Fuadach eachtardhomhandach i nDún na nGall

NÍL A fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘alien abduction’

NÍL A fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘alien abduction’. Fuadach eachtardhomhandach, ab ea? N’fheadar an dtarlaíonn a leithéid in aon chor nó an samhlaíocht ar fad é?

Go maithe Dia dhom é ach nár bhreá leat dá bhfuadódh na heachtardhomhandaigh cuid de dhomhandaigh Dháil Éireann agus an tSeanaid. B’fhéidir go bhfoghlaimeodh an dream seo againne cleas nó dhó ó na spásairí chun sinn a tharraingt as an abar ina bhfuilimid.

Déarfadh síciatraithe gur dócha gur scitsifréine nó hipearmáine nó galar intinne éigin a bhí ar mháthair Chathail Uí Shearcaigh, bean a chaith a lán ama i measc na sióg, más fíor di féin.

Rith sé liomsa gur fuadach eachtardhomhandach a tharla di. An cuntas a fhaighimid ar mháthair an fhile an chuid is corraithí dá chuimhní cinn, Light on Distant Hills, a d’fhoilsigh Simon & Schuster i mbliana. Is trua nach i nGaeilge a scríobhadh é. Níl an Béarla rómhaith ag déileáil leis an saol eile.

READ MORE

Deir an t-údar: “My mother was an inveterate traveller in the otherworld; a regular visitor to unearthly parts.”

Tá go leor sa mhéid sin. Nílimid lánchinnte an taistealaí in aghaidh a tola ab ea í nó nach ea.

An léir dúinn ón abairt thuas cad é an saol eile seo go díreach agus conas dul isteach is amach ann? Cuairteoir rialta ab ea í. Cuairteoir. Faoi mar ba rud nádúrtha é. Bothántaíocht. Airneán. Agus cad is brí le “unearthly”? Neamhshaolta? Eachtardhomhandach?

Dhein an Searcach an-iarracht go deo chun tuiscint a fháil ar ghalar a mháthar. Ach cá bhfios nach galar ach bua é a bheith in ann cuairt a thabhairt ar chríochaibh neamhshaolta. Agus ar aon chuma, nach bhfuil litríocht agus béaloideas na tíre seo ag cur thar maoil le tagairtí don saol eile? Tá ar ndóigh.

Anois, má dhein eachtardhomhandaigh tú a fhuadach, ná téir i dteagmháil liomsa mar gheall air. Le do thoil. Ná scríobh chugam. Ná cuir glao teileafóin orm. (Níl fón póca agam, mar a tharlaíonn, agus is annamh a fhreagraím an fón sa halla. An uair dheireanach a d’fhreagraíos an fón bhí fónaí éigin ag iarraidh fón nua a dhíol liom). Ná cuir ríomhphost chugam. Ní bheidh mé in ann comhairle do leasa a chur ort.

Is dóigh le daoine áirithe má scríobhann tú aiste nó dhó don Irish Times go gcaithfidh go bhfuil meáchan céille agat. Is éadrom-mheáchan mé fad is a bhaineann sé le fuadach eachtardhomhandach, bíodh an méid sin soiléir. Bíonn daoine ag scríobh chugam, an dtuigeann tú.

Is dóigh liom gur eachtardhomhandaigh is ea cuid acu. An bhféadfainn labhairt amach faoi seo nó siúd, an bhféadfainn alt a scríobh mar gheall ar XYZ – scannal! – caithfidh duine éigin scríobh mar gheall air. Bhuel, a deirimse, labhair amach ina thaobh tú féin. Nó fostaigh púca pinn. Ní hin an Ghaeilge oifigiúil ar “ghost writer” ach scáthscríbhneoir.

Ach cad tá cearr le púca pinn? Nach ceart go mbeadh vóta againn? Cén fáth a bhfuil an focal “scáthscríbhneoir” againn? Téarmaíocht éigeantach! Tá vóta uainn! Tá guth uainn! Saoirse!


BHÍ AINMNEACHA

ag máthair an tSearcaigh ar an slua sí. Ní haon dream amháin iad na daoine maithe (más maith atá siad). Tá scata acu ann, mar a bheadh treibheanna ann. Slua díobh b’as Caor an Airgid iad.

Rud nach bhfuil soiléir in aon chor ón leabhar ná an méid seo: an raibh an t-ainm sin, agus ainmneacha eile nach iad, i mbéal na ndaoine nó an i mbéal mháthair Chathail amháin a bhí siad?

Más i mbéal a mháthar amháin a bhíodar, cá bhfuair sise iad mar ainmneacha? Ar chum sí an t-ainm Caor an Airgid?

Gar do Shliabh Sneachta atá Caor an Airgid ach níl sé ar aon mhapa. Ar mhapa aigne mháthair an fhile a bhí sé agus is soiléir a bhí sé ann.

Tá leabhar filíochta ag an Athair Micheál de Liostún dar teideal Screadfaidh na Clocha Amach. Thuig máthair Chathail caint na gcloch. Dúirt sí leis uair amháin go raibh cloch tar éis a rá léi go raibh gála chucu ó Ghleann Tornáin. Agus b’fhíor don chloch. Ba ghearr go raibh sé ina ghála. Cuimhnigh ar éifeacht na tairngreachta sin ar gharsún óg.

Bhí sáreolas ag máthair Chathail ar an Eall, abhainn, ar Agall, áit chnocánach, Donn an Domhain, áit sceirdiúil neamhthorthúil, Pulc, cathair an óir, Ball na mBuacán, cathair thoirmiscthe. Istoíche a rachfá go dtí na háiteanna sin. Ní fhéadfá dul ann faoi sholas an lae. Na háiteanna sin go léir, tíreolas agus logainmneacha na n-áiteanna dofheicthe sin, tá draíocht mhillteanach ag baint leo: Tulc, Ruacan, Fán, Daol, Ston, Idir Eatarthu (an ceann is deise liom), Dearg na gCorr agus Scan.

Bhíodh an slua sí ag glaoch uirthi. Dúirt sí lena maicín óg uair amháin go raibh báibín as Co na Gaillimhe fuadaithe ag lucht Chaor an Airgid agus go rabhadar ag glaoch uirthi mar go raibh banaltra chíche uathu. Nuair a cheistíodh Cathal í faoi na háiteanna sin is é a deireadh sí ná gur ar imeall neamhní a bhíodar.

Bhí cónaí ar neacha fadghéagacha i nDearg na gCorr, tuairim is seacht n-oíche siar uathu. Ní i slata ná i mílte a deineadh an t-aistear a thomhas ach ina oícheanta. Bhíodh saghas ióga ar siúl ag na neacha sin chun an domhan glioscarnach ina mhaireadar a chaomhnú agus a íonghlanadh. Ba nós leo seasamh ar chos amháin ar feadh trí lá in abhainn gheal, leathshúil leo druidte agus iad ag cantaireacht.

Bhí púdar draíochta acu a dheineadar as beacáin agus caora dearga, púdar a d’iompraítí i bpúitse ar a dtugtar bolg an tsolais agus bhí gá acu le duine daonna chun an bunábhar a bhailiú. Agnes, máthair Chathail, an duine sin.

Bhí uirthi na muisiriúin agus na caora a mheilt ansin le tuairgnín airgid. Mheascadh saoi ansin ina phúdar é thuas in Inis Ór na gCorr, oileán spéire. Is bhí na neacha sin ar a sáimhín suilt agus caor na mbeacán, mar a thug Agnes ar an gcógas, á ghlacadh acu gach lá.

Dhein na neacha osnádúrtha sin Agnes a ghlanadh sula ligfí isteach i ríocht an tsolais í. Bhíodh sí cuachta faoi scragall geal de shaghas éigin agus chuirtí isteach i ngléas gaile ansin í lena sciomradh agus nuair a thagadh sí amach bhíodh sí chomh geal le scilling nua. Ní go dtí sin a ligtí di dul ag piocadh na gcaor is na mbeacán.

Agus conas a bhain sí na háiteanna sin amach? Fuair sí síob, a dúirt sí, ó dhath. An dath gorm. Is fearr ná ficsean a bheadh bunaithe ar fhuadach eachtardhomhandach an cuntas éachtach a thugann Cathal dúinn ar aistir dhiamhra a mháthar.

Ach an ficsean é? Nó an bhfuil fírinne ann, fírinne atá ceilte ar dhaoine normálta? Léigh an leabhar. Nílimse chun a thuilleadh a rá.

--

Tháinig a chéad leabhar filíochta i mBéarla ó Ghabriel Rosenstock i mbliana, Uttering Her Name, ó Salmon Poetry, agus sa teanga chéanna dhá leabhar mhachnamhacha ar chúrsaí haiku a d’fhoilsigh Cambridge Scholars Publishing, Haiku Enlightenment agus Haiku, the Gentle Art of Disappearing.