Ferdie an Fhorais

Tá ceannasaí Ghael-Linn sa Tuaisceart, Ferdie Mac an Fhailigh, ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge i …

Tá ceannasaí Ghael-Linn sa Tuaisceart, Ferdie Mac an Fhailigh, ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste.

Is é Mac an Fhailigh an chéad duine atá ceaptha ina fhostaí lánaimseartha ag an Fhoras sa Tuaisceart ó bunaíodh an t-eagras breis agus trí bliana ó shin. Beidhsé freagrach as seirbhísí oideachais ar bhonn uile-Éireann.

I bpreasráiteas, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donnacha, go raibh "an t-ádh orainn gur éirigh linn duine a fháil le taithí na mblianta ar obair na Gaeilge sa Tuaisceart. Beidh ról fíorthábhachtach aige agus muid ag tógáil na heagraíochta ó thuaidh agus, dar ndóigh, ag forbairt soláthar seirbhísí oideachais ar fud oileán na hÉireann."

Is de bhunadh Thír Eoghain é Mac an Fhailigh agus é ag obair le Gael-Linn ó bhí 1981 ann.