Aimsigh margadh maith le Gaeil na Gaillimhe

Thall is Abhus: Gaeil na Gaillimhe; Deiseanna taithí oibre; aire a thabhairt don chraiceann agus spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach.

Cumann CLG Gaeil na Gaillimhe
Cumann CLG Gaeil na Gaillimhe

Más i gCathair na dTreabh a bheidh tú an deireadh seachtaine seo, tapaigh an deis chun bualadh isteach chuig Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic, áit a mbeidh margadh éadaí ar siúl ag Gaeil na Gaillimhe le hairgead fíorthábhachtach a bhailiú don chlub.

Bunaíodh Gaeil na Gaillimhe CLG ag tús na bliana 2016 leis na cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe. Áis den scoth atá sa ghrúpa do Ghaeil óga teacht le chéile agus caitheamh aimsire a chleachtadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Ag caint liom an tseachtain seo, dúirt Emer Nic Giolla Chearra, Oifigeach Gaeilge le Gaeil na Gaillimhe, gurb é an margadh seo an deis “is luachmhaire” a bhíonn ag an chlub chun airgead a bhailiú.

“Sna seachtainí roimh an imeacht, bíonn baill den chlub gnóthach ag cur bailiúcháin d’éadaí le chéile a fhaigheann muid ónár vardrús féin, ónár gcairde agus ónár dteaghlach.

Cuireann Áras na nGael seomra ar fáil dúinn leis an ócáid a reáchtáil agus bíonn baill den chlub ag cuidiú go deonach chun na héadaí a dhíol i rith an lae. Tabharfar aon éadaí nach ndíolfar do charthanacht, agus is rud iontach é sin chomh maith.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil Áras na nGael ann, mar is iontach an rud é go mbíonn muid in ann an margadh a reáchtáil trí Ghaeilge agus cuireann sé sin go mór le hatmaisféar an lae.”

Beidh an margadh oscailte don phobal óna 11 a.m. go dtí an 6 p.m. Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 18-19 Aibreán, agus costas €5 a bheidh ar gach ball éadaigh.

Údarás na Gaeltachta
Údarás na Gaeltachta

Deiseanna taithí oibre le hÚdarás na Gaeltachta

Ar mhaith leat tús a chur le do ghairm bheatha i dtimpeallacht spleodrach spreagúil sa Ghaeltacht? Tá deis den scoth á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair d’fhochéimithe fud fad na tíre 3 mhí a chaitheamh ag obair in aon cheann de na hoifigí atá acu – Gaoth Dobhair, Béal a’ Mhuirthead, Na Forbacha nó Daingean Uí Chúis.

Beidh mic léinn in ann an oiliúint a cuireadh orthu san ollscoil a chleachtadh san ionad oibre agus cuirfidh sé sin go mór mór le hinfhostaitheacht s’acu i ndiaidh dóibh an chéim a bhaint amach. Gheobhaidh siad deis ar leith bualadh le daoine eile in eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus eolas a chur ar an obair a dhéanann siad fud fad na tíre, chomh maith le heolas níos leithne agus níos praiticiúla a fháil ar an ghairm atá roghnaithe acu.

Más fochéimí fuinniúil, cumasach thú le líofacht sa Ghaeilge, is féidir leat cur isteach ar an scéim seo trí theagmháil a dhéanamh le foluntais@udaras.ie. Iarrtar ar iarratasóirí CV agus litir chumhdaigh a sheoladh isteach roimh 4 p.m. an 17 Aibreán 2026.

'Daily Shield' ón gcomhlacht Éireannach Pestle & Mortar
'Daily Shield' ón gcomhlacht Éireannach Pestle & Mortar

Tá sé tábhachtach aire a thabhairt don chraiceann sa ghrian

Tá giota beag gréine linn ar deireadh thiar thall, agus is é anois an t-am súil a chaitheamh ar an ghnáthamh cúraim craicinn atá agat le déanamh cinnte de go bhfuil tú réidh don samhradh. Fiú má ionsúnn tú an ghrian go héasca, is tábhachtach FCG (fachtóir cosanta ar an ghrian) ard a chaitheamh gach lá le do chraiceann a chosaint, spotaí dorcha a sheachaint agus an riosca ailse chraicinn a mhaolú go gníomhach.

Cé go dtagann sé i mbuidéal beag, tá an t-uachtar aghaidhe ‘Daily Shield’ leis an bhranda Éireannach Pestle & Mortar iontach láidir agus tabharfaidh sé cosaint iontach duit in aghaidh ghathanna na gréine. Tá FCG50 ann chomh maith le frithocsaídeoirí a rachaidh i ngleic le hipirlíochadh, agus is féidir é a úsáid mar phrímeálach faoi do chuid smididh ó lá go lá fosta.

Tá an Daily Shield (€40) ar fáil ag pestleandmortar.com.

Tá an geansaí Árann seo agus réimse iomlán Sasha Donnellan ar fáil ag sashadonnellan.com.
Tá an geansaí Árann seo agus réimse iomlán Sasha Donnellan ar fáil ag sashadonnellan.com.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Sasha Donnellan

Tá Sasha Donnellan as Cathair na Mart ar dhuine de na hainmneacha is mó i dtionscal an fhaisin ag an bhomaite agus is furasta a fheiceáil cén fáth. Leis an mhana “Dreamt of in Connemara, Handmade in London”, tógann sí stíl thraidisiúnta na hÉireann agus cuireann sí ar ardáin fud fad an domhain í.

Fuair Sasha a seans mór san earnáil le linn Sheachtain Faisin Londain 2024 lena líne éadaí a dhírigh ar stair na hÉireann, stair na mban, agus an teacht aniar atá lárnach sa dá théama sin. Bhí an-tóir ar na cótaí olla, na cóirséid agus na sciortaí breacáin agus astu sin a tháinig an íomhá láidir Éireannach atá ag a branda go dtí an lá inniu.

Is breá liom féin na geansaithe Árann atá ag Sasha i bpáirt leis an bhranda Aran Woollen Mills. Déantar achan gheansaí a chniotáil i gCathair na Mart agus déantar an bhróidnéireacht de láimh sa stiúideo i Londain. Níl dabht ar bith go bhfuil na geansaithe seo costasach, ach tá siad fíorghalánta agus is cinnte go bhfanfadh sé leat le linn do shaoil.

Tá an geansaí Árann (€320) agus réimse iomlán Sasha Donnellan ar fáil ag sashadonnellan.com.