Curaidh na gcúigí le dul chun catha

Beidh cluichí leathcheannais Chraobh Sinsear Peile na mBan ar siúl an deireadh seachtaine seo

An t-imreoir Bhaile Átha Cliath, Carla Rowe, in éineacht le lucht tacaíochta an chontae tar éis a mbua ar Chorcaigh sa chluiche ceathrú ceannais. Grianghraf: Inpho/Laszlo Geczo
An t-imreoir Bhaile Átha Cliath, Carla Rowe, in éineacht le lucht tacaíochta an chontae tar éis a mbua ar Chorcaigh sa chluiche ceathrú ceannais. Grianghraf: Inpho/Laszlo Geczo

Tá ceithre chontae fágtha sa rás do Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín. Tar éis chluichí na ngrúpaí agus na gcluichí ceathrú ceannais inar cuireadh scileanna agus doimhneacht na bhfoirne faoi bhrú, is iad Ard Mhacha, Baile Átha Cliath, Ciarraí agus Gaillimh atá tar éis áit a bhaint amach sna cluichí leathcheannais i gCraobh TG4.

Léirigh na contaetha seo ardchaighdeán go dtí seo. Bhí meascán de thaithí agus de dhiongbháilteacht le sonrú ina gcuid imeartha, agus chruthaigh siad gurb iad na foirne is láidre sa tír faoi láthair. D’éirigh thar barr le seaimpíní na gCúigí agus is iadsan na foirne atá fágtha anois. Tá sé spéisiúil freisin go raibh an bua ag na foirne uilig a d’imir a gcuid cluichí ceathrú ceannais sa bhaile. Bhí an buntáiste baile acu uilig mar gheall gur tháinig siad ag barr a gcuid grúpaí sa Chraobh.

Bhain Ard Mhacha an tríú teideal as a chéile i gCúige Uladh tar éis dóibh feachtas den scoth a chur le chéile. Tá ocht gcinn anois acu agus an fhoireann ag cruthú go hiontach. Bhí an chosaint an-eagraithe agus bhí Aimee Mackin, Aoife McCoy agus Lauren McConville ar fheabhas san ionsaí. Tá cúig bliana is fiche caite ag Caroline O’Hanlon ag imirt le hArd Mhacha agus tá luach a cuid taithí le feiceáil in imirt na foirne. Imríonn sí i lár na páirce agus feictear í sa líne lántosaithe go minic freisin. Cuirtear isteach ar imeall na cearnóige í nuair a theastaíonn scóranna cinniúnacha i dtreo dheireadh an chluiche. Thug an bua cúige muinín mhór don fhoireann. Bhuaigh siad cluichí tábhachtacha ar Chorcaigh agus ar Phort Láirge sular sháraigh siad Cill Dara sa chluiche ceathrú ceannais chun áit a bhaint amach sna cluichí leathcheannais. D’aimsigh Mackin 2-03 ach bhí an-taispeántas ag mná Chill Dara a bhí faoi stiúir Pat Sullivan (iarbhainisteoir Phort Láirge). Ní raibh ach an t-aon chúl amháin idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

Ní hamháin gur ceithre fhoireann den scoth atá fágtha sa chomórtas, ach ceithre chontae a léirigh forbairt leanúnach agus infheistíocht sa pheil ban le roinnt blianta anuas.

Lean Áth Cliath orthu ag léiriú gurb iad an fhoireann is láidre i Laighin agus bhain siad a dtríú teideal déag as a chéile amach i gcraobh an chúige. Chríochnaigh siad ag barr a ngrúpa le buanna suntasacha ag tosú le cluiche láidir i gcoinne Mhaigh Eo. Sa chluiche ceathrú ceannais, bhí teacht aniar drámatúil acu in aghaidh Chorcaí, agus le dhá chúl dheireanacha, chinntigh siad áit sa chluiche leathcheannais.

Bhí Gaillimh ar fheabhas i gConnachta agus bhuaigh siad a dtríú craobh chúige as a chéile. D’imir siad peil bhreá oscailte agus chruthaigh siad neart deiseanna scórála. Lean an fhoirm sin sa chraobh, áit ar chríochnaigh siad ag barr a ngrúpa. Sa chluiche ceathrú ceannais chuir siad taispeántas den scoth isteach i gcoinne Mhaigh Eo agus bhí bua compordach acu.

Maidir leis na mná ó dheas, bhuaigh Ciarraí craobh na Mumhan don tríú bliain as a chéile agus léirigh siad an neart atá sa phainéal. Bhí Síofra O’Shea agus Mary O’Connell ar fheabhas. Bhain siad barr a ngrúpa amach sa chraobh agus ansin sháraigh siad an Mhí go húdarásach sa chluiche ceathrú ceannais. Is éard a bheidh sa chéad chluiche leathcheannais ná athimirt ar chraobh na hÉireann 2023 idir dhá cheann de na foirne is láidre le blianta beaga anuas – Baile Átha Cliath agus Ciarraí. Tá sean-aithne ag roinnt de na himreoirí ar a chéile. Tá mná na príomhchathrach ag cosaint an teidil agus tháinig siad slán ó dhúshlán crua i gcoinne Chorcaí sa cheathrú ceannais. Léirigh siad arís an taithí atá riachtanach ag an leibhéal is airde, fiú agus iad faoi bhrú. Tá cothromaíocht shuntasach i bhfoireann Átha Cliath. Ní bheidh eagla ar bith ar Chiarraí, áfach. Bhí siad thar a bheith cumhachtach sa chluiche ceathrú ceannais agus chuir siad taispeántas údarásach isteach. Tá meascán iontach den taithí agus den óige sa scuad acu. Beidh cruinneas na gciceanna saora agus an cumas deiseanna a chríochnú faoi bhrú chomh tábhachtach céanna ar an lá.

Sa chluiche leathcheannais eile, tabharfaidh Ard Mhacha agus Gaillimh aghaidh ar a chéile. Tá cosaint eagraithe ag mná Uladh agus ní ghéilleann siad go héasca. Tháinig Gaillimh isteach sa chluiche leathcheannais tar éis bua an-láidir sa chluiche ceathrú ceannais. Bhí siad éifeachtach os comhair an chúil agus léirigh siad go bhfuil siad in ann cluiche a athrú a bhuí le tréimhse ghearr de pheil ionsaitheach den scoth. Tá luas agus scil acu sna línte tosaigh agus beidh siad ag iarraidh na himreoirí sin a chur isteach i spás chomh minic agus is féidir. Ceann de na gnéithe is suimiúla den chluiche seo ná an chosúlacht idir stíleanna imeartha an dá fhoireann. Is minic a bhíonn Ard Mhacha agus Gaillimh foighneach, ag fanacht leis an deis cheart chun ionsaí a dhéanamh. Ach briseann siad le luas agus iad ar an bhfrithionsaí chun scóranna a aimsiú.

Ní hamháin gur ceithre fhoireann den scoth atá fágtha sa chomórtas, ach ceithre chontae a léirigh forbairt leanúnach agus infheistíocht sa pheil ban le roinnt blianta anuas. Tá caighdeán na craoibhe ag dul i bhfeabhas gach bliain. Is beag atá idir na foirne i ndáiríre. D’fhéadfadh na rudaí beaga an buntáiste a thabhairt d’fhoireann – cic saor, sábháil ón gcúl báire, cárta buí nó cúl ag an am ceart. Beidh bainisteoirí na bhfoirne ag díriú ar an ullmhúchán síceolaíochta chomh maith leis an ullmhúchán fisiciúil. Tá gach rud réidh, mar sin, do dheireadh seachtaine cinniúnach. Tá ceithre fhoireann ar ardchaighdeán fós sa chomórtas agus beidh gach ceann acu den tuairim go bhfuil siad in ann Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a ardú. Beidh lucht leanúna na peile ag súil le dhá chluiche leathcheannais spleodracha, lán de scil agus de dhian-iomaíocht. Beidh buaiteoirí na gcluichí seo céim amháin níos gaire don lá mór i bPáirc an Chrócaigh, agus is cinnte go mbeidh gach cic, gach bloc agus gach scór fíorthábhachtach ar an aistear sin.

Foclóir

diongbháilteacht = determination/resilience

frithionsaí = counter-attack

síceolaíochta = psychological

cinniúnach = decisive/crucial

údarásach = authoritative/commanding

spleodrach = spectacular/thrilling

dian-iomaíocht = intense competition

cothromaíocht = balance/equilibrium

infheistíocht = investment