireann othair a bhfuil Gaeilge acu fáilte roimh altra le Gaeilge le cúnamh a thabhairt.

Is rud domhain é a bheith in ann filleadh ar do theanga dhúchais agus cabhair, cúnamh agus compord á gcuartú agat, san ospís, san ospidéal nó in aon áit a mbíonn tacaíocht de dhíth. Ní haon idirbheart gnó é seo ach caidreamh daonna, caidreamh a bhfuil míniú leis. Agus is mór an rud é go bhfuil sé ar fáil sa teanga atá ‘ar an taobh istigh’, mar dhúchas, againn. Tá míniú ag baint leis. Níl aon chur i gcéill ann.

Luaigh litir eile, an 3 Samhain, an deacracht a bheadh ag inimircigh fostaíocht d’fháil in Áras an Uachtaráin dá mba rud é go raibh an Ghaeilge le bheith mar theanga oibre ann, mar a tuairiscíodh ar chéad leathanach an nuachtáin seo roinnt laethanta roimhe sin.

Seo sean-argóint a chualathas cheana, go mbeadh sé éagórach ar eachtrannaigh dá mbeadh an Ghaeilge riachtanach do phost, beag beann ar chearta phobal na Gaeilge gan amhras. Ní thugann sé mórán creidiúna d’eachtrannaigh agus an iliomad acu a d’fhoghlaim an teanga thar na glúnta, scoláirí Gaeilge ina measc.

Is cuimhin liom nuair a cuireadh argóint dá leithéid chun cinn in Ollscoil na Gaillimhe gur sheas Uachtarán Aontas na Mac Léinn, arbh as thar lear dó, agus dúirt nuair a tháinig sé go Gaillimh, ní hamháin gur ghlac sé leis go mbeadh Gaeilge le cloisteáil ach go raibh sé ag súil go mbeadh. Ní fheadair cad a cheapann eachtrannaigh sa Fhrainc nuair a bhíonn Fraincis de dhíth, i leithéidí Phálás an Élysée go háirithe.

Ag deireadh na seachtaine sin, an 8 Samhain, mhol litir eile gur cheart an ghramadach sa Ghaeilge a ‘shimpliú’, tré fáil réidh leis na tuisil san ainmfhocal agus leis an urú agus an séimhiú, mar shampla. Cuid d’áilleacht teanga, aon teanga, ná an ghramadach agus, leis sin, flaithiúlacht an teanga. Bheadh sé níos ‘simplí’ muna mbeadh ach focal amháin againn le haghaidh ‘báisteach’ (nó ‘fearthainn’?!), le haghaidh ‘páirc’ (nó ‘garraí’?!).

Ach bheadh sé níos boichte, níos aimride, níos neamhbhlasta. Agus muid ag scríobh in aon teanga, is é solúbthacht agus flúirse na teanga is geal linn, an cur in oiriúint, an focal ceart a roghnú... agus rogha romhainn. An rud is maith linn mar scríbhneoirí ná go mbíonn rogha cor cainte romhainn agus tírdhreach fairsing na teanga le taiscéaladh.

Is leis an aistriúchán ar ainmneacha a bhain na litreacha is deireanaí. Tá a fhios againne ar a bhfuil sloinne Gaeilge go n-iarrtar orainn go minic, ‘cad é sin as Béarla?’ Seans nach bhfuil aon dochar i gceist, ach cuireann an galldú úd as go mór do mhórán againn. Ar an taobh eile de, tá glúnta iomlána ar aistríodh a n-ainmneacha go Gaeilge sa rolla scoile, rud b’fhéidir a spreagann an cheist ghallda: má tá leagan Gaeilge ar chuile shloinne, tuige nach mbeadh leagan Béarla freisin?

Ar nós na teanga, tá ár n-ainmneacha tábhachtach dár n-anamacha chomh maith. Ag caint dúinn, mar a thosaíomar, ar ré thoghchán na huachtarántachta, is suntasach an rud é go dtugtar Catherine Connolly ar ár nUachtarán nua, i mBéarla agus i nGaeilge.

Ré nua b’fhéidir ina bhfuil meas ar an bhféinrogha agus ar an bhféiniúlacht. Ré nua freisin, bheifeá ag súil leis, ina dtuigtear tábhacht teanga ‘ar an taobh istigh’, teanga ina bhfuil míniú agus doimhneacht atá saibhir agus lán de bhrí.

Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é Ciarán Ó hÓgartaigh

Nóta

Foilseófar Tuarascáil an tseachtain seo chugainn ar an 29 Nollaig, agus beidh an chéad eagrán eile de Scéal á chur ar fáil leis an Irish Times agus an Irish Examiner ar an 13 Eanáir 2026. Ba mhaith le Tuarascáil buíochas ó chroí a ghabháil lenár léitheoirí, lenár scríbhneoirí, lenár bhfo-eagarthóirí, agus leis an bhfoireann uilig a chabhraigh linn ardchaighdeán a bhaint amach ar feadh na bliana. Guíonn an fhoireann Nollaig mhór mhaith oraibh uilig. - Éanna Ó C.

Foclóir: Imeachtaí - events; tuairimí - opinions; ag cuardach fostaíochta - seeking employment; cor cainte - turn of phrase/idiom; tírdhreach - landscape; le le taiscéaladh - to explore.