Scéal Jimmy

A poem by Andy Ó Féinne, 17 bliana d’aois, Coláiste Chroí Mhuire Gan Smal, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Rugadh Jimmy i gceantar beag iargúlta,

Bhí camán ina lámh aige ar an bpointe

Chuile lá thíos ar an bpáirc,

Ag scórail cúl agus pointe.

Fuair sé níos sine agus níos airde

B’é Jimmy an t-imreoir ab fhearr,

Chuile chluiche sa líne lán tosaigh

Ag pocáil an liathróid thar an trasnán.

Anois ar fhoireann mionúir an chondae

Bhí stáitse mór amach roimhe.

Bhí Jimmy bocht fíor-neirbhíseach,

Ach is aige a bhí sárchluiche.

Foireann sinsir an chondae anois

Nach raibh Jimmy ar bís.

Bhí sé ag smaoineadh ar an lá seo,

Ó bhí sé cúig bliana d’aois.

Anois i mBaile Átha Cliath,

Mhothaigh Jimmy i ngéibheann.

Is Páirc an Chrócaigh lán go béal,

Bhuaigh sé Cluiche Ceannais na hÉireann.