An bogadh ar dheis

Bhain bua an AfD sa Ghearmáin siar as go leor, ach níl deireadh leo go fóill, ná baol air

Bhí léirsithe ar siúl ar fud na Gearmáine tar éis don AfD (Rogha Eile don Ghearmáin) 44 faoin gcéad de na vótaí a fháil i dtoghchán na Sacsaine-Anhalt. Grianghraf: Sean Gallup/Getty Images
Bhí léirsithe ar siúl ar fud na Gearmáine tar éis don AfD (Rogha Eile don Ghearmáin) 44 faoin gcéad de na vótaí a fháil i dtoghchán na Sacsaine-Anhalt. Grianghraf: Sean Gallup/Getty Images

Ábhar imní is ea toradh corraitheach an toghcháin stáit a fógraíodh sa Ghearmáin an tseachtain seo caite, agus is bagairt mhór é, ní hamháin do rialtas na tíre sin, ach don Eoraip i gcoitinne.

Fuair páirtí na heite deise, AfD (Rogha Eile don Ghearmáin), 44 faoin gcéad de na vótaí a caitheadh sa tSacsain-Anhalt, áit ar léir gurbh é a mheall tacaíocht na vótálaithe ná Ulrich Siegmund, ceannaire an AfD sa cheantar. Is polaiteoir óg é a chuaigh os comhair an phobail d’aon ghnó ag iarraidh pearsantacht bhog chairdiúil a thaispeáint, in ainneoin na dteachtaireachtaí nimhneacha frithinimirceacha a bhí á dteilgean ag a pháirtí.

Cloisimid argóintí ó na páirtithe eile go bhfuil an tSacsain-Anhalt ar cheann de na stáit is lú i measc na 16 stát sa Ghearmáin; go bhfuil sé in oirthear na tíre, áit a bhí ar chúl an Chuirtín Iarainn go dtí 1989, ceantar atá níos boichte ná áiteanna eile sa tír agus ina raibh an AfD i gcónaí níos láidre.

Ach níor samhlaíodh go dtí seo go mbeadh an sciar sin den vóta ag an bpáirtí. Tá an AfD tar éis a vóta a dhúbailt i gcomparáid leis an vóta a fuair sé in 2021.

Cad iad na himpleachtaí? Bhuel, in eagarfhocal an Luain seo caite, scríobh príomheagarthóir Der Spiegel, Dirk Kurbjuweit, gurbh uafás an chéad mhothú a rith leis.

“(Níor chreid muid) go bhféadfadh a leithéid tarlú sa Ghearmáin, 80 bliain tar éis dheachtóireacht na Sóisialaithe Náisiúnta, a bhí freagrach as an Dara Cogadh Domhanda, as an Uileloscadh agus as neart gníomhartha uafásacha eile.

“Go bhfeicfimis páirtí nach bhfuil sásta líne shoiléir a tharraingt idir é féin agus an pholaitíocht Naitsíoch, sa bhliain 2026.”

Tá roinnt de na tráchtairí sa Ghearmáin ag rá go bhfuil torthaí an toghcháin teoranta do sheanoirthear na tíre, a bhí faoi smacht an Aontais Shóivéadaigh agus áit a bhfuil an caighdeán maireachtála níos ísle ná in iarthar na tíre. Deirtear go bhfuil cumha ar sciar maith den phobal ar an taobh sin den Ghearmáin i ndiaidh an tseanchórais chumannaigh, agus cumha i ndiaidh an Tríú Reich ar roinnt eile, creid é nó ná creid.

Ní san oirthear amháin a bhraitear na himpleachtaí áfach. Tá dul chun cinn déanta ag an AfD ar fud na Gearmáine. Deich mbliana ó shin, is páirtí imeallach amach is amach a bhí ann, gan ach dornán feisirí tofa.

Ach diaidh ar ndiaidh tá an páirtí tar éis fás le teachtaireachtaí crua ag cáineadh na cothromaíochta sa tsochaí agus ag caitheamh anuas go háirithe ar na dreamanna atá ar an imeall: inimircigh, daoine LADT, Moslamaigh, agus daoine ón gcoigríoch atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta. Ó 2025 i leith, tá 25 faoin gcéad de na suíocháin sa Bhundestag i seilbh an AfD agus tá caint ann anois go bhfuil seans ag an bpáirtí a bheith sa chéad rialtas eile.

Go dtí an Domhnach seo caite bhí an lámh in uachtar sa tSacsain-Anhalt ag an CDU (An tAontas Daonlathach Críostaí). Sin é an príomhpháirtí sa Rialtas, agus, go dtí seo, sa stát sin.

Tá meon roinnt mhaith den phobal athraithe le deich mbliana anuas mar gheall ar na hathruithe atá tar éis tarlú san Eoraip…

Ach thit an tóin as tacaíocht an pháirtí agus is cinnte go mbeidh impleacht thromchúiseach ag an toradh is déanaí seo do cheannaire an CDU - agus Seansailéir na tíre - Friedrich Merz.

Bhí sé corraithe go maith nuair a thug sé a chéad agallamh i mBeirlín tar éis an toghcháin. Ceann de na geallúintí a bhí aige ná go bhfaigheadh sé an ceann is fearr ar an eite dheas agus go laghdódh sé a cuid tacaíochta faoina leath.

Ach is a mhalairt atá tar éis tarlú. Is é an CDU atá anois tar éis leath a thacaíochta a chailleadh agus atá as cumhacht sa tSacsain-Anhalt.

Ní féidir a mhaíomh a thuilleadh go bhfuil páirtithe na heite deise ar an imeall maidir le cumhacht pholaitiúil. Cinnte, tá siad scoite amach agus deir páirtithe eile nach mbeidh baint ná páirt acu leis na dreamanna antoisceacha agus contúirteacha seo. Ach faraor ní féidir neamhaird a thabhairt orthu a thuilleadh. Tá siad níos cóngaraí don chumhacht pholaitiúil ná mar a bhí riamh. Tá meon roinnt mhaith den phobal athraithe le deich mbliana anuas mar gheall ar na hathruithe atá tar éis tarlú san Eoraip, maidir le cogaí, géarchéimeanna eacnamaíochta agus fuinnimh, Covid, agus líon na ndaoine atá ag bogadh go tíortha na hEorpa ón gcoigríoch. Tá dearcadh níos dorcha, níos cúinge agus níos amhrasaí le brath le roinnt blianta anuas. Agus is i méid atá sé ag dul.

Má bhreathnaímid ar fud na hEorpa feictear go bhfuil páirtithe de chuid na heite deise ag fás agus líon na vótálaithe ag tacú leo ag ardú.

Tá Bráithre na hIodáile i gcumhacht sa tír sin agus Giorgia Meloni ina príomh-aire. Tá páirtithe ón eite dheas mar chuid de rialtais san Fhionlainn agus sa tSeicia, agus bhí an PVV, páirtí Geert Wilders, mar chuid de chomhrialtas na hÍsiltíre go dtí anuraidh. Tá Reform agus a cheannaire Nigel Farage ag dul in adharca leis na páirtithe bunaíochta sa Bhreatain chomh maith, cé go mothaím go bhfuil tacaíocht na gluaiseachta sin ag trá anois.

Agus céard faoin tír seo? Bhuel, go dtí 2024, bhí na páirtithe agus gluaiseachtaí ar an eite dheas beag bídeach amach is amach. Ach tharla roinnt eachtraí ó gheimhreadh 2023 ar aghaidh a d’athraigh an scéal sin.

Nuair a phléasc círéibeacha ar fud chathair Bhaile Átha Cliath i Samhain na bliana sin, chonaiceamar an chéad chomhartha go raibh gluaiseacht nach beag ag fás in aghaidh na hinimirce. Go gairid ina dhiaidh sin bhí géarchéim maidir leis an ardú mór ar líon na n-iarrthóirí tearmainn atá ag teacht isteach sa tír, agus bhí an Rialtas ar a mhíle dícheall ag iarraidh lóistín a aimsiú. Bhí agóidí – cuid acu nimhneach – in aghaidh ionaid chónaithe do lucht iarrtha tearmainn a lonnú i gcathracha agus i mbailte na tíre.

Den chéad uair riamh toghadh iarrthóirí ón eite dheas sna toghcháin áitiúla, formhór acu i mBaile Átha Cliath. Ach ní raibh ach seisear acu san iomlán as 930 comhairleoir a toghadh sa Stát. Ag an am céanna, is briseadh tríd a bhí sa mhéid sin ann féin agus is cinnte go bhfeicfimid níos mó díobh tofa amach anseo.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times