Rú Amú by Scoil na hAirde Thiar, Co na Gaillimhe

Fighting Words 2020: Le rang 3, 4, 5, 6, Scoil na hAirde Thiar, An Aird Thiar, Carna, Co na Gaillimhe


Lá amháin, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhí Toby ag spraoi le Rú an coinín. Tháinig Tintreach an gadhar agus thóg sé Rú.

Ansin, chuaigh Tintreach isteach trí dhoras draíochta go dtí lár an domhain, ach bhí Toby ródheireanach le dul tríd an doras draíochta.

Smaoinigh sé go raibh siopa seodra i mbaile beag i gCarna. Bhí seoid dhraíochta sa siopa agus nuair a leagfá lapa uirthi, bheifeá in ann caint. Bhí sé ag iarraidh labhairt le cara eile a bhí aige, Milí, an cailín beag, le haghaidh cúnamh a thabhairt dó dul go lár an domhain le haghaidh Rú a fháil.

Ansin, rith sé go tapa go Carna go dtí an siopa seodra agus leag sé lapa ar an tseoid dhraíochta. Nuair a leag sé a lapa ar an tseoid dhraíochta, thosaigh sé ag caint. Rith sé abhaile ar nós na gaoithe agus dúirt sé le Milí céard a tharla.

READ MORE

“Caithfidh muid Rú a shábháil ó Thintreach an gadhar!” a dúirt Toby.

Baineadh geit as Milí.

Rith sí go dtí a Mama agus a Daide agus dúirt sí leo eitleán a fháil go dtí lár an domhain.

Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, bhí siad ar an eitleán…