Tomas, uachtaran

Tá Tomás Mac Ruairí ina uachtarán arís - an iarraidh seo is é uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é

Tá Tomás Mac Ruairí ina uachtarán arís - an iarraidh seo is é uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é. Toghadh ag cruinniú comhdhála Dé Céadaoin seo caite é. Is é comharba Chaitríona Ní Cheallaigh é.

Is iriseoir gairmiúil é Mac Ruairí agus tá fad saoil caite aige ag obair ar son na Gaeilge. Bhí sé ina uachtarán ag Conradh na Gaeilge idir 1998 agus 2003 agus ina bhall de Bhiúró na dTeangacha Neamhfhorleathana idir 1974 agus 1978.

I bpreasráiteas, thrácht sé ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus thug le fios go mbeadh ar lucht na Gaeilge leas a bhaint as seirbhísí Gaeilge a luaithe agus a chuirfí ar fáil iad:

"Ná bíodh sé le rá nach bhfuil aon éileamh ón bpobal ann. Níl an feachtas chun stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach réidh ach oiread.

READ MORE

"Caithfear a chinntiú go leanfaimid ag stocaireacht go tréan chun é a bhaint amach."