Tá na híomhánna den fhoréigean forleathan a tharla i mBéal Feirste an tseachtain seo caite feicthe againn uilig. Ionsaí fíochmhar a rinneadh ar shráid i dtuaisceart na cathrach a spreag an trioblóid, agus sna laethanta dár gcionn baineadh úsáid as an eachtra uafásach seo chun daoine a mhealladh amach le dul i mbun círéibe. Lasmuigh den fhoréigean, tharla díospóireachtaí maidir le cúrsaí slándála, an inimirce, agus an Comhlimistéar Taistil fiú. Rinneadh plé ar an-chuid ceisteanna le chéile, ach an snáithe leanúnach iontu ar fad ná go bhfuil fadhb an chiníochais beo láidir.
An físeán den ionsaí a rinneadh ar Stephen Ogilvie agus a scaipeadh go gasta ar na meáin shóisialta, b’shin an chéad rud a chuir idir eagla agus fhearg ar dhaoine. Cé gur gabhadh an t-ionsaitheoir, Hadi Alodid, láithreach agus gur cúisíodh os comhair na cúirte é an lá ina dhiaidh, baineadh úsáid as an ionsaí le hagóidí a eagrú ar cheist na hinimirce. Ní raibh sna hagóidí sin ach leithscéal do dhaoine áirithe le dul i mbun foréigin ar an ábhar gur ó thír eile, an tSúdáin, a tháinig an fear a rinne an t-ionsaí.
Mar is furasta a dhéanamh anois in aois na meán sóisialta, scaipeadh eolas ar bhun anaithnid neamhoifigiúil faoi na cruinnithe a bheadh ann. Tháinig na sluaite amach ar na sráideanna agus rinneadh damáiste dochreidte, d’áitribh agus do dhaoine. Cuireadh tithe agus gluaisteáin trí thine, theith páistí óna mbailte agus scriosadh gnólachtaí.
Ní bhainfidh aon rud den ionsaí millteanach a rinneadh ar Stephen Ogilvie, ach ní fhéadfadh an trioblóid a lean aon mhaitheas a dhéanamh dó ach an oiread. D’eisigh teaghlach Ogilvie ráiteas ag impí ar dhaoine gan leanúint leis an fhoréigean, ach níor éisteadh leo.
READ MORE
Níor chloígh na dreamanna ar na sráideanna le mianta an teaghlaigh mar, le fírinne, ní leis an ionsaí féin a bhain an trioblóid. Leithscéal a bhí ann. Roghnaíodh an cás seo mar gheall ar chúlra an ionsaitheora, ní mar gheall ar an ionsaí féin.
Tá sé seo feicthe againn cheana féin le blianta beaga anuas. Tá muid anois a bheag nó a mhór bliain ar aghaidh ón fhoréigean a bhí ar an Bhaile Meánach, áit a raibh go leor de na téamaí céanna lárnach sa dioscúrsa. Círéibeacha ar mhaithe le “cosaint” a dhéanamh ar dhaoine, agus a rinne damáiste ollmhór ar an cheantar ina raibh siad ina gcónaí.
Ní cosaint a bhíonn ar bun ag rannpháirtithe na gcíréibeacha seo áfach. I measc na ndaoine is mó a d’fhulaing an tseachtain seo caite bhí teaghlaigh a cuireadh amach óna dtithe, cúramóirí baile agus banaltraí a raibh eagla orthu taisteal chun na hoibre. Do chuid mhór daoine ó mhionlaigh eitneacha, cuireadh deireadh le haon mhuinín a bhí acu go raibh siad sábháilte anseo.
Cén saghas cosanta a bhí ansin?
Níl aon amhras ach go bhfuil fadhb le foréigean sa tuaisceart, ach ní bhaineann sé le ceist na hinimirce. Maraíodh 30 bean i dTuaisceart Éireann ó 2020, an chuid is mó acu mar gheall ar dhrochíde sa teaghlach. Ní raibh aon duine amuigh ag troid ar na sráideanna do na mná siúd. Níor tháinig leithéidí Tommy Robinson nó Elon Musk ar líne chun tionchar a imirt ar a son, mar a tharla sa chás seo.
Idir dheis agus leithscéal a bhí san ionsaí do ghníomhaithe ar an éite dheas daoine a ghríosú agus tuilleadh eagla agus bréageolais a scaipeadh faoin inimirce.
Fo-phlota aisteach sa scéal ná iarracht an DUP aird a tharraingt ar cheist na teorann le linn an phlé ar an trioblóid a bhí ag tarlú i mBéal Feirste. Thosaigh siad ag labhairt faoin bhealach ar thaisteal Alodid go Béal Feirste ar dtús, agus thóg siad ceisteanna maidir leis an Chomhlimistéar Taistil idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chúrsaí slándála.
Is fíor gur tháinig Alodid go Béal Feirste trí Bhaile Átha Cliath, ach ba é Rialtas na Ríochta Aontaithe a bhronn stádas mar theifeach air faoina rialacha féin, rud a lig dó fanacht sa chathair. Cén fáth, mar sin, ar cuireadh an oiread sin béime ar an mhodh taistil a bhí aige an chéad lá?
Rinneadh plé fada ar cheist na teorann le linn an Bhreatimeachta agus ar na cúiseanna a bhfuil an socrú reatha, is é sin teorainn oscailte, i bhfeidhm. Is léir go raibh ceannasaí an DUP Gavin Robinson, agus baill eile den pháirtí, ag déanamh iarracht fócas a bhaint den easpa freagraí atá acu ar na dearcthaí ciníocha a bhí á léiriú, agus ag tapú na deise a gclár féin a bhrú chun tosaigh arís.
Mar a sheasann sé anois, beidh idir imní agus eagla ar an-chuid daoine de chúlra na mionlach eitneach go ceann i bhfad, beidh taifead cóiriúil ag daoine óga a mealladh amach chun na sráideanna, agus easpa muiníne agus easpa dóchais i measc an phobail faoin spotsolas in athuair. Léiríodh go bhfuil sé i bhfad rófhurasta do dhaoine foréigean mar seo a chothú, agus fíordheacair smacht a choinníoll air nuair a thosaíonn sé. Léiríodh chomh maith go bhfuil baol nach beag ann go mbeidh tuilleadh trioblóide le feiceáil ar na sráideanna amach anseo mura féidir dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá taobh thiar de.
Foclóir:
dúshlánach = challenging
fíochmhar = ferocious/vicious
círéib = riot/civil disturbance
mealladh = to lure/enticerann
bunchúiseanna = root causes
mionlaigh eitneacha = ethnic minorities
gríosú = to incite/stir up
bréageolas = misinformation/disinformation










