An Beagán

Dán le Éire Ní Fhaoláin, 17 bliana d’aois, Co Loch Garman

Níl ann ach an beagán;

Maidin fhuar i mí na Nollag.

Mo mhéara reoite go géar agam

Ag cur seaca go trom.

Bhí cuma fholamh ar na bóithre

Brataithe ag an oighear –

Is cara í an fhoighne dom

Mar fanfaidh mé lasmuigh.


Níl ann ach an dóthain;

Téad chaol ag éirí tanaí.

An leoithne fhuar do mo lorg

Deargtha ag an bhfuacht.

‘S í an fhírinne í an chalóg

Glac m’fhocalsa air –

Is cara í an fhoighne dom

Agus níl ann ach an beagán.