Scéal: An Doras Beag

Scéal a scríobh grúpa idirbhliaina i Scoil Chuimsitheach Chiaráin as an gCeathrú Rua

Photograph: iStock
Photograph: iStock

Nuair a dhúisigh mé ní raibh a fhios agam cá raibh mé. Bhreathnaigh mé thart agus níor aithin mé an áit ar chorr ar bith. Bhí mé i ngarraí éigin. Bhí an féar gorm agus bhí na clocha bándearg. Bhí mé an-scanraithe ach bhí suim agam sa gcaoi ar tháinig mé anseo chomh maith. Thriail mé cuimhneamh ar céard a tharla an lá roimhe ach ní raibh mé in ann cuimhneamh ar thada.

D’éirigh mé agus thosaigh mé ag siúl thart. Ní fhaca mé duine ar bith. Cheap mé go raibh sé sin thar a bheith aisteach mar go hiondúil feiceann tú daoine amuigh ag siúl. Ní fhaca mé teach ná siopa ar bith.

Faoin am seo bhí mé ag siúl ar feadh thart ar dhá uair an chloig. Sa deireadh chonaic mé siopa beag leis fhéin. Thug sé seo sólás dhom. Nuair a chuaigh mé isteach ann bhí sé dorcha. Bhí ceann de na soilse briste agus bhí neadacha damháin alla ‘chuile áit. Phioc mé suas mála fataí agus bhreathnaigh mé ar an dáta. Dúirt sé 19ú de mhí Iúil 5042. “Dia dhá réiteach,” a dúirt mé liom fhéin, “Tá an áit seo nua.”

Bhreathnaigh mé thart tuilleadh agus tháinig mé trasna ar dhoras beag. D’oscail mé an doras agus ní raibh mé in ann tada a fheiceáil seachas solas corcra. Dhún mé an doras go beo. Bhí mo chroí i mo bheal agus rith mé amach as an siopa ar luas lasrach.

Nuair a chuaigh mé amach taobh amuigh bhí sé tosaithe ag fáil dorcha. Cheap mé go raibh sé sin aisteach mar bhí an ghrian ag éirí nuair a dhúisigh mé ar ball.

Ansin... go tobann tháinig glór ón spéir. Bhí sé ar nós go raibh Dia éigin ag caint liom. Dúirt an glór go raibh mé sáinnithe anseo go deo mar gur shiúil mé trí dhoras nach raibh mé ceaptha dul isteach ann.

Chuimhnigh mé ar an doras beag a bhí sa siopa. B’fhéidir dá ngabhfainn isteach thríd an doras sin go mbeadh mo shaol ar nós an chaoi a raibh sé cheana. Rith mé isteach sa siopa chuig an doras beag ach ní raibh sé ann. Bhí mé cinnte go raibh mo phort seinnte anois. Rith mé amach as an siopa arís agus bhí sé dubh dorcha amuigh. Bhí faitíos aisteach orm anois. Ní raibh mé in ann tada a fheiceáil. Bhí sé ar nós droch-thromluí.

Tar éis píosa chonaic mé solas corcra i bhfad uaim. Cheap mé gur an doras beag a bhí ann. Rith mé go dtí an solas ach nuair a fuair mé gar dhó d’imigh an solas agus chuaigh sé níos faide uaim. Rith mé i bhfad níos sciobtha an uair seo agus an t-am seo, níor bhog an doras.

D’oscail mé an doras agus thriail mé dul tríd ach ní raibh mé in ann. Bhí mé sáinnithe san áit seo go deo agus bhí.

Tá mé sa tromluí go deo.

Tá Fighting Words na Gaeltachta maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.

This story was published in The Irish Times Fighting Words magazine, a collection of stories, poems and essays by young and international writers