Beo Bocht

Fighting Words: Fionnán Ó Coisdealbha (15)

‘Nach uafásach an scéal é, daoine gan pingin’
‘Nach uafásach an scéal é, daoine gan pingin’

“Tá mé stiúgtha a Mham, an mbeidh béile againn anocht?”

“Ní bheidh a stór, nach bhfuil ‘fhios agat go bhfuil muid bocht”

Nach uafásach an scéal é, daoine gan pingin

Gan iad in ann leigheas a cheannach nuair a bhuailtear iad tinn

READ MORE

Ní fhéadfadh gur fadhb airgid í leis an méid forbartha atá déanta

Ach is tragóid mhór mhillteach í, agus tá an saol seo claonta?

Is brionglóid agus taibhreamh na rudaí nach bhfuil ann

Don dream úd atá ar an trá fholamh agus atá fágtha gann

An dtiocfaidh athrú ar an domhan seo nó an mbeidh muid sáinnithe arís?

An mbeidh na daoine bochta fágtha, gan luach dí ná cíos?

A chairde agus a chlann, sin deireadh le mo chuid cainte

Ach smaoinigh ar céard a dúirt mé agus bíodh agat do shláinte