Ní fiú an brú; is fearrde éalú

Beocheist: Maidin an scrúdaithe, bhíos ag féachaint ar mo chuid cártaí ar chuntar na cistine

Beocheist: Maidin an scrúdaithe, bhíos ag féachaint ar mo chuid cártaí ar chuntar na cistine. Thug mo chomharsa cuairt orm, cosúil le go rabhas chun imeacht ar imirce. Mhúch mé an raidió.

Bhí an chomhairle cloiste agam cheana: "Léigh an cheist. Is é seo an scrúdú is deacra a dhéanfaidh tú i do shaol. Ná bí buartha."

Níor chuir sé sin ar mo shuaimhneas mé, an rud is deacra a dhéanfainn riamh. Thosaigh mo chomharsa lena chuid comhairle, is trua nach rabhas in ann é a mhúchadh leis.

Thug mo mháthair ubh scrofa, arán folláin agus sú oráiste brúite dom. Bhíos lán le bricfeasta agus le comhairle ó mo mhuintir.

READ MORE

Thosnaíos amach don turas go halla na scrúduithe. Shiúileas an treo seo na mílte uair cheana ach bhí sé difriúil anois.

Shroicheas an halla leath uair an chloig róluath. Shuíos síos. Leagas na pinn bhreátha nua amach ar an mbord.

Bhí mo léine níos báine ná bainne, mo bhróga le sála ísle agus mo spéaclaí orm seachas na lionsaí... Dhéanfadh sé sin difríocht, nach ndéanfadh?

Tar éis an chéad scrúdaithe, léigh mé mo chuid nótaí filíochta sa Ghaeilge agus thiteas i mo chodladh, ag dúiseacht leis an leabhar oscailte i mo theannta, ar a trí a chlog ar maidin, sin breactha in uimhreacha dearga neoin ar an gclog digiteach.

Bhí a fhios agam go raibh daltaí na hardteistiméireachta timpeall an oileáin ag obair tríd an oíche ag obair 24 uair sa lá, cosúil le Tesco. Dheineas cupán caifé chun a thuilleadh staidéir a dhéanamh ach dhúisigh mé arís ar a hocht leis an gcupán lán go barr, fuar.

Ag deireadh seachtaine na scrúduithe theastaigh uaim tuilleadh staidéir a sheachaint.

"Cheapas go rabhais ag déanamh na hardteiste?" a d'fhiafraigh an gruagaire gruama dom, le péire siosúr ina lámh.

"Ó, tá," a d'fhreagraíos, ag féachaint ar an íomhá dom agus di sa scáthán. Thaispéain cruth stua a gcuid malaí nach raibh sí sásta. Dúirt sí go mbeadh gach leabhar leagtha amach ar an leaba aici dá mbeadh sí á dhéanamh. Ní rabhas chun fanacht iata, istigh sa tigh. N'fheadar cé chomh cliste is a bhí an plean.

Ní raibh an t-irisleabhar Vogue ag cabhrú leis an scrúdú litríochta Fraincise ach an oiread. Níor bhain sí an iomarca di, mar sin bhí an stíl ghruaige oiriúnach chun an ardteist a dhéanamh...

Nuair a tháinig scrúdú na fisice, coicís ina dhiaidh, ní raibh suim a thuilleadh ag na craoltóirí raidió, ná ag na nuachtáin. Fiú, bhí orm an bricfeasta a ullmhú dom féin agus bhí teachtaireachtaí teileafóin scríte ar chúl mo chuid cártaí beannachtaí.

Bhí leath den rang críochnaithe le seachtain, imithe go dtí an Ghréig nó áit éigin. Ní raibh ach cúigear againn sa halla, ceann des na scrúduithe deireanacha. Bhí éad orm leis an maoirseoir ag ól tae agus ag briseadh an bhriosca i rith an scrúdaithe.

Bhíos dóite ó theas na gréine, gan charbhat, mo léine bán a dóthain, peann amháin fágtha agam agus gan fonn fisice orm ach fonn na farraige.

Tar éis a bheith ag samhlú, i rith an tsamhraidh, cén litir a bheadh ar bharr mo chuid páipéirí scrúdaithe, bhailíos na torthaí ar an gceathrú lá dhéag de mhí Lúnasa.

Bliain amháin ina dhiaidh, san árasán ar champus UCD, maidin lá na scrúduithe, bhíos gan mháthair, gan chártaí beannachta, gan réamhscrúduithe, gan chíoradh mór groí ar an raidió mar gheall ar gach scrúdú. D'oscalaíos doras an chuisneora chun teacht ar bhuidéal bainne ach gan faic istigh ach nóta ina theannta ó mo chara a bhí ag roinnt an árasáin liom: "Brón orm. Ceannóidh mé a thuilleadh duit níos déanaí. Ó! Go n-éirí leat inniu!"

D'itheas calóga arbhair bhog gan bhainne.

Na laethanta seo, táim mar mhaoirseoir don ardteist (agus ag fáil brioscaí chomh maith). Cuireann na daltaí go léir líne faoi gach ceist leis na pinn soilsithe. Címse iad lena méireanna ag marcáil na gceisteanna; ag tógaint na comhairle sin ó na comhairleoirí raidió. Istigh i halla na scrúduithe, tá sé íorónta sa tslí nach féidir éalú, cé go bhfuil an comhartha "Éalú" ann, breactha i litreacha neoin ar dhoras an halla.

Tiocfaidh an deireadh agus beidh éalú ón mbrú. Beidh saoirse ón maoirseoireacht. Ag an deireadh beidh eochair ann chun éalaithe agus ní bheidh tú ag críochnú ach ag tosnú.

Ní fiú an brú ach beidh tú in ann éalú. Táim deimhnithe gur tusa an té a bheidh ag rá: "Bí cinnte an cheist a léamh" do dhaltaí na hardteistiméireachta - cé nach gcreideann tú go ndéarfá.