Fianaise na gcolm

An bhfuil taibhsí eile a bhaineann leis an scéal seo sa chúlra i gcónaí?


Scars have the strange power to remind us that our past is real – Cormac McCarthy, All the Pretty Horses

The past is never over. Nach é sin a deirtear. Bhí an t-uafás díospóireachta, mionanailíse agus anamchuardaigh ar siúl le blianta beaga anuas againne, Gaeil, maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna hinstitiúidí éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt” agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.

Ach nílimid linn féin san obair sin.

Scéal ionann is dochreidte é seo ar an chéad amharc. Tháinig údaráis na Gearmáine ar chiste ollmhór de 1,400 saothar ealaíne, iad cuibhrithe le chéile in árasán beag in München na Gearmáine.

READ MORE

Sa bhailiúchán ollmhór sin, an bailiúchán is suntasaí de phictiúir a áitíodh gurb iad na Naitsithe a ghoid a bhformhór díobh ó mhangairí ealaíne Giúdacha aimsir an Dara Cogadh Domhanda, bhí pictiúir le Pablo Picasso, Henri Matisse, Marc Chagall, Otto Dix agus na Gearmánaigh mór le rá a raibh lé faoi leith acu leis an eispriseanachas, leithéidí Ernst Ludwig Kirchner.

Ghlac na húdaráis seilbh ar na pictiúir go léir san árasán a mba le seanfhear darbh ainm Cornelius Gurlitt é i mí Feabhra 2013, iad meáite ar bhunús agus úinéireacht na bpictiúr a fhiosrú agus a dheimhniú dá mb’fhéidir é.

Faraor, osclaíodh go leor seanchréachtaí i sochaí na Gearmáine leis na heachtraí sin, eachtraí a gceaptar iad a bheith dearmadta go deo, iad imithe leis an nglúin atá básaithe faoin am seo.

Ar na nithe is aistí faoin méid a tharla i München ag tús na bliana bhí cruth simplí an scéil ar an chéad léamh.

An ceannaí aosta a raibh an taisce dochreidte ealaíne sin ina sheilbh aige, Cornelius Gurlitt, ba mhac le ceannaí ealaíne eile darbh ainm Hildebrand Gurlitt é, fear a d’oibrigh ar son na Naitsithe nuair a chreachadar mórán gailearaithe ag tús an chogaidh agus saothair ealaíne nua-aimseartha a maítear iad a bheith mídhúchasach á ngabháil acu.

Mhair Cornelius Gurlitt i ndomhan aisteach rúnda ar feadh na mblianta agus níl liosta iomlán de na pictiúir a bhí ina sheilbh aige fógraithe go fóill.

Ní hamháin sin ach is cosúil nach bhfuil lucht fiosraithe an scéil cinnte conas an cás a réiteach.

Tá an dlí a bhain le "degenerate art" ón mbliain 1938 fós i bhfeidhm, creid é nó ná creid. Díol suntais go ndúirt Gurlitt in agallamh le Der Spiegel go bhfuair sé an taisce ealaíne go dleathach an chéad lá riamh agus go raibh sé ag iarraidh go dtabharfaí chuile phictiúr ar ais arís dhó.

Gné amháin den scéal a dhéanann níos casta fós é ná gur leath-Ghiúdach é Gurlitt féin agus go raibh ról aige i gcur chun cinn na healaíne avant-garde thar na blianta, ina measc na saothair chéanna a chaomhnaigh sé agus a dhíol sé ó am go ham.

Nuair a tháinig an taisce ollmhór ealaíne chun solais den chéad uair tháinig na mothúcháin ghruama (ar shíl mórán Gearmánach iad a bheith imithe go deo) ar ais chucu, dá n-ainneoin féin. Tháinig an suaitheadh intinne a cheapadar a bhí curtha díobh acu ar ais mar thaibhse ón am atá thart.

Mar chomh-Eorpaigh, áfach, ba cheart dúinn a admháil go mbaineann an scéal seo linn go léir, agus ní le muintir na Gearmáine amháin.

Baineann scéal Gurlitt le stair na hEorpa an méid céanna agus a bhaineann le stair na Gearmáine. Maireann saothair ealaíne i bhfad níos faide ná mar a mhairimidne – sin í an fhadhb.

Ar shlí, feidhmíonn siad mar chuimhní cinn dúinn, más maith linn é nó nach maith. Agus cad a dhéanaimid nuair a thagann scéalta dála scéal Gurlitt chun solais?

An rud is fusa ná an teachtaire ón ré dhearóil sin a dhamnú agus é a náiriú mar a rinne na meáin i gcás Gurlitt. Sa tslí sin is féidir an chiontacht phobail a aistriú go neach éigin eile – eiseamláir an chórais lofa sin a ceapadh a bheith dearmadta agus ruaigthe fadó.

Idir an dá linn, áfach, mothaímid míshocair; tá an smaoineamh uafásach i gcónaí i gcúl ár n-intinne.

An bhfuil taibhsí eile a bhaineann leis an scéal seo sa chúlra i gcónaí? An bhfuil scáileanna eile ann nach bhfuil tagtha chun solais fós ach go bhféadfaidís dochar mór a dhéanamh? Nuair a chaillfear Gurlitt luath nó mall, an ndúnfar an chaibidil sin den stair?