Frank ár gcroí

Crobhingne: Ag bun na nótaí a chuireadh Frank Harte lena chuid téipeanna/ dlúthdhioscaí bhreacadh sé i gcónaí "Chapelizod" agus…

Crobhingne: Ag bun na nótaí a chuireadh Frank Harte lena chuid téipeanna/ dlúthdhioscaí bhreacadh sé i gcónaí "Chapelizod" agus bliain a scríofa, a scríobhann Alan Titley.

Ba dhóigh leat go raibh sé chomh mórálach as an sráidbhaile beag sin ar bhruach na Life is a bhí sé as Éirinn fhairsing féin. D'inis an méid sin go leor duit faoin bhfear uasal ceolmhar seo a d'imigh uainn le gairid.

Aithne ar bith ní raibh agamsa air ach aithne na n-amhrán, agus b'shin í an aithne luachmhar. Ach chuala ag ceol go mórmheanmnach, agus ag caint go paiseanta é mar gheall ar bhailéid na tíre, na cathrach agus an ghuthdomhain ar chónaigh sé ann.

Guth domhain a bhí aige féin, guth faoi leith, guth nach bhféadfaí é a shamhlú leis an dara duine. Agus sin é an bua is mó nach féidir leis an amhránaí bheith á cheal, guth sainiúil faoi leith nach féidir le duine ar bith aithris a dhéanamh air, ach ar mhian le daoine eile é a leanúint. Rinne sé mar a dhéanann na hamhránaithe is fearr ar fad. Ghlac sé seilbh ar bhailéad, shloig sé go hiomlán é, agus scaoil amach é úrnite gealstampach.

READ MORE

Nuair a chéadchuala The Charladies Ball uaidh, shíl mé le seanbhlas nach raibh ann ach jackywhackachas aniar ó stáitse maoithneach an music hall. Bhí gnéithe láidre de sin ag baint le Jimmy O'Dea agus leis an mbréagbhleácliathachas a cumadh mar mhalairt ar aon rud eile. Ach más féidir le dáiríreacht agus le híoróin mairiúint le chéile in aon ghuth amháin fad na haimsire, is é a bhí ag Frank Harte agus an spraoi aige á scaipeadh.

An sainghuth sin uaidh, is dócha gur tháinig ann dó de bharr gurb é an t-amhrán i gcónaí an máistir. Bhí amhráin Ghaeilge aige, bíodh go raibh cúthaile áirithe air ina gcuibhreann; agus bailéid idirnáisiúnta, agus seanrabhcáin, agus scéalamhráin, agus ábhar Sasanach, Albanach, Oráisteach, as gach cearn dar ráinig chugainn.

An t-eicléicteachas sin dá chuid bhain sé riamh leis na hamhránaithe a raibh an croí maith mór iontu. Bhí a leithéid sin ag Bess Cronin ar chiclipéid í dá raibh ag teacht treo na gaoithe chuici; ag Margaret Barry an bhainseo agus an ghutha cinn a mhúscail na haingil ina dtoirchim suain lasnairde; ag Con Greaney Iarthar Luimnigh a bhí chomh garbh le lá meala is chomh séimh le síoda ghabhair in éineacht.

Ní hé go bhfuil lá loicht le fáil ar na hamhránaithe sin nach ndéarfadh siolla nár dúradh lasmuigh dá leathpharóiste féin; is gátarach an chúinge a chothú fara na fairsinge ar a sheal. Ach is é an misneach a chraobhaíonn an traidisiún, agus bhí sin go rábach ag Frank.

Deireadh sé i gcónaí gurbh iad na hamhráin stair na muintire, "an chuid sin den stair nár scríobh na staraithe". Agus ina dhiaidh sin: "Iad siúd a bhfuil an chumhacht acu, scríobhann siad an stair; na daoine a fhulaingíonn is iad a bhreacann na hamhráin."

Léirigh sé an méid sin san repertoire a bhí aige, ach in The hungry voice dlúthdhiosca faoin ngorta, My name is Napoleon Bonaparte, agus dar liom féin an sméar mullaigh ar fad 1798: the first year of liberty.

Nuair a bhí an iomad daoine in amhras faoi na hamhráin seo le linn na tréimhse Mhic Cárthachais a mhair anseo le 30 bliain agus tuilleadh, cheol sé iad go ciúin, go macánta agus go croíúil mar gur bhain siad linn, idir olc, mhaith agus idir eatarthu.

Is deacair éisteacht anois le Dunlavin Green gan a smaoineamh gurb é seo dán an duine in earraid leis na brúidí móra. Ina choinne sin, cé eile a chanfadh Croppies Lie Down leis an meas sin ar na seintimintí a spreag ag an am, gan géilleadh aon phioc don tuairim pholaitiúil a bhí á stiúradh?

Tá cineál áirithe Dub ann a shíleann ar shlí neamheolgaiseach éigin nach mbaineann a chathair leis an gcuid eile d'Éirinn. Tá an Dub seo chomh místairiúil leis na Corcaígh úd a shíl gur bhain an búistéir Francis Drake le hImpireacht na Breataine nó le 1798.

Ba chuid de chúram na n-amhrán uaidh a léiriú go raibh Séipéal Isolde agus Baile Átha Cliath siar amach chomh dlúthcheangailte lenár dtraidisún dúchais agus atá an duileasc leis an taoide tuile nó an t-oileán leis an Direánach.

Is in Séipéal Isolde atá Finnegans Wake, mórúrscéal James Joyce suite lasmuigh den aigne. Tá Frank ann mar "the harte of the roll, the synger of all our sons".