Dhá scéim nua seolta ag Foras na Gaeilge

Na Ceithre hAirde: Bígí linn! scéim nua seolta; cúrsaí aeráide mar ábhar plé; Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026 fógartha

An tAire Gaeltachta Dara Calleary le Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.
An tAire Gaeltachta Dara Calleary le Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, dhá scéim maoinithe nua de chuid Fhoras na Gaeilge agus é ar cuairt ar Cheannáras Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite.

Beidh sé mar aidhm ag an scéim úrnua Bígí Linn deiseanna úsáidte Gaeilge a éascú do phobail a bhfuil tearcionadaíocht acu i bpobal na teanga. Tá ciste €50,000 ar fáil don scéim seo.

Díreoidh Glacaigí Páirt, scéim a bhfuil ciste €90,000 ar fáil di, ar thacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí le páirt a ghlacadh i ngnáthghníomhaíochtaí ar bhonn rialta nó caitheamh aimsire trí Ghaeilge i gcomhthéacsanna sóisialta, neamhfhoirmiúla agus taitneamhacha.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur “chuir an méadú de bhreis agus €2 mhilliún a cheadaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, d’Fhoras na Gaeilge níos luaithe i mbliana ar ár gcumas infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcur chun cinn na Gaeilge ag leibhéil an phobail. Táimid ag súil go mór le tionchar na hinfheistíochta sin ar úsáid laethúil agus shóisialta na Gaeilge i measc grúpaí pobail a fheiceáil trí na scéimeanna nua a sheol an tAire inniu.”

Bhí an tAire i láthair le plé a dhéanamh leis an Chathaoirleach agus leis an fhoireann Ardbhainistíochta ar an dul chun cinn atá déanta ó d’fhógair sé ardú maoinithe suntasach don fhoras forfheidhmithe Thuaidh Theas ag tús na bliana seo fosta.

Chuir Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, agus an fhoireann Ardbhainistíochta riachtanais bhuiséid 2027 i láthair an Aire, agus leag siad amach na príomhthosaíochtaí maoinithe don eagraíocht. Leag an Cathaoirleach béim ar an ghá atá le creat maoinithe ilbhliantúil go dtí 2030 chun freastal ar an éileamh méadaithe ón phobal agus chun tacú le dúshláin sna hearnálacha oideachais agus óige.

I measc na dtosaíochtaí, tá babhta nua den Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus maoiniú méadaithe do scéimeanna a chruthaíonn deiseanna úsáide Gaeilge sa phobal. Pléadh an easpa soláthair cúraim leanaí trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fosta, go háirithe i mBaile Átha Cliath, sin agus an gá le cur chuige comhordaithe maidir le teagasc na Gaeilge d’aosaigh agus an infheistíocht atá riachtanach chun tacú le claochlú digiteach earnáil na Gaeilge.

Tá €2.5 milliún breise á lorg ag Foras na Gaeilge in 2027 chun freastal ar na riachtanais sin.

Tá na scéimeanna nua beo anois ar shuíomh gréasáin an Fhorais ag forasnagaeilge.ie/sceimeanna-maoinithe/.

Cruinniú poiblí eagraithe ag Conradh na Gaeilge le cúrsaí aeráide san eagraíocht a phlé

Beidh cruinniú ar líne ag an Mheitheal Aeráide de chuid Chonradh na Gaeilge Dé Luain seo chugainn, an 20 Iúil, le plé a dhéanamh ar chúrsaí aeráide san eagraíocht agus ar na chéad chéimeanna eile a ghlacfaidh siad chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Ag caint le Scéal an tseachtain seo caite, dúirt Eibhlín Nic Cormaic, Cathaoirleach na Meithle Aeráide, gurb í “príomhaidhm na Meithle seo ná go mbeidh muid in ann a bheith cinnte de go bhfuil dea-éifeacht ag an eagraíocht ó thaobh cúrsaí timpeallachta de, agus go mbeidh muid chomh glas agus is féidir. Ba mhaith linn go mbeadh daoine in ann tuairimí agus smaointe s’acu a roinnt agus páirt ghníomhach a ghlacadh ann freisin”.

“Mar sin, tá sé mar aidhm againn ní hamháin go mbeidh muid ag obair ar pholasaithe a athrú agus ar sheisiúin eolais a eagrú, ach imeachtaí spraíúla a chur ar fáil do dhaoine leis an ardú feasachta a dhéanamh ar bhealach atá taitneamhach.

“Is soiléir an éifeacht atá á himirt ag an athrú aeráide ar ár saol agus tá rudaí ag athrú ar luas lasrach faoi láthair. Tá muid an-bhuartha faoi thodhchaí an domhain ó thaobh na timpeallachta de agus is meitheal í

seo a dhéanann gach iarracht a bheith ag obair ar son na timpeallachta i gcónaí.”

Beidh an cruinniú poiblí seo oscailte do chách agus is féidir teacht ar an nasc Zoom ag @cnagaeilge ar Instagram nó ar shuíomh gréasáin an Chonartha www.cnag.ie. Cuirfear tús leis an chruinniú ag 6pm.

Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026 fógartha

Is le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na féilte is mó i saol cheol traidisiúnta na hÉireann, a ainmníodh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 na bliana seo go hoifigiúil. Bhailigh scaifte in Óstán an Armada, Rinn na Spáinneach, Contae an Chláir an tseachtain seo caite don ócáid mhór cheiliúrtha.

Le beagnach 30 bliain anuas, tá Gradam Ceoil ar cheann de na gradaim is mó agus is aitheanta a bhronntar i gceol traidisiúnta na hÉireann, lena ndéantar éacht, cruthaitheacht agus tionchar cultúir den scoth a cheiliúradh i seacht gcatagóir ar leith.

Dar le TG4, is “léargas iad buaiteoirí na bliana seo ar shaibhreas, ar fhairsinge agus ar bheocht leanúnach an traidisiúin, idir cheoltóirí agus amhránaithe den scoth, taibheoirí óga, ensembles agus iadsan a bhfuil obair ríthábhachtach déanta acu le blianta fada anuas.”

I measc bhuaiteoirí na bliana seo bhí Cathal Hayden, Pauline Scanlon, Mickey Dunne, Cherish the Ladies, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, Niall Vallely agus The Tulla Céilí Band.

Dúirt an Dr Áine Hensey, Cathaoirleach ar Choiste Roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4, go “dtugann buaiteoirí na bliana 2026 léargas dúinn ar chomh domhain agus chomh fairsing agus atá cultúr ceoil na tíre. Ó phobail éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin, cuireann siad i gcuimhne dúinn nach bhfuil teorainn le saibhreas ár ndúchais ceoil.”

Beidh ceolchoirm agus searmanas speisialta Ghradam Ceoil TG4 2026 ar siúl i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, Dé Domhnaigh an 13 Meán Fómhair 2026. Craolfar an ócáid beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4, agus beidh aoicheoltóirí agus láithreoirí speisialta ar stáitse in éineacht le buaiteoirí na ngradam le haghaidh oíche lán ceoil, ceiliúrtha agus siamsaíochta.