Ciorrú pá 10 faoin gcéad d'fhoireann Foinse

TÁ FOIREANN bhuan an nuachtáin sheachtainiúil, Foins e, i ndiaidh glacadh le ciorrú pá 10 faoin gcéad

TÁ FOIREANN bhuan an nuachtáin sheachtainiúil, Foinse, i ndiaidh glacadh le ciorrú pá 10 faoin gcéad. Déanfar gearradh 10 faoin gcéad fosta ar tháillí saoririseoirí an nuachtáin. (Scríobhaimse colún don nuachtán mar shaoririseoir.) Thug bainistíocht an nuachtáin le fios gur ghá gearradh siar de bharr titim i gcúrsaí fógraíochta agus an nuachtán bheith ag cailleadh airgid dá thairbhe sin.

Dúirt eagarthóir Foinse,Seán Tadhg Ó Gairbhí gurbh "am an-leochaileach é seo" i stair nuachtán gach aon áit. Bhí pobal dílis léitheoirí ag Foinseó bunaíodh é sa bhliain 1996 agus "meas tuillte ag an nuachtán de bharr feabhas na hiriseoireachta agus na scríbhneoireachta ann, a bhuíochas leis an bhfoireann atá againn, ár saoririseoirí san áireamh.

“An dualgas atá anois orainn ná a chinntiú go dtiocfaidh Foinse slán agus go mbeidh ar ár gcumas i gcónaí nuachtán ar féidir le pobal na Gaeilge brath air agus bheith bródúil as, a thabhairt chun na siopaí gach seachtain.”

Dúirt sé go raibh infheistíocht shuntasach déanta acu i réimse an Idirlín agus go raibh tuilleadh forbartha le déanamh sa réimse sin, “forbairt atá riachtanach má tá aon nuachtán le teacht slán na laethanta seo.

READ MORE

"Tá léirithe ag Foinsecheana go bhfuil an tsamhlaíocht ionainn teacht timpeall ar na dúshláin ar leith atá roimh nuachtán i mionteanga agus níl aon amhras orm ach go bhfuil sé ar ár gcumas na dúshláin nua seo a shárú."

Dúirt príomhfheidhmeannach FoinseSeán Clancy go raibh "laghdú tubaisteach" ar chúrsaí fógraíochta:

"Tá sé seo ag tarlú i nuachtáin ar fud an domhain agus ní eisceacht ar bith é Foinse, go háirithe agus sinn ag brath an oiread sin ar fhógraí stáit.

"Is oth linn go bhfuil orainn é seo a dhéanamh, go háirithe agus foireann chomh díograiseach agus cumasach ag Foinse, ach is é seo an t-aon bhealach le cinntiú go dtiocfaidh Foinseslán." Socrú "sealadach" a bhí ann, a dúirt sé.

Maoiníonn Foras na Gaeilge an nuachtán agus chuir Foinseiarratas isteach ar chonradh nua uathu. Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go raibh "moladh á réiteach ag Coiste Nuachtán agus Irisí an Fhorais maidir le Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Cuirfear an moladh sin faoi bhráid an bhoird i mí Bealtaine".