Ceardlann teilifíse

TÁ IONAD Scríbhneoirí Chaitlín Maude, Gallimh, le dhá cheardlann ar an téama, “Ag Scríobh don Teilifís: Cúrsa Tosaigh” a reáchtáil…

TÁ IONAD Scríbhneoirí Chaitlín Maude, Gallimh, le dhá cheardlann ar an téama, “Ag Scríobh don Teilifís: Cúrsa Tosaigh” a reáchtáil, an Satharn seo agus Dé Sathairn 31ú, Eanáir.

Is í an scriptscríbhneoir Ailbhe Nic Giolla Bhríghde a thógfaidh an chéad cheann. Is fada í ag plé le sraitheanna ar nós Ros na Rún, Aifricagus Seacht. An t-aisteoir Diarmuid de Faoite a thógfaidh an dara ceann. Eolas: 091-533594/087 nó westernwriters@eircom.net