BEOCHEIST:TÁ NA sráideanna breac le postaeirí, tá na doirse á gcnagadh ag iarrthóirí ocracha agus gach maidin, clúdaíonn cairpéad nua d'ábhar fógraíochta urlár an halla.
Gnáthnósanna toghcháin ach, ar chuma éigin, ní gnáth-thoghcháin atá romhainn an mhí seo chugainn. Tá rud éigin sa bhreis i gceist an iarraidh seo, amhail is go raibh an pobal ar bís le fáil isteach i mbothán toghchánaíochta, iad ag pléascadh chun rud éigin a rá.
Bheadh trua agat do na hiarrthóirí áitiúla atá ag dul ó dhoras go doras faoi láthair. Beidh sé deacair labhairt faoin drochbhail atá ar na bóithre nó faoi bhailiú dramhaíola nuair atá daoine buartha faoina gcuid postanna féin nó faoi riaráistí morgáiste. Tá na páirtithe go léir ag fáil amach go bhfuil athrú bunúsach tagtha ar mheon an phobail agus tá sé seo go háirithe fíor i gcás iarrthóirí Fhianna Fáil.
I dtuairisc raidió amháin chuaigh iriseoir amach le cúpla iarrthóir áitiúil in iarthar na tíre agus b’iontach an fhearg a bhí á léiriú ag na doirse, fearg amh nimhneach. Caitheadh dea-bhéasa ar leataoibh agus ag tithe áirithe is beag nár tugadh bata agus bóthar d’iarrthóir amháin.
Sna toghcháin áitiúla, Eorpacha agus sna fothoghcháin beidh an chéad seans ag an bpobal rud éigin a rá leis an Rialtas ó thit an tóin as an saol eacnamaíoch agus tá sé soiléir go bhfuil siad ag dúil go mór leis an deis.
Is míthráthúil don Rialtas an teist seo agus is teist air a bheidh ann. Is ar scáth an mhí-ádha atá Brian Cowen ag mairstin ó rinneadh Taoiseach de agus le gach feasachán faoi fhostaíocht nó faoi staid na heacnamaíochta éiríonn an scáth sin níos mó. Tá rudaí deacra déanta ag an Rialtas cheana féin, rudaí nach meallfadh gean an phobail agus tá sé fógartha acu go bhfuil siad chun beartais phianmhara eile a chur i gcríoch.
Is léir go dtuigeann Fianna Fáil ar a laghad nach bhfuil aon rogha acu anois ach an lámh a choinneáil ar an stiúir agus cur suas le fearg an phobail go dtí go mbeidh an stoirm seo thart. Cén rogha eile a bheadh acu, a déarfadh an duine soiniciúil, agus 20 faoin gcéad tacaíochta á fháil ag an bpáirtí sna pobalbhreitheanna?
Ach cé gur féidir leis an Rialtas an dá fhothoghchán seo a chailliúint agus greim a choinneáil ar chumhacht, bheadh buille ollmhór tugtha dá údarás mar rialtas dá dtarlódh sé sin. An t-aon rud amháin a bheadh ag coimeád Fianna Fáil ó imeall na haille ná dílseacht an Chomhaontais Ghlais. Ar ndóigh, tuigeann an Comhaontas céanna go rí-mhaith go mbeadh siad sa mbád céanna dá mbeadh olltoghchán ag bagairt.
Ach le tromlach gearrtha, cá bhfios cén cinneadh crua a thiocfadh os comhair an Rialtais a chruthódh scoilt mharfach?
Tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag éileamh olltoghcháin ar ndóigh ach caithfidh go bhfuil Enda Kenny agus Eamon Gilmore, ar nós Naoimh Aibhistín, ag guí ina gcroí istigh go dtabharfaí cumhacht dóibh ach ní go díreach anois.
Tá obair an-mhaith déanta ag Kenny ar atheagrú Fhine Gael agus d’fhéadfá a rá gur tharraing sé ar ais iad ó bhéal na huaighe. Sa mhéid sin, bheadh sé tuillte aige dá dtoghfaí ina chéad Taoiseach eile é.
Ach, má fheiceann seisean ábhar Taoisigh nuair a bhreathnaíonn sé sa scáthán, ní fheiceann an pobal é sin. Má thug sé an páirtí leis, níor éirigh leis dul i bhfeidhm ar an bpobal leis an éifeacht chéanna. Measann daoine gur duine deas dáiríre stuama é. Ach ar chúis éigin, níl an draíocht sin a bhaineann le ceannaire láidir ag teacht uaidh. Beidh le feiceáil an dtiocfadh an t-údarás sin leis an bpost. Ach ní léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil sé aige faoi láthair.
Ní hionann sin is a rá, ar ndóigh, nach gcuirfeadh vótóirí isteach é mar chuid de phacáiste chun athrú rialtais a fháil. Tá tráchtairí ag caint faoi rialtas roinnte idir Fine Gael agus An Lucht Oibre amhail is go raibh sé ann cheana. Bheadh cloch nó dhó le glanadh as an ngort sin sula dtarlódh sé.
Ní dócha gur thug Fianna Fáil ariamh aghaidh ar thoghcháin faoi na droch-chúinsí atá ann faoi láthair. Snámh in aghaidh easa a bheidh ann i gcuid mhór ceantracha.
Uaireanta is in aghaidh an easa is fearr a oibríonn an meaisín iontach toghchánaíochta sin. Tá teacht aniar dochreite ann mar pháirtí.
Ach ina ainneoin sin is deacair gan tubaiste a fheiceáil ag tarraingt air sa meántéarma, tubaiste a chabhródh, b’fhéidir, le sainmhíniú nua a thabhairt do pháirtí a cruthaíodh i gceárta an chogaidh chathardha.