Scéal Sí

Fighting Words: Seán Óg Ó Fátharta (14)


Seo scéal a d’inis mo dhaideo dom faoi na síoga in Oileán Árann.

Bhí fear ag obair go crua lá amháin thíos ar an trá. Bhí sé tar éis neart carnáin fheamainne arda a dheánamh le go mbeadh sé in ann iad a bhailiú ar ball.

Bhí an fear beagnach réidh lena bhealach a dhéanamh abhaile nuair a a d’ardaigh gaoth láidir go tobann agus séideadh a chuid feamainne ar fud fad an chladaigh.

Chuir sé seo airde feirge ar an bhfear agus cúis mhaith aige leis. Thosaigh sé ag eascainí agus ag cur chuile mhallach faoin spéir ar an ngaoth. Bhí obair na maidine scriosta air.

READ MORE

Ní raibh sé i bhfad nó gur chuala an fear torann ag teacht ón sliabh. Chonaic sé grúpa daoine ag rith ina threo le cuma an oilc orthu. Thug sé faoi deara nach gnáthdhaoine a bhí iontu agus go raibh cuma dhraíochtúil orthu. Ansin thuig sé gur síoga a bhí iontu. Thuig sé chomh maith go raibh sé i dtrioblóid agus iad ag teacht ina dhiaidh. Thug sé do na bonnacha é.

Chuala sé trácht ar shíoga na gaoithe go mion minic agus bhí seans maith ann gur iadsan a bhí ar a thóir. Ní mó ná sásta a bhíodar leis an méid a dúirt sé ní ba thúisce.

Faoi dheireadh rugadar air agus chuir siad drochbhail air leis an ngreadadh a thugadar dó. D’imigh siad chomh sciobtha is a tháinig siad agus d’fhág siad an fear bocht ina chnap ar an talamh.

D’éirigh leis an baile a bhaint amach agus é briste brúite. Chaith sé an chéad chúpla lá eile agus é sínte ar an leaba. Ón lá sin amach níor oscail sé a bhéal faoi shéideadh na gaoithe.