Gaisce Gunnair

Tá ríshliocht iománaíochta Bhaile Gunnair chomh láidir is a bhí riamh i gContae Phort Láirge

Mark Hartley tar éis dó cúl a aimsiú ar son Bhaile Gunnair in aghaidh fhoireann Chaisleáin Cuanach. Grianghraf: Ryan Byrne/Inpho
Mark Hartley tar éis dó cúl a aimsiú ar son Bhaile Gunnair in aghaidh fhoireann Chaisleáin Cuanach. Grianghraf: Ryan Byrne/Inpho

Coicís ó shin, ar an 30 Lúnasa 2026, rinne iománaithe Bhaile Gunnair éacht nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsearach Iomána Phort Láirge don tríú huair déag as a chéile - gaisce nach bhfuil déanta ag aon chlub iománaíochta eile.

Ach tá dhá chlub peile tar éis é a dhéanamh. Idir 1904 agus 1916, bhuaigh Stiofánaigh Bhéal an Átha trí chraobh déag as a chéile i gCraobh Shinsearach Peile Mhaigh Eo. Is amhlaidh an scéal le Raonaithe na Croise, i gCraobh Peile Ard Mhacha, a bhuaigh trí theideal déag idir 1996 agus 2008.

Tá craobhacha contae, cúige agus na hÉireann buaite ag Baile Gunnair agus i mí Eanáir 2026, bhuaigh siad Craobh Shinsearach na hÉireann den dara huair nuair a sháraigh siad Baile Locha Riach na Gaillimhe. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann den chéad uair in 2022. Tá Craobh na Mumhan buaite acu sé huaire agus anois tá Craobh Iomána Phort Láirge buaite acu cúig huaire is fiche. Ach tá scéal níos suntasaí fós ag Baile Gunnair agus iad dochloíte le 74 chluiche craoibhe i bPort Láirge. Níl aon fhoireann tar éis an lámh in uachtar a fháil orthu le 4,095 lá! An uair dheireanach a chaill siad cluiche sa chontae ná an cluiche in aghaidh De La Salle ar an 23 Meitheamh 2015. Ó shin i leith tá an club tar éis caighdeán dochreidte, údarásach a bhaint amach.

Bunaíodh CLG Baile Gunnair in 1954, mar thoradh ar fhís an mhúinteora Jimmy McGinn. Nuair a tháinig McGinn go dtí an ceantar, thuig sé go raibh tallann agus suim san iománaíocht i measc na bpáistí áitiúla. Bhí iománaíocht á himirt sa scoil roimh bhunú an chlub agus d’éirigh go geal leis na foirne óga i gcomórtais éagsúla. Ní raibh McGinn féin ina shaineolaí ar an iománaíocht, ach thuig sé an luach a bhain leis an spórt don phobal. D’iarr sé cabhair ar dhaoine áitiúla agus ar na Bráithre Críostaí chun an cluiche a thuiscint agus na scileanna a fhoghlaim.

Níl aon fhoireann tar éis an lámh in uachtar a fháil orthu le 4,095 lá! An uair dheireanach a chaill siad cluiche sa chontae ná an cluiche in aghaidh De La Salle ar an 23 Meitheamh 2015.

Bhuaigh foireann na mionúr craobh Phort Láirge an bhliain chéanna a bunaíodh an club. Níorbh fhada gur éirigh leo an bua a fháil arís. Bhuaigh Baile Gunnair craobh shóisearach an chontae laistigh de thrí bliana agus fuair siad ardú céime go dtí an grád sinsearach sna 1960idí, tráth a bhuaigh an club trí chraobh shinsearacha as a chéile idir 1966 agus 1968. Bhí tréimhse níos deacra ann ina dhiaidh sin tar éis ísliú céime a fháil go dtí an leibhéal idirmheánach. Níor éirigh leo filleadh ar an ngrád sinsearach go dtí 1984. Ach bhí obair iontach á déanamh ag na leibhéil faoi aois agus thosaigh glúin nua ag teacht chun cinn. Chabhraigh na foirne faoi 21 a bhuaigh dhá chraobh as a chéile sna blianta 1988 agus 1989 agus ba iad a chuir an síol do ré órga eile sna 1990idí.

Más ar fhorlámhas agus ar dhul chun cinn leanúnach atá scéal Bhaile Gunnair bunaithe, tá scéal Chaisleán Cuanach bunaithe ar fhoighne agus ar obair chrua.

Tá an club ag freastal ar cheantar tuaithe, gar do theorainn Thiobraid Árann, ina bhfuil thart ar 300 teach agus timpeall 1,000 duine. Bunaíodh é in 1926 agus tá siad ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód i mbliana. Is é Caisleán Cuanach club na hiománaíochta sa cheantar, agus tá dlúthbhaint acu leis an Uidhir, an club peile sa dúiche. Ní ceantar mór é Caisleán Cuanach ach tá dúil mhór ag an bpobal sna cluichí Gaelacha agus tá traidisiún láidir ann maidir le himreoirí cumasacha a thabhairt chun cinn.

Bliain ar leith a bhí ann do Chaisleán Cuanach i mbliana. Bhuaigh siad craobh shóisearach Phort Láirge in 1955 agus 1963, agus craobhacha idirmheánacha sna blianta 1979, 1989 agus 2001. Tar éis dóibh Dún Áill a shárú i gcluiche ceannais idirmheánach 2001, d’éirigh leo ardú céime a fháil go dtí an leibhéal sinsearach in 2002. Ach níor éirigh leo cluiche ceannais sinsearach an chontae a bhaint amach go dtí 2026.

Mar chuid den cheiliúradh agus iad céad bliain ar an bhfód, bhí Caisleán Cuanach ag iarraidh cluiche ceannais Chraobh Shinsearach Iomána Phort Láirge a bhaint amach, rud nach raibh déanta ag aon fhoireann shinsearach sa chlub roimhe sin. Trí seachtaine ó shin, ar an 23 Lúnasa, rinne siad é sin nuair a sháraigh siad An Ruán Mór sa chluiche leathcheannais. Chinntigh siad a n-áit sa chluiche ceannais an tseachtain ina dhiaidh sin le haghaidh a thabhairt ar Bhaile Gunnair i gCraobh Iomána Phort Láirge.

Thug Caisleán Cuanach faoin gcluiche ceannais le luas agus le díograis. Chuir siad tús láidir leis an gcéad leath le 0-8 in aghaidh 0-3 tar éis 23 nóiméad. Ach i ndiaidh theacht aniar Bhaile Gunnair, bhí na foirne cothrom ag leath ama, 0-9 an taobh. Sa dara leath, d’éirigh leis an gCaisleán Baile Gunnair a chur faoi bhrú arís agus bhí siad trí chúilín chun cinn, 0-15 in aghaidh 0-12, tar éis 53 nóiméad. Sa deireadh, áfach, léirigh na curaidh a dtaithí agus a gcumas scórála. D’aimsigh siad 1-4 gan aon fhreagra sa tréimhse dheireanach agus bhuaigh siad 1-16 in aghaidh 0-15. Ba é an t-ionadaí Mark Hartley a scóráil an cúl déanach a chinntigh an bua dóibh.

Thuigfeá an díomá a bhí ar Chaisleán Cuanach nuair a séideadh an fheadóg dheireanach ach ba cheart go seasfadh an taithí leo. I mbliana, bhuaigh a bhfoireann shóisearach B craobh an Chontae agus shroich an fhoireann shinsearach cluiche ceannais an chontae den chéad uair riamh. Leanfaidh Baile Gunnair ar aghaidh anois ar aistear na bliana seo, gan ach seasca nóiméad eatarthu agus craobh na Mumhan anois.Ach beidh siad ag fanacht ar feadh deich seachtaine eile sula n-imreofar cluiche leathcheannais na Mumhan. Má éiríonn leo an bua a fháil in aghaidh sheaimpíní Luimnigh, beidh siad ag tabhairt aghaidh ar Chraobh na Mumhan don naoú bliain as a chéile!

Foclóir:

Coicís = fortnight

Curaidh = champions

Mumhan = Munster

Idirmheánach = intermediate

Cothrom = level

Feadóg = whistle

teacht aniar = comeback

fanacht = waiting