“Is minic a d’fhéachadh muid leis an dallamullóg a chur ar ár gcuid ocrais le gaiscí na bhfiann nó le míorúiltí dochreidtí.” Sin mar a chuir an fathach litríochta Máirtín Ó Cadhain síos ar an bhféinchuardach agus ar an gcraos daonna a shásaítear leis an scéalaíocht agus leis an mbéaloideas. Maireann an cuardach craosach sin i gcónaí.
“Tá sé ar nós go bhfuil domhan eile ann, agus tá sé dorcha,” a deir Brían Mac Gloinn. Tá bealach séimh aige, é timpeallaithe ag uirlisí, sceitsí ealaíne, agus planda aonair ina stiúideo geal: tearmann lárchathrach atá á roinnt leis an déantóir téaduirlisí Frank Tate. “Sin é an domhan ina bhfuil ár mothúcháin ar fad. Táimid dall sa domhan sin. Uaireanta siúlann tú isteach i mballa nó tarlaíonn rud éicint duit ann, agus is féidir na mothúcháin sin a mhothú, ach tá sé deacair ciall a bhaint astu. Ach, uaireanta, tagann tú ar phíosa ceoil, leabhar, nó scannán, agus is féidir písín níos mó a fheiceáil den domhan sin, díreach ar feadh soicind.”
D’fhéadfá a rá go bhfuil an chodarsnacht go tréan i gcur chuige Ye Vagabonds: filltear am agus áit ar a chéile, scéalta comhaimseartha a tharraingíonn ar thraidisiún, a bhfréamhacha i mBóthar na gCloch chomh domhain céanna leo siúd atá acu ar Árainn Mhór, cosa ar thairseach an domhain eile sin ina ngintear smaointe, mothúcháin, agus an damhna draíochta a nascann muid le brí níos leithne. Ní bhraitheann na rudaí seo as alt lena chéile.
Tá braistint chineamatach ag na hamhráin: <i>vignettes </i>dá saol i mBóthar na gCloch á léiriú ar Kodak Gold.
Óna n-amhrán The Flood a thagann teideal feiliúnach an cheathrú albam de chuid Ye Vagabonds - “there was a time we kept each other floating, all tied together, bobbing up and down” - albam ar a bhfuil amhráin nuascríofa léirithe go snasta ag Philip Weinrobe (Big Thief, Adrienne Lenker). Is iad scéalaíocht na liricí agus ceolmhaireacht na bhfonn a chuirfidh éisteoirí faoi gheasa áfach. Tá braistint chineamatach ag na hamhráin: vignettes dá saol i mBóthar na gCloch á léiriú ar Kodak Gold.
READ MORE

“Bhí muid ag iarraidh daoine a dhíriú go dtí an rud is tábhachtaí dúinne faoi na hamhráin - agus faoin gceol go ginearálta - sin an pobal a bhí againn thart ar 10 mbliana ó shin nuair a tháinig muid go Baile Átha Cliath… na bealaí a bhfuil muid ceangailte lena chéile, bealaí a bhfuil an ghéarchéim thithíochta ceangailte le fadhbannaí sláinte intinne agus rudaí eile… ‘Danny’ an amhráin, agus achan duine a raibh an saol mífhéaráilte dóibh… sin croí an albaim.”
Léirítear ann íomhánna uirbeacha trí shúile atá oilte ag an nádúr. “Amhrán ar nós Mayfly, ní féidir é a thuiscint - living like a Mayfly - mura bhfuil eolas agat ar ‘mayflies’ agus an saol iontach beag a bhíonn acu.” Nó Cuckoo Storm: “ar chuala tú sin an frása sin? Scread na Cuaiche? Stoirmeannaí beaga i mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh, thart ar an am céanna a thagann an chuach ar ais. D’fhéadfá a bheith amach ar an bhfarraige lá mar seo, grian sa spéir, ansin, go tapaidh, go foréigneach tagann na stoirmeannaí isteach, iontach tapaidh agus láidir. Tugann siad ‘cuckoo storms’ orthu.”
Ritheann sé liom gurbh ionann an lionsa trínar bhreathnaigh Manchán Magan, cara le Brían, ar an saol. Is Manchán a spreag gnéithe dá n-albam Nine Waves: “ní ceol ambient ach landscape, a bhaineann leis an gcré, an fharraige, an tírdhreach… smaoineamh Mhancháin a bhí ann. Bhíodh sé ag rá ‘you’ll be grand Bríain, just téigh agus déan é!’. Thóg muid an stíl sin, agus an focal ‘Tuaim’. So, yeah. Á Jesus, bhí an-time agam leis. Braithim uaim Manchán na laethanta seo.”
Bíonn codarsnachtaí idir a bhfoinsí inspioráide freisin. Luann Brían go raibh sé ag éisteacht leis an rapálaí Little Simz agus All Tied Together á scríobh. “I bhfad níos mó feckin’ fearg agus mothúcháin eile nach bhfuil againne sa cheol! Ach is breá liom a stíl scéalaíochta, tá sé chomh réalaíoch, chomh vivid.”
Ar deireadh áfach, tá sprioc shimplí aige a fhilleann ar an traidisiún amhráin a bhronnadh ar a chéile: “nuair a thagann siad amach ní linn iad a thuilleadh… ba bhreáliom dá gcloisfinn daoine ag casadh Mayfly nó cibé amhrán a scríobh muide sa seomra fuar seo ar Shráid Chéipil. I mo thuairimse ba chóir go mbeadh gach duine ag ceol an t-am ar fad. Go mbeadh tú in ann tochailt le píosa níos mó a fheiceáil sa domhan dorcha sin, píosa níos mó a mhothú, níos mó ciall a dhéanamh den saol - sin an sprioc.”
Agus ár gcomhrá ag tíocht chun clabhsúir, cloisim macalla eile Uí Chadhain, is é sin nach raibh uaidh dá shaothair ach go mbeadh “roinnt Éireannach ann amach anseo a choinneos ar a gcuid seilpeannaí é agus a léafas é corruair b’fhéidir, agus ní féidir le scríbhneoir, mion ná mór a bheith ag súil lena thuilleadh.”
Eiseofar an t-albam All Tied Together ar an 30 Eanáir.













