Thall is abhus

Beidh comhdháil ar chúrsaí litríochta agus cultúr na Gaeilge ar siúl ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn…

Beidh comhdháil ar chúrsaí litríochta agus cultúr na Gaeilge ar siúl ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn. Beidh clárú don ócáid ag 2.30 p.m. Dé hAoine. Labhróidh an chéad aoichainteoir, Louis de Paor, file, ar "An tsídheoig is an scian dochtúra: Flann O'Brien agus seanlitríocht na Gaeilge" ag 3 p.m.

Ar na cainteanna eile Dé hAoine, tabharfaidh Róisín Ní Ghairbhí, criticeoir, léargas ar "Friotal na féiniúlachta Éireannaí i dtéatar na tíre seo" ag 4 p.m. agus beidh Breandán Ó Madagáin, Lillis Ó Laoire, John Shaw agus Nioclás Ó Cearbhalláin páirteach i siompóisiam ar "An amhránaíocht thraidisiúnta: súil siar, súil romhainn" ag 5.30 p.m.

Beidh mochéirí ann maidin Dé Sathairn agus na léachtaí ag tosú ag 10 a.m. Ar na cainteanna an lá sin, beidh Fionntán de Brún, léachtóir agus údar, ag caint ar "Seosamh Mac Grianna: an Ghaeltacht agus dúshlán an 20ú haois" ag 3 p.m. Is é Daithí Ó hÓgáin aoichainteoir an lae. Ag 3.30 p.m. a labhróidh sé ar "An dall glic agus an éigse - léargas agus léann". Eolas: 091-750418

Beirt láithreoirí, beirt aisteoirí agus seacht gclár de chuid TG4 atá ar an ghearrliosta do Ghradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann, scéim aitheanta gradam thionscal na teilifíse Éireannaí.

READ MORE

Hector Ó hEochagáin agus Páidí Ó Lionáird atá san iomaíocht do Phearsa na Bliana agus tá beirt aisteoirí ó Ros na Rún, Peadar Cox agus Joan Sheehy, ainmnithe i gcatagóir Aisteoir/Ban-aisteoir is Fearr i nDráma Teilifíse.

Tá cláir de chuid an stáisiúin ainmnithe i rannóga na gclár faisnéise, gearrscannán, saolchlár, clár Gaeilge agus cúrsaí spóirt, ina measc, Laochra Gael, Amú Amigos - Amazon; Oileán Thoraí, An Charraig Stoite agus Éireville.

Dúirt Ceannasaí an stáisiúin, Pól Ó Gallchóir, go bhfuair siad "duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta gach bliain ó chuaigh muid i mbun craolta den chéad uair. Ach léiríonn líon agus raon na gclár agus na bpearsan seo ó TG4 atá ar ghearrliosta GSTÉ go bhfuilimid tagtha i mbláth agus in aibíocht, gan fuinneamh ná faobhar na súile eile a chailliúint".

Tá Barrscéalta ar RnaG ag reáchtáil comórtais le teacht ar sheanfhocail nua-aimseartha. Is é Cathal Ó Searcaigh, file, an moltóir. Cuirfidh sé fáilte roimh nathanna a chuireann "brí agus beatha" i seanfhocail nó cinn nuachumtha. Mar shampla den rud atá i gceist aige, tá "Athraíonn fear críonna aigne, fanann an t-amadán ar aon aigne" nó "Is bocht an Teachta Dála nach mbíonn teacht air i mbialann mhaith."

Tá duaischiste €350 le baint agus bronnfar €200 mar chéad duais ar an chnuasach trí nath is fearr. Is féidir nathanna a sheoladh go Barrscéalta, Raidió na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Co Dhún na nGall nó barrscealta@rte.ie