BEOCHEIST: IS BEAG duine sibhialta nach n-aontódh leis na tuairimí a nocht an Ceann Comhairle in Aibreán mar gheall ar a thábhachtaí atá sé go nglacfaidh inimircigh na hÉireann páirt i gcóras polaitiúil na tíre seo.
Ag labhairt dó le linn fáiltithe a eagraíodh i dTeach Laighean ar son inimirceach a bheidh ag dul sa rás sna toghcháin áitiúla mí an Mheithimh, dúirt John O’Donoghue go spreagfadh na hiarrthóirí inimirceacha daoine eile nuathagtha chun páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail.
Ní amháin sin, ach má thoghfar Polannaigh, Nigéaraigh is iarrthóirí ón iasacht nach iad i mí an Mheithimh tá gach seans go laghdófar méid áirithe ar pé ciníochas atá á fhulaingt ag inimircigh, ciníochas a d’fhéadfadh dul i ngéire mar fhreagra ar na cúinsí cruaite eacnamaíochtaí.
Is cinnte go ndéanfadh toghadh na ndaoine seo lánpháirtíocht is comhréimniú na bpobal eitneach éagsúil a chur chun cinn is go nglacfaí níos dáiríre leis an nguth inimirceach laistigh den chóras polaitíochta féin.
Toisc comhairleoirí inimirceacha bheith ag gníomhú i struchtúir riaracháin agus saol oifigiúil an Stáit, gheobhadh cuid dá gcomhthírigh taithí ar an saol sin.
Laghdófaí ar an deorantacht is an aduaine a bhíonn mar bhró mhuilinn anuas ar roinnt mhaith daoine nach de bhunadh na tíre seo iad agus gnó á dhéanamh acu le comhlachtaí is eagraíochtaí stáit. D’fheicfí gur ar a son a fheidhmíonn an Stát chomh maith is thabharfaí isteach ó na himill iad, níos giorra do lár na sochaí.
Sa chomhthéacs sin amháin, dá mhéad iarrthóir inimirceach a chuirfear in oifig is ea is fearr é.
Ní chuirfinn aon amhras i macántacht na bhfocal a labhair an Ceann Comhairle ach ní foláir nó gur go maith a thuigeann sé go bhfuil gníomh curtha i bhfeidhm ag a pháirtí, Fianna Fáil, le déanaí nach ndéanann aon rud chun lánpháirtíocht is leas inimirceach a chur ar aghaidh, ná geall leis.
Tugadh léargas dúinn ar thosaíochtaí an Rialtais sa réimse seo mí Nollag na bliana seo caite nuair a tháinig deireadh iomlán le maoiniú an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ar Chiníochas agus Idirchultúrachas (CCNCI), rud a d’fhág gur cuireadh an eagraíocht neamhspleách ar ceal.
Mar a thuigfí ón teideal féin, ba é aidhm an CCNCI tionscnaimh a fhorbairt a thabharfadh dúshlán an chiníochais is a chruthódh sochaí idirchultúrtha, uilechuimsitheach. D’fhéadfadh obair na heagraíochta aird a dhíriú ar pholasaithe lochtacha an Rialtais, faoi mar a tharla nuair a mhol an CCNCI go mba chóir do bhreithiúna cúrsa feasachta ar fhrithchiníochais a dhéanamh i 2003.
Ar ndóigh, ba iad ciorruithe caiteachais an bhuiséid ba chúis le díscaoileadh an CCNCI agus seans go raibh an gearradh siar seo faoi leith in aigne John O’Donoghue agus fáilte á fhearadh aige roimh iarrthóirí inimirceacha i dTeach Laighean in Aibreán. Ba eisean a chuir an CCNCI ar bun i 1998 agus é ina Aire Dlí agus Cirt.
Ní fheadar an aontódh an Ceann Comhairle leis an tuairim gur práinní i bhfad an gá le hobair frithchiníochais in aimsir chrua eacnamaíochta. Fiú dá n-aontódh, is cinnte nach bhfeicfeadh sé ach líomhain chiniciúil san argóint go mbíonn Airí Rialtais breá sásta an bonn a bhaint ó eagraíochtaí a dhéanann obair a d’fhéadfadh náire is míchlú a tharraingt orthu.
Níl i ndíscaoileadh an CCNCI, áfach, ach sampla amháin den bhail atá á tabhairt ag na húdaráis d’eachtrannaigh nuathagtha is dóibhsean nár tháinig fós. Tá laghdú ar líon na múinteoirí tacaíochta teanga, rud a chruthóidh constaic ar an mbóthar i dtreo na lánpháirtíochta.
Níos measa fós, tá inimircigh sa tír atá ag cur fúthu go mídhleathach toisc gur athraíodh a stádas gan aon phioc dá gcoir féin bheith leis. Ina ainneoin sin, níl an Rialtas sásta stádas dleathach a bhronnadh orthu.
Comhartha eile ar dhearcadh an Stáit ar inimircigh a bhí sa pholasaí a fógraíodh mí an Mhárta go mbeidh sé níos crua ar dhaoine nach ón Aontas Eorpach dóibh ceadanna fostaíochta a fháil ón Meitheamh. Beidh ar fhostóirí Éireannacha níos mó ama a chaitheamh ag lorg oibrithe ón Aontas sula mbeifear in ann poist a thairiscint do dhaoine lasmuigh de.
Agus John O’Donoghue ag caint ar na gníomhaíochtaí a bhféadann inimiricigh tabhairt fúthu chun lánpháirtíocht sa tsochaí a bhaint amach, d’fhéadfadh sé trácht ar an ról atá ag an Stát an lánpháirtíocht sin a éascu is a chur chun cinn.
Nó an bhfuiltear den tuairim nach mbíonn a leithéid de ról le comhlíonadh nuair nach mbíonn cistí an Stáit ag cur thar maoil?