Bíonn sé deacair ag ciaróg amháin ciaróg eile a aithint

SCRÍOBH MÉ ar an cholún seo tá tamall ó shin faoin fháinne agus chuir an cheist arbh fhiú é? Tháinig roinnt mhaith freagraí ó…

SCRÍOBH MÉ ar an cholún seo tá tamall ó shin faoin fháinne agus chuir an cheist arbh fhiú é? Tháinig roinnt mhaith freagraí ó dhaoine agus ba mhaith liom trácht a dhéanamh ar chuid acu an tseachtain seo.

Scríobh Ollamh le Sean-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Máirín Ní Dhonnchadha go raibh sé “thar am suaitheantas úrnua a chur in áit an fháinne. Tá athrú radacach imithe ar fhéiniúlacht lucht labhartha agus lucht tacaíochta na Gaeilge le blianta beaga anuas, gan trácht ar an gcéad éigin bliain ó cuireadh tús le nós caite an fháinne (i 1911).

“Is deacair an tsamhail den Ghaeilgeoir uirbeach cráifeach seanfhaiseanta a dhealú ón bhfáinne, duine a mbeadh an fáinne, biorán Chumann na Réadóirí agus blúire d’ubh na maidne, b’fhéidir, faoina smig.”

Molann sí comórtas d’ealaíontóirí le suaitheantas nua a chruthú, “suaitheantas a mbeimis chomh mórálach céanna as is atáimid as na boinn airgid a cheap an coiste a raibh WB Yeats i bhfeighil air 80 bliain ó shin”.

READ MORE

Síleann Fergus Ó Néill as an Ghearmáin go bhféadfaí “coincheap kúl” a chruthú thart ar an fháinne ach níos mó céimeanna cumais a úsáid – ar nós júdó – agus dearadh nua a chumadh.

Ceapann Seosamh Ó Ciardha, oifigeach Gaeilge i Roinn an Iompair, go bhfuil drogall ar dhaoine le Gaeilge fáinne a chaitheamh ach “conas is féidir leat bheith ar an eolas go bhfuil an teanga ag éinne a chasann leat ag cruinniú nó aon rud mar sin muna bhfuil fáinne á chaitheamh aige nó aici”. Bhí sé ag seimineár cúpla bliain ó shin nuair a pléadh ceist an dátheangachais san Fhionlainn, áit a raibh teanga oifigiúil agus neamhoifigiúil in úsáid.

Caitheann daoine “suaitheantas speisialta más féidir leo an dá theanga a labhairt. Cuireann an suaitheantas in iúl do éinne a chasann leo gur féidir leo an dá theanga a labhairt. Tá mana ar an suaitheantas a deireann labhraím x agus labhraím y agus tugann sé cuireadh don duine a rogha teanga a úsáid agus é ag caint leo.”

Fiafraíonn sé an mbeadh socrú den chineál céanna fóirsteanach ó thaobh labhairt an Bhéarla agus na Gaeilge de.

Scríobhann bean amháin as an Ghaeltacht, a d’iarr nach n-ainmneofaí í, go raibh drochthaithí aici féin ar fhir a chaitheadh fáinní, iad míthrócaireach ina mbreithiúnas ar Ghaeilge cainteoirí dúchais.

Ní dóigh léi go mbeidh an fáinne óir kúl go deo ach chaithfeadh sí féin suaitheanas ach é bheith faiseanta.

Creideann Niall Ó Cléirigh i mBaile Átha Cliath “nach bhfuil teacht ar an bhfáinne gan dua, go bhfuil sé róchostasach, chomh maith leis an gceist maidir leis an ‘kúl factor’. Tá a mhacasamhail sa Bhreatain Bheag agus b’fhiú taighde a dhéanamh ar an gceist – dá mbeadh fiú 10 faoin gcéad den daonra sásta an fáinne a chaitheamh bheadh aithne acu ar a chéile agus deis acu caint agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh– gan comhartha seachtrach de chineál éigin ní bhíonn aon leid ann maidir le hinniúlacht teanga agus is fadhb ollmhór í sin don Ghaeilge sa Ghalltacht”.

Creideann Clive Geraghty i mBaile Átha Cliath, go bhfuil an t-am ann feachtas nua a thosú le suaitheantas Gaelach a chur chun cinn:

“Cén fáth nach bhfuil fáinne le feiceáil ag na kúl dúds i Ros na Rún, Seacht, Aifric? Níl dabht ar bith go mbeadh an fáinne kúl más rud é go raibh ceann ar sheaicéad Des Bishop. An cheist is mó ná an bhfuil an tsuim agus an fuinneamh ag eagraíocht ar bith feachtas mar seo a chur ar bun?”