Páirc an tSonais

Dán le Clíodhna Ní Neachtain, 12 bliain d’aois, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Lá te grianmhar

Páirc bhreá ghlas

Toirneach ag grúsacht ar bhun na spéire


Siúlaim amach ar an bpáirc

Mothaím mórtas, bród – mo chroí ag bualadh

Teannas san aer


Airím allas ag rith síos mo dhroim

Teas? Bród? Sonas?

Ardaíonn an ghrian


Féar glas

Cath camán

Damhsaíonn an sliotar tríd an aer


Páirc an Chrócaigh, Bealtaine ‘23