Is ceadmhach gáire a dhéanamh ar na saolta seo

IS CEADMHACH gáire a dhéanamh ar na saolta seo, glacaim leis? Níl a fhios agam an bhfaca éinne agaibh leabhar trítheangach dar…

IS CEADMHACH gáire a dhéanamh ar na saolta seo, glacaim leis? Níl a fhios agam an bhfaca éinne agaibh leabhar trítheangach dar teideal Ad Infinituma d'fhoilsigh Coiscéim roinnt blianta ó shin? Ní fhaca? Mo náire agus mo sheacht náire sibh! (Maithfidh mé daoibh an uair seo é).

Dánta éadroma agus burdúin le Michael Augustin atá ann, file agus ealaíontóir a bhfuil cónaí air i mBremen na Gearmáine. File den scoth is ea a bhean chéile chomh maith, Sujata Bhatt, arbh as an India di an chéad lá.

Tá sise níos dáiríre ná eisean ina cuid filíochta ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sí níos fearr ná é. Beag an baol. Is minic a fheictear i mBaile Átha Cliath iad agus is mór an mhaise ar an gcathair iad go deimhin, an bheirt acu.

Ar aon nós, cruthaíonn an leabhar Ad Infinitum(má bhí cruthú uait) gur doimhne iad dánta éadroma, go minic, ná dánta doimhne. Tá greann breá buile dá chuid féin ag Augustin, bail air, greann a thaitníonn thar barr liomsa ar aon nós, agus tá sé ina mháistir ar an dán próis, dar liom, seánra nach gcleachtann filí na Gaeilge ach uair um á seach.

READ MORE

Níl a fhios agam cá bhfuair sé féith an ghrinn. Ar fhág Myles a rian air nó Kurt Vonnegut? B’fhéidir díreach gur fhág an saol a rian air agus nach faoi thionchar scríbhneoirí eile atá sé in aon chor.

Saorann an greann sinn ó phríosún an tsaoil. Nuair a deirim príosún an tsaoil is é atá á rá agam ná go bhfuil an-chuid daoine teanntaithe ag an saol seo; murab iad cúinsí oibre iad is cúinsí eile iad, ar nós cúinsí teaghlaigh nó cúinsí caidrimh nó díreach rás na bhfrancach mar a thugaimid go minic ar an saol. “Deargiomaíocht” a thugann www.focal.ie ar an ‘rat race’ ach ní maith liom in aon chor é mar théarma toisc é a bheith rótheibí. Is deise liom ‘rat race’.

Tá greann san íomhá, braithim. Greann duairc. Rud a chuireann an íomhá sin abhaile go tréan orainn is ea an t-amhrán Rat Racele Bob Marley. Is fiú éisteacht leis. Táim féin tar éis éisteacht leis ó chianaibhín. Ar an ríomhaire.

Cathain, dar leat, a úsáideadh an téarma 'rat race' den chéad uair? Sna 1950í, abair? Sna 1960í? Ní hea. Agus ní Marley ach Morley a bhain leas as. Úrscéal dar teideal Kitty Foyle le Christopher Morley a scríobhadh sa bhliain 1939. Is iomaí francach bocht a bhfuil rás buaite nó caillte aige ó shin. Ach mar a dúirt William Sloane Coffin (sic), séiplíneach tráth in Ollscoil Yale (agus is dócha gur ina chónra atá sé anois): "Even if you win that rat race, you're still a rat!"

Fillimis ar Augustin nach francach in aon chor é ach Gearmánach. Is maith liom an gáire a bhaineann sé asam, gáire ciúin séimh ar leathanach amháin, gáire groí ar leathanach eile nó rachtanna móra gáire ar iompó an leathanaigh dom agus glac uaimse é tá an gáire beagnach chomh tábhachtach leis an nGaeilge. Is deacair a rá cé acu is riachtanaí dúinn dáiríre.

Ar aon chuma, seo dán próis aon líne uaidh dar teideal Napoléon, dán dá chuid a léas san iris ilteangach Sirena: "I bhfad sula raibh Napoléon ann, deirtear go raibh daoine ann a mhaígh gurbh iad Napoléon iad."

Go maith. Is maith liom é sin. Tá daoine ann, scoláirí agus moltóirí na gcomórtas Oireachtais ina measc, a déarfadh nach dán in aon chor é. Ná bac leo. Naimhde na Gaeilge iad sin, naimhde na litríochta, naimhde an ghrinn, naimhde na beatha. Ná tugtar scóip ná svae dóibh.

Seo chugaibh ceann eile anois, An Scríbhneoir i gCás: "Nuair a gabhadh é, coinníodh an scríbhneoir Meiriceánach i gcás. Is ann a shuigh sé seachtain i ndiaidh seachtaine agus é ag breathnú ar na héin is iad ag eitilt i bhfáinní os cionn na ngort. Tar éis roinnt míonna, nuair a osclaíodh doras an cháis i ndeireadh thiar thall, is amhlaidh a d'eitil an scríbhneoir leis."

Tá sé sin leis, greannmhar. Agus ait. Buíochas le Dia go bhfuil daoine aite ar an saol.

Más ag smaoineamh ar Ezra Pound a bhí Augustin, ní raibh aon ní greannmhar faoin eachtra áirithe sin. Gabhadh an file san Iodáil i mí na Bealtaine 1943.

Istigh i gcás, ní rófhada ó Thúr Claonta Pisa, a chaith sé a 60ú lá breithe, istigh i gcás, a dhiabhail – agus é seo i bhfad sula raibh aon chaint ar Guantánamo. Sé mhí a chaith sé sa chás. Mo chás!

Is dócha go bhfuil an tOsréalachas agus an Dadachas imithe i bhfeidhm ar Augustin. Focal iontach is ea Dadachas, sa Ghaeilge, nach ea? Ach an bhfuil sé aitheanta go hoifigiúil? Chuardaíos ‘Dadaism’ agus is mar seo a d’fhreagair an ríomhaire mé: “Do you mean damáiste?”

Is mór an brealsún é an ríomhaire céanna. Mura dtagann feabhas air is ag snámh in abhainn na Laoi a bheidh sé sula i bhfad.

Fear darbh ainm Sami Rosenstock a chuir tús le Dadachas, nó Tristan Tzara mar is fearr aithne air. Conas nach raibh éifeacht níos mó ag an Osréalachas agus ag an Dadachas ar litríocht na Gaeilge?

Cén fáth ar sheachain an Direánach, an Ríordánach agus Máire Mhac an tSaoi iad mar ghluaiseachtaí?

Mar nár oir an greann ainrialta dá meon? Seans.

Ach is dócha nach rabhadar san aer mar thionchair, dáiríre, nár ligeadh isteach iad agus faoin am ar thánadar go hInis aoibhinn Ealga bhíodar pas beag passé, b’fhéidir. B’fhéidir é; pé scéal é, ní éiríonn an greann passé más greann ceart é.

Óicé, ar ais go dtí na dánta próis in Sirena.

Mura dtaitneoidh an ceann seo libh tá sé chomh maith agam éirí as. Teideal an dáin ná Der Chinesenó An Síneach: "An Síneach áirithe seo a nglaonn gach éinne i mbaile beag Stockelsdorf 'an Síneach' air, d'fhill sé lá amháin ar a thír dhúchais toisc cumha a bheith air, agus súdh isteach láithreach é i measc an 1.3 billiún dá chomhthírigh. Ní fhacthas ó shin é. In Stockelsdorf amháin a thuigeann gach éinne, go dtí an lá inniu, cé go díreach atá i gceist nuair a luaitear 'an Síneach'."

An-iris is ea Sirena, iris ilteangach. Roinn na Spáinnise agus na Portaingéilise in Dickinson College, SAM, a fhoilsíonn í dhá uair in aghaidh na bliana agus Cló Ollscoile Johns Hopkins a dháileann.

Foilsítear dánta ann sna bunteangacha agus aistrítear go Spáinnis agus go Béarla ansin iad. Ba dheas liom a leithéid a bheith againn féin.

Agus beidh. Lá breá éigin. Cá bhfios! Sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh.


Foilseoidh Coiscéim dhá leabhar nua leis an údar go luath, Iqbal, Dréachtaí Próis agus Filíochta, leaganacha Gaeilge de shaothar Allama Muhammad Iqbal (1873-1938), athair spioradálta na Pacastáine. Michael Cronin a scríobh an réamhrá. Leabhar trítheangach, Eastóinis, Gaeilge, Béarla, atá sa leabhar eile Põletades Pimedust/An Dorchadas á Dhó/ Burning the Darkness, dánta le Kristiina Ehin ó Thaillinn na hEastóine.