Éigeandáil áitiúil

Tabharfaidh na toghcháin áitiúla dúshlán na bpáirtithe uilig

Is iad na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí na Bealtaine an dúshlán mór do pholaiteoirí i mbliana.

Beidh na toghcháin sin, go háirithe na cinn áitiúla, ina dteist ar na páirtithe uilig ach is iad páirtithe an Rialtais is mó a bheidh faoi bhrú.

Ní hiad na polaiteoirí amháin atá ag díriú orthu ach oiread; cloisim an pobal ag caint fúthu gach áit a dtéim anois agus is díoltas is mó a bhíonn faoi chaibidil.

Tá daoine ag gearán go géar faoi pholasaithe nua agus faoi easpa trédhearcachta maidir le caiteachas in Uisce Éireann agus tuarastal sna hospidéil.

READ MORE

Beidh an dá thoghchán ar an lá céanna ach is ceisteanna a bhaineann le polaitíocht áitiúil nó náisiúnta is mó a bheidh ag dó na geirbe.

Bíonn na hiomaitheoirí do Pharlaimint na hEorpa de shíor ag iarraidh ceisteanna Eorpacha a tharraingt anuas ach is mó suim a bhíonn ag an bpobal sna toghcháin áitiúla.

Más féidir muinín ar bith a bheith againn as na pobalbhreitheanna, is deimhniú iad go mbeidh an Rialtas faoi dhianscrúdú.

Tá athruithe móra i gceist sna toghcháin seo, i bhfad níos lú comhairleoirí le toghadh, 950 seachas 1,627. Ach cé go mbíonn an pobal ag rá go bhfuil an-iomarca polaiteoirí againn is beag seans go gcúiteoidh siad an Rialtas as na hathruithe agus gach uile sheans go mbeidh an Rialtas thíos leis.

Sinn Féin agus “Na Neamhspleáigh agus Eile” ar a n-áirítear An Páirtí Sóisialach agus People Before Profit is mó atá ag cur lena dtacaíocht.

Bhí “Na Neamhspleáigh agus Eile” sa tríú háit le 124 suíochán agus timpeall 14 faoin gcéad den vóta i 2009. Táthar seasta go maith anois thart ar 20 faoin gcéad den vóta agus tá Sinn Féin a ghnóthaigh 8 faoin gcéad i 2009 anois idir 15 faoin gcéad agus 18 faoin gcéad sna pobalbhreitheanna.

Seans an-mhaith mar sin go mbeidh méadú ar líon na suíochán a bheidh acu.

Chaithfeá a mhalairt a rá faoi pháirtithe an Rialtais agus Fianna Fáil. Ghnóthaigh Fine Gael 88 suíochán breise sna toghcháin áitiúla i 2009.

Den chéad uair ariamh, b’iad an páirtí ba mhó sa chóras rialtais áitiúil iad agus ba chomhartha é sin ar a raibh i ndán san olltoghchán.

Rinne an Lucht Oibre go maith freisin le méadú 43 suíochán, an chuid is mó acusan i mBaile Átha Cliath.

Is iad Fianna Fáil is mó a bhí thíos leis; chailleadar 135 suíochán ar fad agus gan acu ach 25 faoin gcéad den vóta, a bheag nó a mhór an tacaíocht chéanna atá anois acu, dar leis na pobalbhreitheanna.

Tacaíocht
Ar ndóigh, thit a dtacaíocht arís san olltoghchán. Ach léiríonn na pobalbhreitheanna le dhá bhliain anuas go bhfuil tacaíocht an pháirtí ag méadú.

Beidh Micheál Martin ag súil go leanfaidh an téarnamh sin agus go dtaispeánfaidh na toghcháin áitiúla borradh faoi thacaíocht an pháirtí – fiú muna gcuireann siad le líon na gcomhairleoirí.

Ar na ceisteanna náisiúnta a tharraingeoidh gleo beidh táillí uisce, cáin maoine áitiúil agus deontais feabhsúcháin tithíochta do sheandaoine agus daoine faoi mhíchumas.

An Rialtas seo atá freagarthach as gach ceann acusan agus is fúthu a bheidh sé na polasaithe a chosaint ar na doirsí. Ní fiú a thuilleadh méar an mhilleáin a shíneadh le Fianna Fáil agus leis an rialtas deireanach.

Go dtí seo, is mó milleán atá á chur ag an bpobal ar an Lucht Oibre faoi na polasaithe nua seo ach beidh Fine Gael thíos leis freisin.

Chomh maith leis na nithe sin, beidh pobal na tuaithe spréachta faoi phiolóin leictreacha le feachtas láidir náisiúnta ar siúl ina gcoinne agus iad ag bagairt iomaitheoirí a rith.

Beidh tuillte, creimeadh farraige agus damáiste stoirme ina gcnámh spairne freisin. Ábhair iad seo go léir a bhaineann le rialtas áitiúil agus beidh an pobal réidh chun a míshástacht a chur in iúl sa mbosca vótála.

Tá sé deacair comparáid díreach a dhéanamh leis na toghcháin deireanacha óir tá an an córas á athrú ó bhun.

Roimhe seo, thoghtaí baill do 114 údarás áitiúil ach ciorrófar líon na n-údarás go 31 i dtoghcháin na bliana seo agus beidh deireadh ar fad le comhairlí baile agus buirge. Tá roinnt comhairlí eile á gcomtháthú agus líon na gcomhaltaí ciorraithe go 950.

Is cosúil, áfach, go bhfuil a lán den 1,627 a bhí ann fós ag iarraidh leanstan den pholaitíocht, rud a fhágfaidh go mbeidh dianiomaíocht d’ainmniúchán.

Tá easaontas i bpáirtithe mar gheall ar an gcóras roghnaithe cheana féin.

Tá monúr láidir faoi easaontóirí atá le seasamh mar neamhspleáigh agus d’fhéadfadh sin an-dochar a dhéanamh ó tharla an seasamh atá ag neamhspleáigh sna pobalbhreitheanna.

Míshástacht eile ná go bhfuil gach contae anois le roinnt ina gceantar bardais ach tá na ceantracha sin i bhfad níos mó ná na seantoghlimistéir áitiúla.

Fágann sin an rása iontach plódaithe agus comhairleoirí seanbhunaithe sna páirtithe míshásta go bhfuil ceantracha láidre tacaíochta caillte acu agus go gcaithfidh siad anois tabhairt faoi fheachtasaíocht in áiteacha nach bhfuil aon tacaíocht acu.

Is cinnte nach mbeidh an toghchán seo ar aon dul le haon cheann a throid siad roimhe seo agus go mbeidh pobal eolach feargach ina luí sa bhféar ag fanacht leo.