An tseachtain seo caite d’fhógair an rialtas go seolfaí bille tríd an Dáil le luas ga gréine. ‘Dlí Ghráinne’ nó ‘Grace’s Law’ a bheidh ann d’fhonn cosc a chur ar rothair streachailte ar shráideanna poiblí de dheasca an uafáis a mharaigh na girsí úd a raibh sé de mhí-ádh uirthi an bóthar a shiúl. Fág na tosca faoi leith as an áireamh go fóill, ba léiriú follasach é go bhféadfaí gníomh dearfach a dhéanamh go mear, gan a bheith cráite mar gheall ar réamhbheartaíocht, ar athbhreithniú dlíthiúil, ar bhreithiúna róbacha os a chionn, ar bhaol na hardchúirte, ar dhúshlán bunreachtúil, ar athchomharc san Eoraip, ar na gnáthleithscéalta gan teorainn atá sa phóca thíos nuair is mian moill a chur ar bheart ar bith.
Beidh cuimhne ag aos eile againn nuair a gairmeadh an Dáil ar ais óna saoire fhada shamhraidh gan choinne in 1990 chun ceisteanna mairteola a bhain le comhlachtaí Larry Goodman a phlé, agus ar lean ina dhiaidh sin. Is é sin, arís eile, is féidir le rialtais agus leis na cumhachtaí thuas bearta crua a dhéanamh nuair a fheictear an gátar a bhaineann leo.
Cad ina thaobh, mar sin, an leisce, an leadrán, an dochma agus an cumaliomachas a bhaineann leis na héigin is riachtanaí sa stát, mar atá, tithíocht, taisteal agus sláinte? Cén fáth na leithscéalta, an tsiléig, an tslogántacht, siar is aniar, tarraingt na gcos, an béal bán, na pleananna straitéiseacha ar sheilf, an maorlathas gan chrích, in ionad go díreach an scéal a réiteach nuair atá inréitithe?
Tá brón orm, ach tá an tithíocht inréitithe go díreach. Comhlacht náisiúnta tithíochta a bhunú, fostaithe a íoc, tithe a thógáil, agus íoctar cíos orthu siar amach. Simplí.
READ MORE
Tá ceist an taistil beagán níos deacra, ach tá na fadhbanna seo go léir lúbtha go daingean le chéile. Ní bheadh comaitéirí ag gluaiseacht 120 míle timpeall (nó níos sia) gach lá ag tachtadh na mbealach isteach go dtí na cathracha is na bailte móra dá mbeadh tithe nó árasáin ar fáil go réasúnta i gcóngar a gcuid oibre. Ní bheadh mic léinn ollscoileanna ina gcónaí i ngluaisteáin nó i gcarbaid a gcairde féin dá mbeadh aon teacht ar lóistín i ngiorracht scread léachtóra don choláiste. Cad is eol don fhrog sa tobar mar gheall ar an bhfarraige mhór?
Seo moladh ciallmhar mar sin, ach moladh nach nglacfar leis go bhfásfaidh clúmh ar an ngealach.
Go dtabharfaí saorthaisteal do gach aon teachta dála ar gach aon chóir phoiblí le linn a bheith san Oireachtas dóibh, agus nach bhfaigheadh siad aon lamháil taistil, ná deontas imeachta, ná lacáiste siúil, ná liúntas cánach de shaghas ar bith maidir le gluaiseacht de. Nach mbeadh aon ionad páirceála do mhótair i dTeach Laighean, ach do rothair amháin, óir íocadh as sin cheana, mar is eol dúinn.
Braithim go dtosnófaí ar réiteach a fháil ar chúrsaí tráchta go prap is go grod is go gusmhar féin.
Dob fhéidir réitigh eile a dhéanamh a d’éascódh an cúrsa chomh maith. Ollionaid loctha chomh mór le Páirc an Chrócaigh ar a laghad, nó le hionad páirceála Electric Picnic nó an comórtas treabhdóireachta de réir mar ba ghá, a lonnú lasmuigh nó ar imill na gcathracha, ach iad a bheith saor in aisce ar fad, d’fhonn is go bhféadfadh daoine a gcuid gluaisteán a fhágáil ansin is dul go réidh ar an gcóras poiblí bus nó traein chun an bhaile mhóir isteach. Ní bhíonn áiteanna mar iad ró-álainn riamh ach níl maise a samhail le maíomh faoi láthair ach oiread.
Agus sea, tá smaointe leis agam maidir le traenacha faoi thalamh agus le heitiltí aonair ach tá róluath sa tseachtain le tosnú ar an bhficsean fáistineach anois.











