Molaimis Raidió na Gaeltachta as cinneadh cróga a dhéanamh agus seirbhís bhreise a bhunú a bheidh dírithe ar dhaoine óga go príomha agus ina mbeidh cead ag láithreoirí amhráin Bhéarla a chasadh.
De réir RnaG, níl ainm ar bith ar an tseirbhís nua go fóill; níl láithreoirí earcaithe go fóill ach is idir 9pm agus 1am seacht n-oíche na seachtaine, ó thús mhí na Bealtaine, a chuirfidh siad an t-athrú i bhfeidhm.
Déanfaidh na láithreoirí a gcuid cainte ar fad i nGaeilge; beidh 30 faoin gcéad den cheol i nGaeilge agus beidh deis díospóireachta ag an mhuintir óga faoi ábhair a bhaineann lena saol.
Gan amhras, bainfidh sé preab as mórán daoine liricí Béarla a chluinstin ar RnaG ach b'fhéidir gur mó an phreab arís a bhainfeadh RnaG as éisteoirí óga as cur i gcuimhne dóibh gur ann don stáisiún ar chor ar bith. Is fiú a leithéid a dhéanamh.
Abraimis arís é, tá éacht déanta ag an stáisiún i ngort an cheoil thraidisiúnta agus níl fáth ar bith nach leanfaidh siad de sin, fiú agus polasaí nua i bhfeidhm san oíche.
Ní hé an ceol traidisiúnta amháin an t-aon rud lena n-éisteann daoine óga nó fiú daoine meánaosta, ámh. Is ar éigean is fiú do RnaG seargadh ar sheanoideas nuair atá rogha níos bríomhaire le fáil.
Agus ná cluinimis gur cheart popcheol sa Ghearmáinis nó sa Fhraincis nó sa Spáinnis amháin a chur ar an tseirbhís. Seo an drochscéala, ní fiú biorán popcheol Spáinneach, Francach nó Gearmánach.
Ó, cinnte, mairfidh Nena agus a Neun und Neunzig Luftballon i m'aigne i gcónaí; beidh áit ag Vanessa Paradis agus Joe le Taxi i mo chroí i dtólamh agus tá cúpla amhrán breá Spáinnise ag Gloria Estefan a chuireann an chearc seo de dhamhsóir amach ar an urlár, gan teip, tráth bainise.
Ach sin a bhfuil, mes amis. Is é an Béarla teanga idirnáisiúnta an phopcheoil agus sin deireadh na díospóireachta sin.
Gan amhras, cuirfidh an t-athrú isteach ar chuid de lucht na teanga ach tá cuid de lucht na Gaeilge linn i gcónaí a gcuireann an t-athrú ón chló Gaelach go dtí an cló Rómhánach isteach orthu.
Caithfidh RnaG fás agus forbairt; caithfidh an stáisiún freastal ar dhaoine a dtaitníonn ceol de gach aon saghas leo. Agus ceol atá i gceist - ní géilleadh don Bhéarla nó scrios féiniúlachta ach aitheantas go n-éisteann lucht na Gaeilge le gach aon chineál ceoil agus caithfidh an stáisiún bheith ina scáthán dílis de sin.
Ba dheas stáisiún ar leith a bhunú as an úr le freastal ar dhaoine óga agus mholfadh an colún seo a leithéid d'fhorbairt a bhunú ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath. Idir an dá linn, is fiú do RnaG an polasaí nua a thriail, a fhorbairt agus, más gá, a athrú ar ball arís. Is fiú ardán a thabhairt do chumadóirí comhaimseartha d'amhráin nua Ghaeilge; is fiú íomhá nua a chruthú atá fréamhaithe - ná déanaimis dearmad - sa Ghaeilge; is fiú dul sa seans agus éisteoirí nua a mhealladh.
Is mór an dúshlán é an polasaí nua. Beidh cuid mhór ag brath ar na láithreoirí agus ar rogha na n-amhrán. Is frithir an ní é cultúr na n-óg. An rud atá sa stá inniu, beidh sé as faisean amárach. Bíonn sé doiligh ar stáisiúin tráchtála féin greim a fháil ar an neach mistéireach sin, an duine óg. Beidh sé níos deacra arís ar stáisiún chomh stuama le RnaG.
Ní hionann sin agus a rá nár cheart dóibh dul sa bhearna cheoil.
(Dála an scéil, cad é an chéad amhrán Béarla a chasfá ar Raidió na Gaeltachta? There goes the Neighbourhood le Sheryl Crow; Waterloo le hAbba nó I surrender le Rainbow?)