Meascra Ábhair

‘Geimhreadh’, ‘samhradh’, ‘colbha’, agus focail eile atá faoi chaibidil an tseachtain seo.

Tá dhá chuid san fhocal samhradh – samh (= teas) + - ra (= tréimhse teasa). Grianghraf: iStock/Getty
Tá dhá chuid san fhocal samhradh – samh (= teas) + - ra (= tréimhse teasa). Grianghraf: iStock/Getty

Beidh meascán ábhair againn inniu agus gan ceangal láidir idir na codanna éagsúla díobh.

Má thosaíonn muid leis an fhocal meascra atá sa teideal agam, beidh a fhios ag an té atá eolach ar an teanga gur mír ar leith an ‘ra’ a leanann measc. Ciallaíonn sé bailiúchán de rud ar bith – sa chás seo ábhair dhifriúla a tharraingt le chéile.

Bhí litriú eile air i dtús ama – r(e)adh. Ach ní gnách inniu an ‘dh’ a scríobh. Is í an mhír –(e)adh a bhíodh á scríobh ó Ré na SeanGhaeilge anuas. Is sa dá fhocal samhradh agus geimhreadh a coinníodh an -eadh slán. Tá dhá chuid san fhocal samhradh – samh (= teas) + - ra (= tréimhse teasa).

Is ionann geimhreadh agus geimh-/-goimh = fuacht, dochar + -readh. Mar sin thig linn a rá gur tréimhse d’aimsir the a chiallaionn an focal samhradh agus gur tréimhse d’aimsir fhuar ghoimhiúil is brí leis an fhocal geimhreadh.

Le caighdeánú na teanga le beagnach céad bliain anuas, is é an litriú gan an ‘dh’ is mó atá á chur chun cinn. Seo roinnt samplaí den litriú nua – Gasra, Macra, Ógra agus go leor eile.

Fuair mé nóta ag iarraidh orm cúpla focal eile a rá faoin fhocal colbha. Tá úsáidí go leor á bhaint as an fhocal colbha sa NuaGhaeilge. Ciallaíonn sé go bunúsach an t-imeall nó an taobh amuigh de rud éigin – leaba(idh), stól, áit suí taobh istigh de theach srl. Luaitear fosta é le himeall uisce nó locha. Tabhair faoi deara an sampla seo ag siúl le colbha an chuain ‘walking along the beach’. Chuala mé fosta colbha cloiche á thabhairt ar pillar, post an Bhéarla.

Focal eile a raibh léitheoir ag fiosrú faoi – an focal colpa ‘calf of leg’ agus an bhfuil gaol aige leis an fhocal colpach ‘yearling heifer or bullock’? Ciallaíonn colpa ‘stout, sturdy’ agus tagraíonn sé don chuid ramhar den chois idir an ghlúin agus an murnán. D’fhéadfadh sé gur ón bhonn chéanna an dá fhocal mar is minic an cholpach cineál reamhar sna chéad sé mhí go dti go bhfásann sí tuilleadh.

Is ó shé mhí ar aghaidh is gnách colpach a thabhairt ar ainmhí fireann nó baineann. Ós ar an cheann bhaineann is mó a thugtar é, deirtear colpach fhireann leis an cheann fhireann le iad a idirdhealú óna chéile. Tugtar coilpín ar cholpach idir 3-6 mhí d’aois fosta. Chuala mé troithíní colpa ar chineál ar leith stocaí. Tugann Foclóir Uí Dhónaill vampless stocking orthu.

Bhí duine ag fiafraí díom an raibh cialla eile le Colm seachas an t-ainm dílis. Tá ciall choitianta eile leis - an lorg a fhágann gearradh ina dhiaidh ar chraiceann duine nuair a chneasaíonn sé - scar an Bhéarla. Bhí an leagan colm na cluaise sa teanga uair amháin, agus go fóill b’fhéidir, agus an chiall sinew, tendon leis.

Tá an focal caidreamh an-choitianta i nGaeilge an lae inniu. Is dóiche gur beag smaoineamh a nítear air ach is suimiúil dúinn dearcadh ar bhunús an fhocail. Is cosúil gur ó con-trebha a tháinig sé agus gurb é an bhrí a bhí leis a bheith i gcuideachta do dhaoine féin agus a bheith go minic ina measc. Is as sin a tháinig an chiall a bheith cairdiúil agus mór le do mhuintir féinis é sin, dáimh a bheith agat leo. Nuair nach mbíonn an caidreamh ann, deirtear is doiligh é/í a thabhairt chun caidrimh.

Dhá fhocal eile a mbíonn daoine ag easaontú fúthu – colainn agus corp. An ionann ciall don dá fhocal? Cén leagan Béarla is fearr orthu? body, flesh, corpse, trunk? Deirtear-Léim sé as a chorp, Tá an corp ós cionn cláir. Peacaí na colna a deirtear coitianta. Fáilte le tuairimí faoin scéal seo!!

Luaigh duine éigin an t-ainm Dubhaltach liom tamall ó shin. Is ainm é atá coitianta i nDún na nGall agus i dTuaisceart Chonnacht.

Ar ndóigh bhí an Dubhfhaltach Mac Firbhisigh againn agus rinne seisean éacht lena linn. Is é Dubh + Fholtach an bunainm. Athraíodh folt go falt sa chaint. Ciallaíonn folt an ghruaig a fhásann ar do cheann/chloigeann. Tá na leaganacha seo ann – foltbhuí ‘redhaired’, foltchas ‘curly-locked’, foltgharbh ‘rough-haired’ , foltscaoilte ‘locks, tresses’.

Tháinig leagan eile chun cinn foltghabháil – tarraingt gruaige – go háirithe gruaig na mban. Ach sa tseandlí chuirtí an dlí ar na daoine as gruaig dhaoine eile a tharraingt – cé acu le linn troda é nó am ar bith eile. Bígí ar bhur n-aire!!

Foclóir

Cneasaíonn = Heals.

Coilpín = 3-6 year-old heifer or bullock.

Colbha = Outer edge, ledge.

Dáimh = Love of kind, natural affection.

Goimhiúil = Stinging, biting (wind).

Murnán = Ankle.

Meascra = Miscellany, Collection.

Mír = Segment

Ní gnách = It is not customary, usual.