Tábhacht agus tarraingt na margaí

In éagmais an Aifrinn tugann margaí áitiúla na Nollag deis do dhaoine teacht le chéile i ndúlaíocht an ghreimhridh

Tugann margaí áitiúla na Nollag deis do dhaoine teacht le chéile i ndúlaíocht an ghreimhridh. Grianghraf: iStockphoto/Getty
Tugann margaí áitiúla na Nollag deis do dhaoine teacht le chéile i ndúlaíocht an ghreimhridh. Grianghraf: iStockphoto/Getty

Sa taobh seo tíre tá pobal Gaeltachta Chontae Phort Láirge ag ullmhú chun freastal ar Mhargadh na Nollag 2026, a thionólfar i Halla Pobail na Rinne Dé Domhnaigh an 29 Samhain. I láthair na huaire tá cruthaitheoirí agus ceardaithe ag cur barr feabhais ar na hearraí atá déanta acu le linn na bliana. Tá obair na gcapall curtha isteach acu faoin am seo agus beidh siad ag lorg aischothaithe agus spreagtha ó cheannaitheoirí áitiúla ag an margadh. Faoi láthair tá na boird á gcur in áirithe. Níos gaire don lá deiseofar an halla le maisiúcháin agus le soilse daite, agus ar lá oscailte an mhargaidh, leagfar saibhreas cruthaitheach an cheantair amach ar bhoird agus ligfear an pobal isteach.

Ar an Domhnach deireanach den mhí seo feicfear an rogha táirgí atá ar fáil: cístí, ciseáin fite as luachair, pictiúirí déanta ag ealaíontóirí, cártaí, feadóga stáin agus gléasanna eile ceoil, prócaí meala agus suibhe, píosaí troscáin, coinnle, barraí gallúnaí, crainn agus lomáin Nollag, hataí agus láimhíní cróise, leabhair filíochta agus úrscéalta, dlúthdhioscaí… rogha fhairsing de gach saghas ruda. Go minic bíonn bord ag an RNLI le hearraí éagsúla ar díol ar mhaithe na seirbhíse tarrthála sin. Beidh spraoi agus caint sa halla.

In ainneoin na meán sóisialta atá mórthimpeall orainn agus go forleathan sa saol sa lá atá inniu ann, tá daoine scartha amach óna chéile, uaigneach babhtaí…

Uair amháin bhí paróistí in ann teacht le chéile gach Domhnach ag searmanas a chothaigh cairdeas agus tacaíocht dhaonna eatarthu. In éagmais tharraing an Aifrinn sheachtainiúil, a bhíodh ag feidhmiú mar ghliú sóisialta, an bhfuil ról agus tábhacht na margaí séasúracha seo imithe i méid? Agus teaghlaigh scartha amach óna chéile ar fheirmeacha iargúlta, an í an ócáid tráchtála umhal seo atá curtha againn in áit sheisiún spioradálta na séipéal?

Bíonn sceitimíní ar ealaíontóirí amaitéaracha (an scríbhneoir seo ina measc), agus ar cheardaithe áitiúla, glacadh leis an deis píosaí a thaispeáint agus a dhíol. Bímid ag fáil ón bpobal chomh maith. Is breá linn mar lucht cruthaithe a bheith páirteach i dtaispeántas poiblí mar seo mar go hiondúil bímid ag obair go haonarach linn féin sa bhaile ach, ar lá an mhargaidh, faighimid aitheantas, moladh, aischothú agus spreagadh leanúint ar aghaidh ag plé leis an bpróiseas cruthaitheach.

Eagraítear an margadh chun deis a bheith ag daoine áitiúla teacht le chéile sa Ghaeltacht agus féiríní áitiúla a cheannach don Nollaig. Tá na seachtainí ag imeacht agus séasúr mór na Nollag ag druidim linn - is ócáid don chlann ar fad a bheidh i gceist, le ceol agus cuairt ó Dhaidí na Nollag do na páistí, mar a deir Mícheál Ó Drisleáin, Bainisteoir Forbartha Chomhlacht Forbartha na nDéise, a eagraíonn an margadh.

Seastán ag Margadh na Nollag i nGaeltacht na Rinne
Seastán ag Margadh na Nollag i nGaeltacht na Rinne

Deir sé go bhfuil sé “mar sprioc ag an gComhlacht Forbartha imeachtaí pobail a eagrú, agus seo deis iontach chuige sin. Tá sé tábhachtach daoine áitiúla agus gnó a choimeád sa Ghaeltacht”. Dar leis go dtugann sé deis do dhaoine bualadh le chéile, píosa spraoi a bheith acu roimh an Nollaig, gur ócáid don chlann ar fad é, agus go dtugann sé tacaíocht do ghnónna áitiúla.

Deir sé gur thosaigh an margadh breis agus 10 mbliana ó shin sa pharóiste. Chuaigh sé i léig ansin aimsir Covid, agus gur seo an chéad uair go mbeidh sé thar n-ais ó shin.

Beidh an halla pobail oscailte go luath agus thart ar mheán lae, tosóidh daoine ag sruthú isteach, páistí, lánúineacha, seanóirí agus cuairteoirí – iad go léir ag lorg margaidh, spraoi agus siamsaíochta. Sa chistin atá cliathánach leis an halla pobail beidh tae, caife, seacláid the, deochanna eile agus cístí ar fáil. Is iontach an ócáid í seo d’aon phobal tuaithe, do dhaoine atá scartha amach ón chéile don chuid is mó den bhliain. Buaileann siad lena chéile, is féidir leo píosa cainte a bheith acu lena chéile agus scéalta a roinnt. In ainneoin na meán sóisialta atá mórthimpeall orainn agus go forleathan sa saol sa lá atá inniu ann, tá daoine scartha amach óna chéile, uaigneach babhtaí – mar sin tá tábhacht faoi leith ag baint le hócáidí mar seo, ní hamháin do thaispeáint na n-earraí ach do na teagmhálacha sóisialta a tharlaíonn ann.

Ceann de na rudaí is tábhachtaí, dar leis an Drisleánach, ná go mbeidh go leor seastán ann. Ag an bpointe seo, tá sé sásta go bhfuil éileamh maith ann. Beidh meascán maith d’earraí agus ansin tá an fhógraíocht le déanamh lena chinntiú go dtiocfadh daoine ar an lá. Ní bhaineann margadh mar seo le haon traidisiún faoi leith sa Ghaeltacht ach “is cur chuige atá in an-chuid áiteanna le blianta beaga anuas, margadh áitiúil a bheith ann don Nollaig,” a mhíníonn sé.

Beidh grianstad an gheimhridh linn an mhí seo chugainn, lá speisialta i bhféilire págánach na tíre, an lá ag eadarbhuasú ar scálaí meafaracha na bhflaitheas. Faoi láthair, áfach, sula dtosaímid ag smaoineamh ar an ngile agus ar chríoch an dorchadais, is cinnte go bhfuil faoiseamh ag teastáil.

Agus na laethanta ag éirí níos fuaire, an dorchadas ag brú isteach orainn ar maidin agus san oíche, beimid ag iarraidh diabhlaíocht agus leatrom na spéire a laghdú. Mar sin, ar ball beag, in ionad chlog an Aifrinn, beimid gnóthach sa halla ag plé le ceol na réalacha agus le ciúnas na malartuithe leictreonacha. Sa tslí sin caithfimid uainn brat dúghorm an dorchadais.

Chuige sin, cuirigí dáta in bhur ndialanna agus bígí ag Halla Pobail na Rinne ar an Domhnach deiridh den mhí le haghaidh Mhargadh na Nollag. Osclóidh na doirse ag meán lae agus leanfaidh an margadh ar feadh ceithre uair an chloig. Ná bígí déanach!

Foclóir:

dúlaíocht = bleakness

ceannaitheoirí = purchasers/buyers

sceitimíní = excitement

lánúineacha = couples

dorchadas = darkness