Cruachás na Colóime

 

BEOCHEIST: I gCEANN bliana, i mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Cuireann an spriocdháta seo muintir a thíre i gcruachás, cosúil leis an gceann a bhí ag na Rúisigh nuair a bhí ré Vladimir Putin ag teacht chun deiridh.

Agus mé i mo chónaí sa Cholóim le ceithre mhí anuas, braithim cé chomh himníoch is atá daoine faoin athrú. Tá amhras mór orthu an féidir leis an gcomharba, cibé duine é, an tír a choinneáil slán ón gclampar ina raibh sí sáite sular tháinig Uribe i gcumhacht.

Ach ag an am céanna, is eol dóibh an baol atá ann do shláinte dhaonlathach na tíre ligint dó trí théarma as a chéile a bhaint amach mar uachtarán.

Beidh tionchar tábhachtach le himirt ar thodhchaí na Colóime agus Mheiriceá Theas ón gcaoi a réiteofar an cruachás seo.

Tá droch-chlú ar an gColóim mar thír fhoréigeanach na sceimhlitheoireachta agus na gáinneála drugaí.

Ach tá feabhas mór atá tagtha ar chúrsaí sa tír le blianta beaga anuas, tréimhse arb ionann le ré Uribe.

Nuair a tháinig sé i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránach a bhuaigh Uribe.

Duine séimh, le cuma chneasta an ollaimh air, gheall Uribe dá phobal athruithe móra agus bealach amach a aimsiú ón gclampar agus mí-ordú.

As Medellin ó dhúchas, an chathair ab fhoréigeanaí i Meiriceá Theas tráth agus ceannáras an chairtéil drugaí Pablo Escobar, bhain sé amach céim dlí i Harvard, agus bhí sé mar mhéara Medellín agus gan é ach 30 bliain d’aois.

Agus ag breathnú ar a chuid agallamh ar teilifís, is ionadh dom an oiread cosúlachta atá aige le Putin. Maraon le Putin, tá an chuma chéanna stuama, dáiríre aige, agus é ag maíomh gurb é an t-aon duine amháin gur féidir an tír a choinneáil socair.

Cosúil le Putin, lena mhana “Deachtóireacht an Dlí”, tháinig Uribe chun tosaigh lena mhana féin, mar atá, an Slándáil Daonlathach, cineál idé-eolaíochta de chuid na heite deise caomhánaí, a gheall athrú iomlán, fiú dá dtiocfadh sé salach ar roinnt prionsabal daonlathach.

Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.

Is suntasach iad na torthaí a bhain Uribe amach. Dar le mórán daoine, tá an FARC in ísle brí, go háirithe i ndiaidh dóibh beirt dá gceannairí-clé a chailliúint i rith na bliana seo caite.

Tá an chuid is mó dá ngialla mór-le-rá scaoilte saor, de bharr obráidí tarrthála de chuid na bhfórsaí armtha, nó tar éis caibidilíochta glice, é sin mar thoradh ar an iarracht atá ar siúl chun an FARC a mhealladh i dtreo polaitíochta, próiseas nach bhféadfadh bheith ann ach go bhfuil a gcogadh á chailliúint acu.

Lena chois sin, le blianta beaga anuas tá borradh mór eacnamaíoch faoin tír agus tá na turasóirí ag teacht ina sluaite.

Ba léir gur bhain Uribe fíorshásamh as an rath uile seo, mar i 2006, d’iarr sé ar an gComhdháil Náisiúnta na rialacha a athrú chun ligint dó bheith atofa mar uachtarán.

Faoi láthair, tá an chomhdháil ag plé beart chun reifreann a chur ar siúl chun an bunreacht a athrú ionas go bhféadfaidh sé leanúint ar aghaidh ina phost go 2014.

Is iomaí tuairim atá á cloisteáil anois, áfach, ó thráchtairí mór-le-rá, fiú iad a mholann a bhfuil bainte amach ag Uribe, gur chóir dó ligint do dhuine eile teacht chun cinn d’fhonn sláinte dhaonlathais na tíre a phromhadh. Ina theannta sin, tá Uribe faoi bhrú níos mó in aghaidh an lae ó scannail atá ag teacht chun solais agus tá an dream nua sa Teach Bán ag scagadh a chuid pholasaithe i bhfad níos géire ná mar a rinne Bush riamh.

Beidh sé suimiúil le feiscint an dtiocfaidh iarrthóir inchreidte de chuid na heite clé chun tosaigh. Is í an Cholóim ceann de na tíorthaí deireanacha i Meiriceá Theas nach bhfuil rialtas den eite chlé i réim ann, b’fhéidir os rud é gur focal salach é an sóisialachas anseo, nasctha mar atá sé le treallchogaithe a bhfuil gráin fhorleathan ann orthu.

Ach é sin ráite, is dóigh go bhfuil polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre anois, rud a thabharfadh an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil, mar a tharlaíodh d’iarthreallchogaithe i dtíortha eile Mheiriceá Theas.