Gradam Gaeltachta

D’AINMNIGH MOLTÓIRÍ Fhéile na Meán Ceilteach RTÉ Raidió na Gaeltachta mar stáisiún raidió na bliana ar ócáid sa Bhreatain Bhig…

D’AINMNIGH MOLTÓIRÍ Fhéile na Meán Ceilteach RTÉ Raidió na Gaeltachta mar stáisiún raidió na bliana ar ócáid sa Bhreatain Bhig Dé hAoine.

Dúirt ceannaire RnaG, Edel Ní Chuireáin, gur onóir a bhí sa ghradam a thug aitheantas d’obair na foirne gach aon áit.

Ba é an tuairim a bhí agam féin den tseirbhís le fada gur seirbhís réigiúnach a bhí ann a chraol ar bhonn náisiúnta, is é sin, ag brath ar am an lae, d’fhéadfá éisteacht leat ar do shuaimhneas nó é a mhúchadh mar nár bhain an clár leat beag ná mór. Ba é an bhéim ar an ní áitiúil láidreacht agus laige na seirbhíse; mheall sé nó chuir sé ó dhoras thú.

Tá mé ag déanamh go bhfuil maolú ag teacht ar an chlaonadh sin. Is léir go bhfuil cláir ar leith dírithe ar cheantair ar leith – ní bheifeá ag súil lena mhalairt – ach ní hionann canúint amháin anois agus dearcadh cúngaigeanta ceantair i gcás gach uile chlár.

READ MORE

Bhí i gcónaí cur chuige náisiúnta (agus fiúntas nach beag) leis an tseirbhís laethúil nuachta agus leis an tseirbhís óige san oíche. Leoga, is doiligh a chreidbheáil go raibh an oiread sin conspóide faoi cheol Béarla a chraoladh ar an stáisiún ach ba é an cinneadh ceart é.

Is mór an chodarsnacht idir na láitheoirí óga agus cuid de na seanfhondúirí; tá a gcuid buanna féin acu uilig agus is fearr an rogha a thugann siad don éisteoir.

Bíodh is go ndeirtear nach féidir freastal ar dhá thrá, éiríonn le RnaG freastal ar cheithre nó chúig cinn de thránna agus is freastal maith é níos minice ná a mhalairt.