Tionól Samhraidh

Tá Comhairle Contae Phort Láirge ag eagrú Tionól an tSamhraidh idir an Aoine 9ú agus agus an Domhnach 11ú Iúil i mbliana…

Tá Comhairle Contae Phort Láirge ag eagrú Tionól an tSamhraidh idir an Aoine 9ú agus agus an Domhnach 11ú Iúil i mbliana.

Is é "Ag Tógaint an Tinnis den Duine Bheadh Tréith Leis - Amhránaíocht na nDéise" téama na bliana seo. Is i nDún Garbhán, Co Phort Láirge, a bheidh an tionól.

Beidh saineolaithe ceoil agus amhráin i láthair: labhróidh Lillis Ó Laoire ar " "Is mé go déanach i mBaile Sheáin": Ceangal na Gaeilge le "tréasmhráin" Thalamh an Éisc"; beidh Éamonn Ó Bróithe ag plé amhráin Eoghain Rua Uí Shúilleabháin agus Máirtín Mac Donnchadha ag caint ar amhráin as an Trá Bháin.

Lena chois sin, beidh ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine fásta agus do pháistí ar siúl. Eolas: 058-20884