Comhar le fáil ar líne agus i gcló as seo amach

Forbairtí nua idirlín don iris liteartha

Tá suíomh nua idirlín, Comhar.ie, seolta ag lucht na hirise liteartha.

Beidh deis ag lucht na teanga, den chéad uair, ailt uilig na hirise a fheiceáil ar líne nó a léamh i bprionta, de réir mar is mian leo féin.

Le léitheoirí nua a mhealladh agus le seanléitheoirí a spreagadh as an úr arís, beidh eagrán iomlán mhí Feabhra le léamh saor in aisce ar an suíomh.

Ina dhiaidh sin, beidh an iris ar fáil ar líne do shíntiúsóirí amháin agus i gcló sna siopaí fosta.

READ MORE

Is é dóchas lucht na hirise go mbeidh teacht ar ábhar na hirise áit ar bith ar domhan tríd an tsuíomh gréasáin poiblí agus é inléite agus so-úsáidte ar gach saghas gléis.

Tá siad ag súil go gcuirfidh áis chuardaigh agus gnéithe idirghníomhacha eile le heispéireas na n-úsáideoirí ar an suíomh gréasáin.

Lena chois sin, tá suíomh nuadheartha anois ar fáil do LeabhairCOMHAR.

Beidh léitheoirí in ann dul i ngleic le clár na leabhar trí scagadh a dhéanamh ar chatalóg LeabhairCOMHAR de réir seánraí, scríbhneoirí, agus na sraitheanna leabhar a d’fhoilsigh siad go dtí seo.

Mar chuid den fhorbairt ar líne fosta, tá naisc cruthaithe idir láithreáin éagsúla COMHAR, mar atá, Comhar (comhar.ie/iris), LeabhairCOMHAR (comhar.ie/leabhair), COMHARÓg (comhar.ie/og), COMHARTaighde (comhartaighde.ie), agus Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie).