Cad tá ar eolas againn, dáiríre píre, faoi naoimh na hÉireann? Nílim ag caint ar a bhfuil curtha ar fáil ag scoláirí go mionchúrsach, ach ag an ngnáthphobal leatheolgaiseach a léann na nuachtáin, a ghliúcaíonn ar an teilifís is a chuaigh ar scoil? Bí ag taisteal na tíre agus casfar scoileanna agus clubanna agus logainmneacha féin ort ar naoimh, nó pearsana ar samhlaíodh naofacht leo, a bhronn a n-ainm orthu. Na foirne a bhfuil St Cruan’s, St. Molaise, St Lachtain’s, Naomh Mearnóg, Naomh Barróg, Naomh Ólaf orthu, glacaim leis nár cheart an cheist a fhiafraí go forleathan cérbh iad. Beidh breaceolas ceart go leor ar Phádraig, Bhríd agus Cholm Cille, agus b’fhéidir ar Chiarán agus ar Fhionnbarra (cé go dtaispeánann an tOllamh Pádraig Ó Riain gur Fionnán le ceart a bhí ann agus nach raibh aon bhaint aige le Corcaigh!). Pé eolas atá againn fúthu ar fad, bíodh sé fíor nó bréagach, is beag cuntas a thugann isteach ina mbeatha is ina dtimpeallacht sinn, a dhéanann iad a athchruthú dúinn, a fhéachann lena gcur os ár gcomhair mar phearsana lándéanta inchreidte, idir fhuil, fheoil, mheabhair, mheon.

Sin é a chuir Diarmuid Johnson roimhe a dhéanamh i gcás an naoimh a bhfuil St Gall againn air san úrscéal gairid fileata Ceallach (Leabhar Breac) agus a shlogann isteach i saol agus in atmaisféar an 6ú haois sinn ar muir agus san Eoraip. Is beag leabhar Gaeilge a bhfuil stíl chomh dearscnach snoite agus chomh hoiriúnach don ábhar intuairiscithe leis an gceann seo. Is í cúis í sin, go bhfuil friotal sainiúil dealbhtha aige a dhéanann macalla dílis ar stíl ghonta na Sean-Ghaeilge agus ar an gcineál teanga a chleachtaítí i mbun scéal a insint sa tréimhse sin.
Pé eolas atá againn fúthu ar fad, bíodh sé fíor nó bréagach, is beag cuntas a thugann isteach ina mbeatha is ina dtimpeallacht sinn
Is é an ciúta a tharraingíonn sé chuige ná ligean lena ais gur cuntas reatha an naoimh féin atá ann, a bhfuil Ceallach againn air is a ghluais amach as Beannchar ar eachtra creidimh ag taisteal ar son Dé faoi stiúir Columbanus. Míreanna gearra mar sin is ea ‘na hiontrálacha’ seo, cé nach bhfuil aon dáta leo seachas go dtosnaíonn an eachtra sa bhliain 1591. Marana Cheallaigh ar a gcuid imeachtaí, machnamh fánach ar an saol, trácht ar a raibh á dhéanamh acu, cur síos ar nithe a chonaic nó a chuala, sin é formhór na hinsinte. Mar sin, ná bítear ag súil le hionsaithe ó cheithearnaigh choille, ná sioscadh díospóireachta le págánaigh, na aighnis inmheánacha na manach.
Ina choinne sin, seo deireadh an 6ú haois agus ní hé saol an lae inniu é, ná luachanna an lae inniu ach an oiread. Ní foláir dóibh a n-áitreabh féin a dhéanamh: ‘Déanamh na mboth, tógáil na gceall: moill ar an obair sin. Óir ár ngéaga féin ba lag, an choill ba dhoghlanta, an fód fúinn ba leac chrua.’ Agus an talamh a réiteach: ‘Iar dtreabhadh an fhóid, rinneadh an gort a dhíchlochadh. Rinneadh fós a dhíphréamhadh.’ Daoine in áiteanna a gcaitheann siad plé leo, áiteanna eile folamh: ‘Bothach, biatach ná buachaill caorach níor thaithigh an dúiche seo ó chruthaigh an Tiarna Dia an domhan.’
READ MORE
Nó ní hí an Eoraip seo an Eoraip a bhí anallód ann. Ainmneacha Rómhánacha nó dúchais a chleachtaítear feadh an bhealaigh – Rotomagus, Luxorium, Bobium, Landevennec, cé gur chuireas suntas san abairt agus iad ag gluaiseacht ó dheas, ‘Atá ar an abhainn sin oileán darb ainm Páras.’ Mór idir na haimsirí, go deimhin.
Cé go bhfuil an naofacht ina snáth láidir tríd an leabhar, mar a chaithfeadh, ní cheiltear an taobh dorcha den chreideamh ná den saol ach an oiread. Baintear an diabhal as bean ‘Agus siúd éan mór dubh a scornach aníos, an t-aer suas, agus doras an leasa amach ar luas.’ Tuigeann siad a streachailt féin leis an diabhal agus le riachtanais an chreidimh. ‘Bhí ab san Éigipt fadó. Choinnigh sé cloch ina bhéal ar feadh trí mbliana. Sin mar a d’fhoghlaim sé an tost.’ Ina ainneoin sin, thiteadar sa pheaca chomh maith céanna, óir ‘duine de na bráithre: do rinne gníomh collaíochta le minseach gabhair.’
Ina dhiaidh sin is uile, filíocht is ea go leor den phrós siar síos nach cúrsaí iontais ar fad é ó fhile a bhfuil cúig leabhar filíochta scríte cheana aige. Ceird ar leith is ea an fhilíocht a chur tríd an bprós mar chuid dhílis den insint murab ionann agus scéalaithe Gaeilge na meánaoiseanna a chuireadh dán nó dánta isteach nuair a theastaigh uathu meanmna an ábhair a ardú nó achoimre a dhéanamh ar eachtra. Ní mar sin atá anseo, ach an prós féin a bheith fileata mar dhlúthsmior den ghnáthinsint: I lár an gheimhridh - ‘Dubh gach geal, Gach crann is conablach. Uaillfairt na mac tíre is clos istoíche.’ Nuair a chloistear fuaim: ‘Dord! Agus macalla ar fud na spéirchoille. Ní dord daimh ar aill. Ní dord eas na habhann duibhe. Ní dordsalmaireacht na mbráithre ag móradh an Ard-Athar.’ An spéir istoíche: ‘Siúd í an ghealach. Í ina habhlann ar bhrat dubh na hoíche. Í ina díthreabhach i measc na réalt.’
Tagann siad ar eas ar an abhainn: ‘Scoir an fhoireann den iomramh. Foghar an easa ba táin naoi gcéad tarbh. Bhí abha mhór na Réine ag borbchoipeadh go do-inste an aill anuas. Ba sruth í á craosteilgean sa pholl fúinn síos. Ba tríocha céad each bán á mongchruachadh sa mhearthuile. Ba mhíle maidhm gan cheansú.’
Dánta gach cúpla leathanach ach iad a chóiriú ina línte aonair. Ní bréag a rá gur ceann d’iomramha na Gaeilge í seo, iomramh stairiúil ina fheisteas nua de chuid na haoise seo, na sleachta di a bhaineann leis an bhfarraige ar aon nós. Taiscéaladh i dtír aineoil an chuid eile, réaladh fírinneach ar smaointe, ar mhothúcháin, ar eagla, ar éiginnteacht, ar dhaille agus ar chreideamh diongbháilte an naoimh seo, agus mar sin, insint dá réir ar a leithéid chéanna eile a ghluais amach as Éirinn i mblianta luatha na Críostaíochta abhus d’fhonn an soiscéal a scaipeadh is a n-anam féin a dhéanamh. Snámh sa Ghaeilge seo, agus snámhfaidh tú leo ar an turas céanna.
Foclóir: fíor nó bréagach = true or untrue; fileata = poetic; ar muir = at sea; dealbhtha = sculpted; conablach = carcass/remains; Beannchar = Bangor; marana = contemplation; iomramh = rowing; foghar=sound; aineoil = strange.












